Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Daniel 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II. Aisling Nebuċadnessar um na cceiṫrear monarcaḋaiḃ, ar na ccur ar ccúl leis an cúigeaḋ.

1 Agus annsa dara ḃlíaḋain do rioġaċd Nebuċadnessar do ċonnairc Nebuċadnessar aislingṫe, ler buáiḋreaḋ a spiorad, agus dimṫiġ a ċodlaḋ náḋ.

2 Ann sin dfúagir an ríġ na draóiṫe do ġairm, agus na hastroluiġṫe, agus na fáistiniġ, agus na Caldeánuiġ, ċum a aislingeaḋ do ṫaisbeanaḋ don ríġ. Annsin ṫangadar agus do ṡeasadar a bfiaġnuisi an ríġ.

3 Agus a duḃairt an ríġ ríu, Do ċonnairc mé aisling, agus do ḃí mo spíorad buáiḋearṫa dfaġáil feasa na haislinge.

4 Annsin do laḃair na Caldeánuiġ ris an ríġ a Síriac, A ríġ, mair go bráṫ; innis dot ṡeirḃiseaċuiḃ a naisling, agus foillseoċaimne an ċíall duit.

5 Do ḟreagair an ríġ, agus a duḃairt sé ris na Caldeánaċaiḃ, Dimṫiġ an ní uáimsi: muna ttuġṫaóise fios na haislinge ḋuṁsa, maille re na ċeill, gearrfuiġear a bpiosuiḃ siḃ, agus do ḋéantar cárn aóiliġ dá ḃur ttiġṫiḃ.

6 Aċt má ṫaisbeantaói a naisling, agus a cíall, do ġeaḃṫaói bronta náimsi agus luaiġeaċda agus onóir ṁór: nimesin foillsiġiḋ a naisling ḋaṁ, agus a ċíall.

7 Do ḟreagradar a ris agus a duḃradar, Inniseaḋ an ríġ da ṡeirḃíseaċaiḃ a naisling, agus taisbeanfuim a ċíall dó.

8 Do ḟreagair an ríġ agus a duḃairt, Atá a ḟios agam go deiṁin go mbéara siḃ a naimsir liḃ, do ḃríġ go ḃfaicṫi go ndeaċaiḋ an ni uáimsi.

9 Aċt muna ttugṫaói fios na haislinge ḋaṁsa, ní ḃfuil aċt aoinḃreaṫ a ṁáin oruiḃ: óir dullmuiġeaḃair bréaga agus bríaṫra salċa da laḃairt dom laṫairsi, no go náṫruiġṫear a naimsir: uimesin innisiḋ ḋaṁsa a naisling, agus aiṫeonuiḋ mé gur feidir liḃ a ċiall do ṫaisbeanaḋ ḋaṁ.

10 ¶ Do ḟreagradar na Caldeánuiġ a laṫair an ríġ, agus a duḃradar, Ní ḃfuil duine air an ttalaṁ ḟéadas cúis an ríġ dfoillsiuġaḋ: uimesin ní ḃfuil ríġ, no tiġearna, ná úaċtarán, íarrus a leiṫéid sin do ní ar ḋraói, nó air astroluiġe, nó ar Ċaldeánaċ.

11 Agus is ní annaṁ íarrus an ríġ, agus ní ḃfuil áon ar bioṫ oile ḟéadas a ḟoillsiuġaḋ a laṫair an ríġ, aċt na deé, noċ naċ déan a ccoṁnuiḋe a ḃfeóil.

12 Ar son na cúisisi do ḃi an ríġ feargaċ agus ro ḟíoċṁar, agus dfúagair sé duoine críonna na Babilóine uile do scrios.

13 Agus do ċuáiḋ a náiṫne amaċ go muirfiḋe na daóine críonna; agus ḋíarradar Dániel agus a ċompanuiġ ré a marḃaḋ.

14 ¶ Annsin do ḟreagair Dániel maille ré coṁairle agus re heagna do Arioċ caiptín an ríġ ġárda an ríġ, noċ do ċuáiḋ amaċ do ṁarḃaḋ ḋaóine glioca na Babilóine.

15 Do ḟreagair sé agus a duḃairt re Arioċ caiptín an ríġ, Cred fa ḃfuil an fúagra coiṁḋeiṫniosaċsin on ríġ? Annsin dfoillsiġ Arioċ an ċúis do Ḋániel.

16 Agus do ċuáiḋ Dániel a steaċ, agus diarr air an ríġ aimsir do ṫaḃairt do féin, agus go ninneosaḋ sé don ríġ cíall na haislingṫe.

17 Annsin do ċuáiḋ Dániel ḋa ṫiġ, agus dinnis an ni do Hananiah, Misael, agus Asariah, a ċompánuiġ:

18 Go níarradaois grása ar Ḋía neiṁe a ttáoḃ na secréidesi; ċor naċ báiseoċaiḋ Dániel, nó a ċompánuiġ maille ris an ccuid oile do ḋaóiniḃ ġoca na Babilóine.

19 Annsin do foillsiġeaḋ an tseicréid do Ḋániel a ḃfis oiḋċe. Annsin do ḃeannuiġ Dániel Día neiṁe.

20 Do ḟreagair Dániel agus a duḃairt, Go maḋ beannuiġṫe ḃías ainm Dé go sáoġal na sáoġal: óir is aige atá eagna agus cuṁaċd:

21 Agus áṫruiġiḋ sé na haimseara agus na huáine: áṫruiġiḋ sé ríġṫe, agus cuiriḋ sé ríġṫe súas: do ḃeir sé eagna do na daóiniḃ glioca, agus eólus don ṁéid aiṫniġios tuigsi:

22 Foillsiġiḋ sé na neiṫe doiṁno agus seicréideaċa: atá fios an ní ḃios san dorċadus aige, agus coṁnuiġiḋ an solus iona ḟeċair.

23 Buiḋeaċus uáim ḋuit, agus moluim ṫú, a Ḋé maiṫreaḋ, noċ ṫug eagna agus cuṁaċda ḋaṁ, agus dfoillsiġ ḋaṁ anois an ní diarramar ort: óir anois dfoillsiġ tú ḋúinn cúis an ríġ.

24 ¶ Uimesin do ċuáiḋ Dániel a steaċ a ccionn Arioċ, noċ dórduiġ an ríġ ċum daóine glioca na Babilóine do scrios: do ċuáiḋ sé agus a duḃairt ris marso; Ná marḃ daóine glioca ná Babilóine: beir misi a steaċ a laṫair an ríġ, agus foillseoċa mé don ríġ an ċiall.

25 Annsin rug Arioċ Dániel a ḃfíaġnuise an ríġ maille ré deiṫnios, agus a duḃairt ris marso, Fuáir me duine do ḃraiġdiḃ Iúdah, inneosas don ríġ an ċiall.

26 Do ḟreagair an ríġ agus a duḃairt ré Dániel, dar ḃainm Beltesassar, An ḃféadann tusa a naisling noċ do ċónnairc mé, agus a cíall dfoillsiuġaḋ ḋaṁsa?

27 Do ḟreagair Dániel a ḃfiaġnuise an ríġ, agus a duḃairt, An tseicréid noċ dfiafruiġ an ríġ ní ḟéaduid na draóiṫe, na daóine glioca, na hastroluiġṫe, agus na fáisdiniġ, a hinnisin don ríġ:

28 Aċt ata Día ar neaṁ ḟoillsiġeas secréide, agus do ḃeir a ḟios do Nebuċadnessar an ríġ cred ḃías annsna láeṫiḃ deiġionaċa. Isíad so haislingṫe, agus fise do ċinn air do leabuiḋ;

29 Ar do ṡonsa, a ríġ, ṫangadar do smuaintiġṫeann hinntinn air doleabuiḋ, cred do ṫiucfaḋ a ccríċ na ḋiaiġso: agus an té ḟoillsiġios na secréide do ṫaisbéin sé ḋuitsi cred ṫiucfas ann.

30 Aċt ar mo ṡonsa, ní ḋaṁsa do foillisiġeaḋ an tseicréidsi ar son gliocuis ar biṫ dá raiḃ ionnam ní is mó ná áonduine béo, aċt air son na druinge ḟoillseoċus an ċiall don ríġ, agus ċor go mbía fios smuáineaḋ do ċroiḋe féin agadsa.

31 ¶ Do ċonnaire tusa, a ríġ, agus feaċ íoṁaiġ ṁóir. Do ṡeas a nioṁáiġ ṁorso, noċ ar ḃoirḋeirc a dealraḋ, as do ċoinne; agus dob imeaglaċ a dealḃ.

32 Do buḋ dór ḟíre ceann na híoṁáiġe, a huċt agus a ruiġṫe dairgiod, a bolg agus a leasraċa do ṗrás,

33 A cosa díarann, a troiġṫe cuid na níarann agus cuid na ccríaiḋ.

34 Dféuċ tú no gur gearraḋ cloċ amaċ gan láṁa, noċ ler buáileaḋ a níoṁáiġ air a cosaiḃ do ḃí díarann agus do ċriáiḋ, agus do ḃris na mbloḋuiḃ íad.

35 Annsin do briseaḋ an tíarann, an ċré, an prás, an tairgiod, agus an tór, na ccodċuiḃ a naóinḟeaċd, agus do rínneaḋ ḋoíḃ aṁuil cáiṫ urláir ḃuáilte san saṁraḋ; agus rug an ġáoṫ lé íad, go naċ fríṫ áit ar bioṫ ḋóiḃ: agus do rinneaḋ slíaḃ mór don ċloiċ do ḃuáil a níoṁáiġ, agus do líon sé an talaṁ uile.

36 Así so a naisling; agus inneosam a cíall a laṫair an ríġ.

37 Ṫusa, a ríġ, atair ad ríġ ós ríoġuiḃ: óir ṫug Día neiṁe ḋuit rioġaċt, cuṁaċt, agus neart, agus glóir.

38 Agus gioḋ bé áit a naitriġid clann na ndaóine, beaṫuiġ na talṁán agus éunláiṫ neiṁe ṫug sé ad láiṁsi íad, agus do rinne sé úaċdarán díot os a ccionn uile. Is tú an ceann óirsi.

39 Agus ad ḋiaiġsi éireoċuiḋ rioġaċd oile is luġa na ṫusa, agus an treas rioġaċd oile do ṗrás, noċ ḃéarus úaċdaranaċd ós cionn na talṁan uile.

40 Agus biáiḋ an ceaṫraṁaḋ rioġaċt láidir aṁuil íarann: óir brisiḋ an tíarann agus claóiḋiḋ a nuile ní: agus aṁuil ḃrisios an tíarann íad so uile, brisfiḋ fós agus brúiḋfiḋ é.

41 Agus aṁuil do ċonnairc tú na cosa agus na méir, cuid do ċriáiḋ an ṗotadóra, agus cuid díarann, roinnfiġior an rioġaċd; aċd biáiḋ inte do neart a níaruinn, an tionad iona ḃfaca tú an tíarann camaisce lé criáiḋ ṡuáite.

42 Agus mar do ḃádar méir na ccos cuid díarann, agus cuid do ċriáiḋ, marsin ḃías an rioġaċd biáiḋ cuid ḋi láidir, agus cuid briste.

43 Agus an tionad a ḃfaca tú an tíarann cumaiscṫe lé criaiḋ láibe, cumaiscfid síad íad féin lé slioċd daóine: naċ greamaċuiḋ aon díoḃ ḋá ċéile, aṁuil naċ greamoċuiḋ íarann cumaisce lé criáiḋ.

44 Agus a láeṫiḃ na ríoġ so cuirfiḋ Día neiṁe rioġaċd súas, naċ scriosfuiġear go bráṫ: agus ní fúigfiġear an rioġaċd ag daóiniḃ oile, aċd brisfiḋ sí iona codċuiḃ agus díbeoruiḋ na rioġaċda uile, agus seasfuiḋ sí go braṫ.

45 An tionad a ḃfaca tú gur gearraḋ cloċ as a tslíaḃ amaċ gan láṁa, agus gur ḃris sí an tíarann ambloḋuiḃ, an prás, an ċré, an tairgiod, agus an tór; do rad an Día mór a ḟios don ríġ cred ṫiucfas a ccríċ na ḋiaiġso: agus atá a naisling dearḃṫa, agus a cíall daingion.

46 ¶ Annsin do ṫuit an ríġ Nebuċadnessar air a aġaiḃ, agus duṁluiġ sé do Ḋániel, agus daiṫin sé go nofralaidís íoḋbairt, agus bolaḋ cuṁra dó.

47 Do ḟregair an ríġ do Ḋániel, agus a duḃairt, Is dearḃ, gur Día na ndée ḃur Ndíasa, agus Tiġearna ar ríoġuiḃ, agus foillsiṫeaċ secréideaḋ, ó dfeud tusa an tseicréidse dfoillsiuġaḋ.

48 Annsin do rinne an ríġ duine mór do Ḋániel, agus ṫug sé iomad tioḋlaiceaḋ ḋó, agus do rinne sé úaċdarán de ós cionn uile ṗroḃinnse na Babilóine, agus úaċdarán ós cionn uile ḋaóine glioca na Babilóine.

49 Annsin díarr Dániel air an ríġ, agus do ċuir sé Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego, ós cionn ġnoṫuiġeaḋ ṗroiḃinnse na Bábilóine: aċt do ṡuiġ Dániel a ngeata an ríġ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan