Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ccolossianaċ 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I An Críosd firinneaċ, 18 ceann na heagluise; 26 noċ a nallod ḃi diaṁar ar na cineaḋaċaiḃ.

1 Pol, absdal Iosa Críosd tré ṫoil Dé, agus an dearḃraṫair Timotéus,

2 Ċum na náoṁ agus na ndearḃráṫar ndíleas a Níosa Críosd a Gcolosse: Grása maille riḃ, agus siotċáin, ó Ḋía Aṫair agus ón Dtíġearna Iosa Críosd.

3 Beirmíd a ḃuiḋe ré Día agus ré Haṫair ar Dtíġearna Iosa Críosd, ag déunaṁ urnuiġe do ṡíor ar ḃur sonsa,

4 On tráṫ fá gcúalamar iomráḋ ḃur gcreidiṁ a Níosa Críosd, agus ḃur ngráḋ do na huile náoṁuiḃ,

5 Ar son ná muiniġne atá ar na cur a gcoiṁéud ḃur noirċill air neaṁ, agá ḃfuáraḃair a túarásgḃáil roiṁe a mbréiṫir ḟírinne an tsoisgéil;

6 Noċ ṫáinic ċuguiḃse, coṁmaiṫ ris an ndoṁan uile; agus do ḃeir toraḋ úaḋa, mar do ḃeir ḃur measgsa, ón lá fá gcúalaḃair, agus fá ḃfúaraḃair éola air ġrás Dé go fírinneaċ:

7 Aṁuil fós do ḟoġluim siḃ ó Epaṗras ar gcoiṁṡearḃfoġantuiḋ gráḋaċ, noċ atá ar ḃur sonsa na ṁinisdir díleas ag Críosd;

8 Noċ fós do ḟoillsiġ ḋúinne ḃur ngráḋsa trés an Sbioruid.

9 Uime sin, ón lá fá gcúalamar, ní sguirmíd dá ḃeiṫ ag úrnuiġe ar ḃur son, agus ag aṫċuinġe siḃse do ḃeiṫ líonta déolas a ṫoilesion a nuile éagna agus ṫuidge sbioradalta;

10 Ionnus go siúḃalfaḋ siḃ mar as cuḃaiḋ don Tíġearna maille ré sa ṫoil do ḋéunaṁ sna huile neiṫiḃ, ag taḃairt toruiḋ uáiḃ sa nuile ḋeaġobair, agus ag fás a néolas Dé;

11 Ar ḃur neartuġaḋ maille ris a nuile neart, tré na ċúṁaċd glórṁarsan, ċum na huile ḟoiġide agus ḟulaing maille ré gáirdeaċas;

12 Ag breiṫ ḃuíḋeaċais ris a Naṫair, noċ do rinne sinne iomċuḃaiḋ ċum coda dóiġreaċd na náoṁ sa tsoillse:

13 Noċ do ṡáor sinn ó ċúṁaċduiḃ an dorċaduis, agus do aṫarruiġ sinn go rioġaċd a Ṁic ionṁuin féin:

14 Ion a ḃfuil an fúasglaḋ aguinn tré na ḟuil, eaḋon maiṫṁeaċas na bpeacaḋ:

15 Noċ atá na ioṁáiġ don Día doḟaicsiġ, na ċéidġin na nuile ċreatúr:

16 Oír is leisean do crúṫuiġeaḋ na huile neiṫe, noċ atá ar neaṁ, agus ar talaṁ, sóḟaicsiġ agus dóḟaicsiġ, más árdċaiṫireaċa íad, nó tíġearnuis, nó úaċdaránaċd, nó cúṁaċda: as leision agus ar a ṡonsan, do crúṫuġeaḋ íad uile:

17 Agus atá féin roiṁ na huile neiṫiḃ, agus is trídsion ṡeasaid na huile neiṫe a ḃfoċair a ċéile.

18 Agus as eision ceann ċuirp, na heagluisi: agar ab é an tosaċ é, an ċéidgin ó ṁarḃuiḃ; ċum airdċeannuis do ḃeiṫ aige ós cionn na huile.

19 Oír do ṫogair an Taṫair a nuile iomláine so ċóṁnuiḋe annsan:

20 Agus, na huile neiṫer do ḋéunaṁ réiḋ ris féin ṫrídsion, ar ndéunaṁ sioṫċána tré ḟuil a ċroiċesean; mas air talaṁ íad, no air neaṁ.

21 Agus siḃse, do ḃí a nallód ḃur gcoiṁiġṫeaċuiḃ agus ḃur náiṁdíḃ ann ḃur ninntinn tré droċóibriġiḃ, do réiḋiġ sé a nois daóiḃ

22 A gcorp a ḟéola féin tré ḃás, ċum ḃur ndéunta náoṁṫa glan agus neiṁċiontaċ na ḟíaḋnuise féin:

23 Má ċóṁnuiġeann siḃ go fonndameinteaċ daingean sa gcreideaṁ, gan ḃeiṫ ḋíḃ ar ḃur naṫruġaḋ ó ṁuiniġin an tsoisgéil, noċ do ċúalaḃair, agus do rinneaḋ ṡeanmóir dá gaċ uile ċreatúr atá faói neaṁ, dá ḃfuilimse Pól am ṁinisdir;

24 Noċ do ní a nois gairdeaċas ann sna neiṫiḃ ḟuilingim ar ḃur sonsa, agus ċoiṁlíonas fuiġeall buáiḋearṫa Ċríosd am ḟeóil ar son a ċuirpsion, eaḋon a neagluis:

25 Dá ndearnaḋ minisdir ḋíom, do réir ḟeaḋmanntuis Dé tugaḋ ḋaṁ ḃur dtáoḃsa, ċum breiṫre Dé do ċoiṁlíonaḋ;

26 An ruindiaṁair do ḃí folaiġṫe ó ṫus an doṁuin agus ó ré na sinnsear, aċd a nois atá ar na ḟoillsiuġaḋ ḋá naóṁuiḃsion:

27 Dar ṫogair Día a ḟoillsiuġaḋ créd é siaḋḃread ġlóire an ruindíaṁairse a measg na Gcineaḋaċ; agar ab é Críosd é ḃur measgsa, muiniġin na glóire:

28 Noċ do nímidne ṡeamóir, agus taḃair fógra dá gaċ áon, agus ag teagusg gaċ aóin sa nuile eagna; ċum gaċ áon do ṫaḃairt a láṫair iomlán a Níosa Críosd:

29 A ní ċum a ḃfuilimse ag déunaṁ díṫċill, ar mbeiṫ ḋaṁ ag sbáirn do réir mar oibriġeas a oibriuġaḋsan ionnam go cuṁaċdaċ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan