Ccolossianaċ 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II Diosbóireaċd ċealgaċ, lé béulaireaċd, agus geasrogaḋ ḋáoine, 20 agus gnaṫaiġte an reaċd, do ṡeaċna. 1 Oir do bfearr leam go mbíaḋ a ḟioa aguiḃ créd é méud mo ċoṁruic ar ḃur sonsa, agus ar son na druing atá a Láodicéa, agus ar son na méide naċ ḃfacuiġ maḋuiġ sa ḃfeóil; 2 Ionnus go mbíaḋ sólás air ccroiḋṫiḃ, ar mbeiṫ ḋóiḃ dluṫuiġe ré ċéile a ngráḋ, agus a nuile ṡaiḋḃrios ṡáirḋearḃṫaċd tuisge, ċum éolais rúindíaṁra Dé, eaḋon a Naṫar, agus Críosd; 3 Ann a ḃfuilid na huile ionnṁusa eagna agus éolais folaiġe. 4 Aċd a deirim so, deagla go meallfaḋ éunduine siḃ ré hóraḋ bríaṫar: 5 Oír bíoḋ naċ ḃfuilim ḃur láṫair sa gcoluinn, giḋeaḋ atáim ḃur láṫair sa sbioruid, ag déunaṁ gáirdeaċais agus ag féuċain ḃur nórduiġe, agus ḋaingne ḃur gcreidiṁ a Gcríosd. 6 Uime sin aṁuíl do ġaḃaḃair an Tíġearna Iósa Críosd ċuguiḃ, siúḃluiḋ annsan: 7 Ar mbeiṫ ḋíḃ ar ḃur ḃfréuṁuġaḋ agus ar ḃur ḃfollamnúġaḋ ann, agus ar ḃur ndaingniuġaḋ sa gcreideaṁ, do réir mar do ṫeaguisgeaḋ siḃ, ag líonaḋ ann díḃ maille ré breiṫ ḃuíḋeaċais. 8 Taḃruiḋ ḃur naire riḃ naċ meallfuiḋ éinneaċ siḃ tré ḟeallsáṁnaċd agus tré ṁealltóireaċd ḋioṁaíun, do réir ṫráċduiġe na ndaóine, do réir ċéudṫosuiġeaḋ an dóṁuin, agus ní do réir Ċríosd. 9 Oír atá a nuile iomláine Ḋíaġaċda na cóṁnuiḋe annsan go corparrḋa. 10 Agus atá siḃse ar ḃur iomlíonaḋ annsan, noċ as ceann do huile úaċdaranaċd agus do na huile ċúṁaċduiḃ: 11 Ann a bfuilti mar an gcéudna timċillgearrṫa ré timċillġearraḋ naċ láiṁḋéunta, ag cur ċuirp ṗeacuiḋ na féola ḋíḃ tré ṫimċillġearraḋ Ċríosd: 12 Ar mbeiṫ díḃ aḋluice má ráon ris tré ḃaisdeaḋ, ann a ndearnaḃair eiseirġe fós má raón ris tré ċreideaṁ oibre Dé, do ṫóg é súas ó ṁarḃuiḃ. 13 Agus do aiṫḃéoḋuiġ sé siḃse maille rísion, ar mbeiṫ ḋíḃ marḃ a bpeacaiḋiḃ agus a neaṁṫimċillġearraḋ ḃur ḃféola, ag maiṫeaṁ a nuile ṗeacuiḋ ḋíḃ; 14 Ar sgríos sgríḃinne na norduiġeaḋ do ḃí ar naḋuiġne ḋó, agus do ḃí contrárrḋa ḋúinne, do ṫóg se as a tsliġe í, ága greamaḋ don ċroiċ; 15 Ag fáḋḃaḋ na núaċdaránaċd agus ná gcúṁaċd dó, do ṫaisbéin sé go follas íad, ar ndul dó ann féín go caiṫréimeaċ ós a gcionn. 16 Uime sin ná daṁnuiġeaḋ éínneaċ siḃ ar son ḃíḋ, ná ḋíġe, ná a dtáoḃ láe saóire, ná fan ré nuáiḋ, ná a dtáoḃ na sabbóideaḋ: 17 Naċ ḃfuil aċd na sgáile do na neiṫiḃ atá ċum teaċda; aċd is lé Críosd an corp. 18 Ná meallaḋ éunduine siḃ a núṁlaċd inntinne agus a dtaḃair onóra daingliḃ, ḋá ṡáṫaḋ féin sna neiṫiḃ naċ ḃfacuiḋ sé ríaṁ, ar na líonaḋ go dioṁaóin ré hinntinn a ċolla féin, 19 Agus naċ ccongṁann sé an Ceann, as a ḃfáġann an corp uile ar mbeiṫ ḋó gan uireasḃaiḋ dlíṫuiġe ré ċéile, tré altuiḃ, agus tré ċoiṁċeangaltuiḃ, fás tré ḟás Dé. 20 Uime sin má fúaraḃair bás má ráon ré Críosd ó ċéudṫosuiġiḃ an doṁáin, créd, fá ḃfuil siḃ mar ḋaóiniḃ ċaiṫeas a mbeaṫa sa sáoġal, ag leanṁuin dórduiġṫiḃ, 21 Ná bean ris; na blais; na láiṁsiġ; 22 Noċ ṫéiḋ uile a dtruáilleaḋ ré na gcleaċdaḋ; do réir aiṫeantaḋ agus ṫeaguisg na ndaóine? 23 Neiṫe agá mbí cáil éagna orrṫa, sa seirḃís ċúmuid daóine úaṫa féin, agus a núṁlaċd inntinne, agus a neaṁċoigilt an ċuirp; ní a nonóir air biṫ do ṡásaḋ na colla. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society