Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ccolossianaċ 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV Día do ġuiḋe arson na minisdreaḋ; agus siúḃal go haiṫreaċ fa ċóṁair na míċreidṁeaċa.

1 A Ṁaiġisdriġe, déunuiḋ coir agus coṁṫrom ré ḃur searḃḟoġantuiġiḃ; ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ go ḃfuil Maiġisdir aguiḃ féin mar an gcéudna ar neaṁ.

2 Bíġiḋ búan a núrnuiġe, ag faire innte maille ré breiṫ ḃuiḋeaċais;

3 Ag úrnuiġṫe mar an gcéudna air ar soinne, ċum Dé dfosglaḋ ḋoruis na húrlaḃra ḋúinn, as go laiḃeóramis rúindíaṁair Ċríosd, tré a ḃfuilim fós a gcuiḃriġṫiḃ:

4 As go ḃfoillséoċuinn í, aṁuil as coir ḋaṁ láḃairt.

5 Siúḃluiḋ go héagnuiḋe a dtáoḃ na druinge atá a muíṫ, ar mbeiṫ ḋíḃ ag fúasglaḋ na haimsire.

6 Bíoḋ ḃur gcoṁráḋ do ġnáṫ grásaṁuil, ar na ṫumaḋ a salann, ionnas go mbíaḋ a ḟios aguiḃ cionnas as coir ḋíḃ gaċ áon do ḟreagra.

7 Foillséoċuiḋ Tiċicus, dearḃráṫair gráḋaċ agus minisdir díleas, agus cóṁṡearḃḟoġantúiḋe sa Dtíġearna, mo ċórsa uile ḋíḃ:

8 Noċ do ċuir mé ċuguiḃ fá a náḋḃar ċéudna, ionnus go mbíaḋ a ḟios aige créd as cor ḋaóiḃ, agus go dtiuḃraḋ furtaċd da ḃur gcróiḋṫiḃse;

9 Má ráon ré Honesimus déarḃráṫair díleas gráḋaċ, noċ as díḃ féin. Foillséoċuid ḋíḃ na huile neiṫe atá ann so.

10 Cuiriḋ Aristarċus mo ċóiṁṗríosúnaċ beaṫa agus sláinte ċuguiḃ, agus Marcus, bráṫair Ḃárnabais, agá ḃfúaraḃair áiṫeanta ḋá ṫáoḃ: má ṫig sé ċuguiḃ, gaḃuiḋ leis;

11 Agus Iósa, da ngoirṫear Iustus, noċ as don timċillġearraḋ, A síad aṁáin mo luċd cúngantasa do ċum ríoġaċda Dé, agus a síad bá ḟurtaċd daṁ.

12 Cuiriḋ Epaṗras, searḃḟoġantuiḋe Ċríosd, noċ is díḃ féin, beannaċd ċuguiḃ, ag déunaṁ sbárna do ṡíor a núrnuiġiḃ ar ḃur son, ċum seasda ḋíḃ go diongṁálta agus líonta a nuile ṫoil Dé.

13 Oír do ním dfíaḋnuise ris, go ḃfuil teasgráḋ aige ḋíḃse, agus do luċd Laodicéa, agus do luċd Híerapólis.

14 Cuiriḋ Lucás, an liáiġ gráḋaċ, agus Démas, beannaċd ċuguiḃ.

15 Beiriḋ beannaċd ċum na ndearḃráṫar atá a Laodicéa, agus ċum Nimṗáis, agus ċum na heagluise atá ann a ṫiġ.

16 Agus an tan léiġfiġṫear a neipisdilse eadruiḃ, tuguiḋ fé deara a léaġaḋ mar an gcéudna a neagluis na Laodicéanaċ; agus léiġiḋse fós a neipisdil ó Laodicéa.

17 Agus abruiḋ ré Harċippus, Taḃair haire leaċd fán miniosdrálaċd fuáir tú sa Dtíġearna, do ċoiṁlíonaḋ.

18 Beaṫa agus slainte ċugaiḃ ré mo láiṁse Pól. Bíoḋ cuíṁne aguiḃ arm o ġéiṁleaċuiḃ. Grása maille riḃ. Amén.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan