Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Daniel 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XII. Sáoraiḋ Miċael Israel ó na uile ṫeinn.

1 Agus annsa namsin seasfuiḋ Miċael súas, an prionnsa mór ṡeasas air son ċloinne do ṗobailsi: agus biáiḋ am buáiḋearṫa ann, a leiṫéid naċ raiḃ a ríaṁ eaḋon go nuige an tamsin: agus annsa namsin sáorfuiġear do ṗobalsa, a nuile ḋuine dá ḃfuiġṫear scrioḃṫa annsa leaḃar.

2 Agus múisceoluiḋ mórán don druing ċodlas a lúaiṫreaḋ na talṁan, cuid ċum beaṫa síorruiḋe, agus cuid ċum náire agus tarcuisne síorruiḋe.

3 Agus déallroċuid an drong ṫeagasgas aṁuil loinnir na spéire; agus an drong iompoiġios mórán ċum fíréantaċda aṁuil na réulta go sáoġal na sáoġal.

4 Aċt ṫusa, a Ḋániel, iáiḋ súas na bríaṫra, agus séuluiḋ an leaḃar, eaḋon go ham an deiriġ: rioṫfuid mórán síos agus súas, agus méideoċuid an téolus.

5 ¶ Ann sin daṁairc misi Dániel, agus, féuċ, do ṡeasadar días oile, áon don taóiḃse do ḃrúaċ na haḃann, agus áon oile don táoiḃ úd do ḃrúaċ na haḃann.

6 Agus a duḃairt áon ris an ḃfear a néadaċ lín, noċ do ḃí air uisceaḋuiḃ na haḃann, Gá fad ḃíos go críċ na niongnaḋsa?

7 Agus do ċúala misi an fear ar na éaduġaḋ le lion, noċ do ḃí air uisgeaḋuiḃ na haḃann, a núair do ċonnaiṁ sé suas a láṁ dbeas agus a láṁ ċlé go neaṁ, agus ṫug a ṁionna san té ṁairios go bráṫ go mbiáiḋ sé go haimsir, go haimsearuiḃ, agus go leaṫ aimsire; agus a nuáir ċríoċnoċus sé scaóileaḋ cuṁaċt na náoṁ, go ccríoċnoċar na neiṫesi uile?

8 Agus do ċúala mé, aċt níor ṫuig mé: annsin a duḃairt mé, A Ṫiġearna, cred ḃías do ċríċ na ccúiseann so?

9 Agus a duḃairt seision, Imṫiġ roṁad, a Ḋániel: óir atáid na bríaṫra séuluiġṫe súas, agus druite nó go ttí am na críċe.

10 Glanfuiġear mórán, agus do ḋéantar geal, agus deirḃeoċṫar íad; aċt do ḋéanuid na droċḋaoine go holc: agus ní ṫuicfid áon do na ciontaċaiḃ; aċt tuicfid na heagnuiḋe.

11 Agus ó nuáir a ccuirfiġear a níoḋbuirt laéṫeaṁuil ar ccúl, agus an ġráineaṁlaċd do ní fásaċ ar na cur súas, biáiḋ míle ḋá ċéad agus nóċad lá.

12 Is beannuiġ an té ḟeiṫios, agus ṫig gus an míle, trí ċéad tríoċad agus a cúig la.

13 Aċt air do ṡonsa imṫiġ roṁad nó go raiḃ an deireaḋ: óir suáiṁneoċa tú, agus seasfa tú annsa ċrannċair go deireaḋ na láeṫeaḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan