Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Daniel 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Ata ard‐úaċtarán ar na ṡaṁluġaḋ ré craóiḃ ḟairsinne, a naisling Nebuċadnessar.

1 Nebuċadnessar an ríġ ċum a nuile ṗobal, cineaḋaċa, agus teangṫa, áitreaḃus air an ttalaṁ uile; Go méaduiġṫear síoṫċáin díḃ.

2 Do ṁeas mé gur maiṫ ré ṫaisbeanaḋ na coṁarṫaḋa agus na hionganta dfoillsuiġaḋ doibriġ an taird Ḋía leaṫ riemsa.

3 Cread méad a ċoṁarṫaḋa! agus créad cuṁaċduiġ a iongantaḋ! is rioġaċt ṡíorruiḋe a rioġaċt, agus atá a ṫiġearnus ó ġinealaċ go ginealaċ.

4 ¶ Do ḃí misi Nebuċadnessar a suáiṁneas ann mo ṫiġ, agus ag oirḋeareaḋ ann mo ṗálás:

5 Do ċonnairc mé aisling do ċuir eagla orum, agus do ḃúaiḋir smuáintiġṫe air mo leabuiḋ mé agus fise mo ċinn.

6 Uimesin do rinne mé órduġaḋ daóine glioca na Babilóine uile do ṫaḃairt a steaċ dom laṫair, ċor go ttiuḃraidís ḋaṁ fios céille na haislinge.

7 Annsin ṫangadar na draóiṫe, na hastroluiġe, na Caldeánuiġ, agus na fáisdiníġ a steaċ: agus dinnis mé a naisling da laṫair; aċt níor ḟoillsiġiodar ḋaṁ a cíall.

8 ¶ Aċt fa ḋeireaḋ ṫáinic Dániel a steaċ dom laṫair, (dar bainm Beltesassar, do réir anma mo ḋe, agus iona ḃfuil spiorad na ndée náoṁṫa:) agus dinnis mé a naisling da laṫair, ag ráḋ,

9 O a Ḃeltesassar a ṁaiġistir na ndrúaġ, do ḃríġ go ḃfuil a ḟios agam spiorad na ndée náoṁṫa do ḃeiṫ ionnad, agus naċ buáiḋreann secréid ar bioṫ ṫú, innis daṁsa fise maislinge do ċonnairc mé, agus a cíall.

10 Marso do ḃádar fise mo ċinn ar mo leabuiḋ; do ċonnairc mé, agus féuċ crann a lár na talṁan, agus buḋ mór a áirde.

11 Dfás an crann, agus do ḃí sé láidir, agus ráinic a áirde go neaṁ, agus a raḋarc go foirċeann na talṁan uile.

12 Do buḋ breáġa a ḋuille, agus buḋ iomḋa a ṫoraḋ, agus do ḃí biaḋ ann do niomlán: do ḃí scáile ag beaṫaċaiḃ an ṁaċaire faói, agus dáitreaḃadar éunlaiṫ neiṁe iona ġéagaiḃ, agus do ḃeaṫuiġeaḋ a nuile ḟeóil de.

13 Do ċonnairc mé a ḃfisiḃ mo ċinn air mo leabuiḋ, agus, féuċ, ṫáinic fear faire agus áon náoṁṫa a núas ó neaṁ;

14 Dfúagair seision go hárd, agus a duḃairt marso, Gearruiḋ síos an crann, agus gearruiḋ a ḃeangáin de, croiṫiḋ a ḋuille ḋe, agus díoscaóiliḋ a ṫoraḋ: imṫiġdis na beaṫuiġe ó ḃeiṫ faói, agus a néunlaiṫ ó na ḃeangánuiḃ.

15 Ṫairis sin fagḃuiḋ bun a ḟréiṁe annsa talaṁ, eaḋon lé cuiḃreaċ íaruinn agus práis, a ḃféur mín an ṁaġa; agus fliuċṫar é lé drúċt neiṁe, agus bíoḋ a ċuid ronna maille ris na beaṫuiġiḃ a ḃféur na talṁan.

16 Aṫruiġṫear a ċroiḋe gan ḃeiṫ na ċroiḋe duine, agus tugṫar croiḋe beaṫuiġ ḋó; agus tigdís seaċd naimsiora ṫairis.

17 Is lé hórduġaḋ na ḃfear faire atá an ċúis si, agus an tíarratus lé bréiṫir na náon náoṁṫa: ċor go mbí a ḟios aig an mbeó go ríaġluiġionn an té is ro Airde a rioġaċt na ndaóine, agus go ttaḃair í don té is áill leis, agus go ccuirionn súas ós a cionn an té is uirísle do na daóiniḃ.

18 Do ċonnairc misi Nebuċadnessar ríġ a naislingse. Anois ṫusa, a Ḃeltesassar, foillsiġ a cíall, mar naċ ḃfeaduid uile ḋaóine glioca mo rioġaċda a cíall dfoillsiuġaḋ: aċt féaduiġ tusa é; óir atá spiorad na ndée náoṁṫa ionnad.

19 ¶ Ann sin do ḃí Dániel, (dar bainm Beltesassar,) ar na ċrioṫnuġaḋ ar feaḋ uáire, agus do ḃuáiḋriodar a smuáintiġṫe é. Do laḃair an ríġ, agus a duḃairt, A Ḃeltesassar, na buáiḋreaḋ a naisling, nó a cíall ṫú. Do ḟreagair Belltesassar, agus a duḃairt, A ṫiġearna, bíoḋ a naisling don druing ḟúaṫuiġios ṫú, agus a cíall dot naiṁdiḃ.

20 An crann do ċonnairc tú, noċ dfas, agus do ḃí láidir, a ráinic a áirde go neaṁ, agus a raḋarc don talaṁ uile;

21 Agá raiḃ a ḋuille breáġa, agus a ṫoraḋ iomadaṁuil, agus do ḃí na ḃíaḋ do nuile; faoi ar ċoṁnuiġeadar beaṫuiġe an ṁaġa, agus air a ġéagaiḃ a raiḃ áitreaḃ aig éunlaiṫ neiṁe:

22 Is tusa é, a ríġ, dfás agus ṫáinic ċum ḃeiṫ láidir: óir dfás do ṁéid, agus ráinic go neaṁ, agus do ṫiġearnas go críċ na talṁan.

23 Agus an tionad a ḃfaca an ríġ forḟaireaċ agus áon náoṁṫa ag teaċd a núas ó neaṁ, agus ġá ráḋ, Gearruiḋ síos an crann, agus scriosuiḋ é; ṫairis sin fágḃuiḋ bun na ḃfréaṁ annsa talaṁ, éaḋon lé cuiḃreaċ íarruinn agus práis, a ḃféur ṁín an ṁaġa; agus fliuċṫar é lé drúċt neiṁe, agus bíoḋ a ċuid ronna maille re beaṫuiġiḃ an ṁaċaire, go ndeaċuid seaċd naimsiora ṫairis;

24 Isí so an ċíall, a ríġ, agus isé so órduġaḋ an tí is ro Airde, noċ ṫáinic air mo ṫiġearna an ríġ:

25 Go ndíbeóruid ṫusa ó ḋaóiniḃ, agus go mbiáiḋ do ċoṁnuiḋe a bfoċair ḃeaṫaċ na talṁan, agus do ḃeirid ort féur diṫe mar ḋaiṁ, agus fliucfuid ṫú ré drúċt neiṁe, agus raċfuid seaċt naimsiora ṫort, nó go naiṫniġiḋ tú gur bé an té is ro Airde ríaġlas a rioġaċt na ndaóine, agus do ḃeir í don té is áill leis.

26 Agus an tionad ar áiṫniġiodar bun ḟréaṁ an ċrainn dfágḃáil; biáiḋ do rioġaċd daingion agadsa, tar éis ṫú ḋá aiṫniuġaḋ go riaġluid na neaṁa.

27 Ar a naḋḃarsin, a ríġ, gaḃ mo ċoṁairlesi, agus bris díot do ṗeacuiḋe lé fíréuntas, agus héigceart lé foillsiuġaḋ trócaire do na boċdaiḃ; más faduġaḋ ar do ṡíoṫċáin é.

28 ¶ Ṫáinic so uile air an ríġ Nebuċadnessar.

29 A ccionn dá ṁíos déag do ḃí sé ag spaisdeóireaċd a bpáláis rioġaċda na Babilóine.

30 Do laḃair an ríġ, agus a duḃairt sé, Naċ í so an Ḃabilóin ṁór dfoirgniḋ misi mar ṫiġ na rioġaċda re neart mo ċuṁaċt, agus donóir dom ṁórḋaċd féin?

31 An feaḋ do ḃí an focal a mbéul an ríġ, do ṫuit guṫ ó neaṁ, ag ráḋ, A ríġ Nebuċadnessar, is riotsa laḃarṫar; Do ḋealuiġ an rioġaċd riot.

32 Agus díbeoruid síad ó ḋaoiniḃ ṫú, agus biáiḋ háitreaḃ a ḃfoċair ḃeaṫaċ an ṁaċaire: do ḃéuruid ort féur diṫe aṁuil daiṁ, agus raċuid seaċd naimsiora ṫort, nó go raiḃ a ḟios agad gur bé an té is ro Airde ríaġlus a rioġaċd na ndaóine, agus go ttugann í don té da ttogrann féin.

33 Air a nuáirsin féin do coiṁlíonaḋ an ní air Nebuċadnessar: agus do díoṫcuireaḋ ó ḋaóiniḃ é, agus a duáiġ sé féur aṁuil daiṁ, agus do ḃí a ċorp fliuċ lé drúċt neiṁe, nó gur ḟás a ġrúag aṁuil cleiteaċ iolair, agus a ingne aṁuil crobuiḃ éun.

34 Agus a ccionn na láeṫeaḋsin misi Nebuċadnessar do ṫóig mé súas mo ṡúile ċum neiṁe, agus dfill mo ṫuigsi ċugam, agus do ḃeannuiḋ mé an té is ro Airde, agus do ṁol mé agus donóruiġios an té ṁairios go bráṫ, noċ ar tiġearnus síorruiġe a ṫiġearnus, agus agá ḃfuil a rioġaċd ó ġinealaċ go ginealaċ:

35 Agus meastar uile áitreaḃṫuiġ na talṁan aṁuil neiṁní: agus do ní seision do réir a ṫola féin ar ṡlúaġ neiṁe, agus a measc áitreaḃṫaċ na talṁan: agus ní ḟéadann duine ar bioṫ a láṁ do ċosg, nó a ráḋ ris, Cred do ní tú?

36 Annsa namsin féin dfill mo ċíall ċugam; agus air son ġlóire mo rioġaċda, dfill monóir agus mo ḋéalraḋ ċugam; agus díarradar mo ċoṁairliġ agus mo ṫiġearnaḋa mé; agus do ḋaingniġeaḋ ann mo rioġaċd mé, agus tugaḋ tuilleaṁ mórḋaċd oirḋearca ḋaṁ.

37 Anois misi Nebuċadnessar moluim agus árduiġim agus onóruiġim Ríġ neiṁe, ar fírinne a oibreaċa uile, agus gur breiṫeaṁnus a ṡliġṫe: agus an drong ṡiuḃluiġios a núaḃar féuduiġ sé a nísliuġaḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan