Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Daniel 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I. Oileaṁan ṗrionnsaṁla Ḋaniel a Ṁabílón.

1 Ann sa treas bliaḋain do rioġaċt Iehoiacim ríġ Iúdah ṫáinic Nebuċadnessar ríġ na Babilóine go Hierusalem, agus do ċuir campa iona timċioll.

2 Agus ṫug an Tiġearna Iehoiacim ríġ Iudah iona láiṁ, maille le cuid do ṡoiṫiġiḃ ṫiġe Dé: noċ rug sé go tír Ṡinár go tiġ a ḋé féin; agus rug sé na soiġṫiġe go tiġ ionnṁuis a ḋé.

3 Agus do laḃair an ríġ re Aspenas maiġistir a ċailteánaċ, ċor go ttugaḋ sé leis cuid do ċlainn Israel, agus do ṡlioċd an riġ, agus do na prionnsaḋuiḃ;

4 Clann ann naċ raiḃ aineaṁ ar bioṫ, aċt íad sgíaṁaċ, agus glic ann sa nuile eagna, agus géarċúiseaċ san nuile éolus, agus ealaḋuin ṫuigsionuiġ, agus drong agá raiḃ cumas ionta ċum seasta a bpálás an riġ, agus da múinfedís foġluim agus teanga na Ccaldeánaċ.

5 Agus dórduiġ an ríġ ḋóiḃ beaṫa láeṫeaṁuil do ḃiaḋ an ríġ, agus do nfíon dar iḃ sé: mar sin agá noileaṁuin trí blíaḋna, go maḋ féidir leó a ccionn na haimsire sin seasaṁ a laṫair an ríġ.

6 Anois do ḃí iona measg so do ċloinn Iúdah, Daniel, Hananiah, Misael, agus Asariah:

7 Dá ttug prionnsa na ccailteanaċ anmanna: óir ṫug sé ar Ḋániel Beltesassar; agus air Hananiah, Sadráċ; agus air Ṁisael, Mesaċ; agus air Asaríah, Abednego.

8 ¶ Aċt do ṫríall Dániel iona ċroiḋe naċ saileoċaḋ sé é féin lé cuid bíḋ an ríġ, nó leis an ḃfíon do iḃeaḋ sé: uimesin diarr sé ar ṗrionnsa na ccailteanaċ naċ salċaḋ sé é féin.

9 Anois ṫug Día Dániel a ḃfáḃar agus a ngráḋ ḋúṫraċdaċ ṗrionnsa na ccailteanaċ.

10 Agus a duḃairt prionnsá na ccailteanaċ ré Dániel, Is eagal liom an tiġearna mo ríġ, noċ dorduiġ ḃur mbiaḋ agus ḃur ndeoċ: óir cred as a ḃfaicfeaḋ sé ḃur naiġṫesi ní sa measa a ccruṫ ná an ċlann noċ atá dá ḃur sórt? annsin cuirfiġe misi a nguáis mo ċinn ag an ríġ.

11 Annsin a duḃairt Dániel re Melsar, noċ do ċuir prionnsa na ccailteanaċ ós cionn Ḋániel, Hananiah, Misael, agus Asariah,

12 Dearḃ do ṡeirḃisiġ, íarruim daṫċuinge ort, ar feaḋ ḋeiċ lá; agus tugaidís doiḃ piseanaċ re iṫe, agus uisge ré ól.

13 Annsin féuċṫar air ar ngnúisiḃ dot laṫairsi, agus ar ġnúisiḃ na cloinne iṫios do ċuid ronna biḋ an riġ: agus aṁuil do ċifios tú, déana re do ṡeirḃíseaċaiḃ.

14 Marsin dáontuiġ sé ris annsa ċuissi, agus do indearḃ sé íad ar feaḋ ḋeiċ lá.

15 Agus a ccionn ḋeiċ lá do ċonncas a ngnúise ní is breáġḋa agus ní is reiṁe a ḃfeóil ná an ċlann uile noċ a duáiġ do ċuid ronna bíḋ an ríġ.

16 Marso do rug Melsar leis cuid ronna a mbíḋ, agus a nfíon do iḃedís; agus ṫug se piseanaċ ḋóiḃ.

17 ¶ Ar son an ċeaṫrair leanaḃ so, ṫug Día éolus agus ġocus dóiḃ annsa nuile ḟóġluim agus eagna: agus do ḃí tuigsi ag Dániel annsna huile fiosiḃ agus aislingiḃ.

18 Anois a ccionn na láeṫeaḋ a nduḃairt an ríġ go ttiuḃraḋ sé a steaċ íad, annsin ṫug prionnsa na ccailteanaċ a steaċ íad a laṫair Nebuċadnessar.

19 Agus do coṁráiḋ an ríġ ríu; agus níorfriṫ áon iona measg uile cosṁuil ré Dániel, Hananiah, Misael, agus re Hasariah: uimesin do ṡeasadar a laṫair an ríġ.

20 Agus fuáir an ríġ íad ní buḋ féarr deiċ nuáire náid na draóiṫe agus na hastroluiġṫe úile da raiḃ ann a rioġaċdaiḃ uile, annsna huile ċúisiḃ eagna agus tuicsiona, dar ḟíafruiġ sé ḋíoḃ.

21 Agus dó ċoṁnuiḋ Dániel gus an ċéidḃliaḋuin do rioġaċd an ríġ Cirus.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan