Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Caintic Ṡolaiṁ 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VII. Tioḋluicṫe, 10 creidiṁ, agus fonn na heagluise.

1 Cred é sgéiṁe do ċos go mbrógaiḃ, ó a inġean an ṗrionnsa! atáid ailt do láirgeaḋ aṁuil séuda dobair láṁ ċéarda ġlic.

2 Is cosṁuil himliocán re cupán cruinn, air naċ bí easḃuiġ diġe: is cosṁuil dó ḃolg le cárn cruiṫneaċda ar na ċur fa ccuairt le liliḃ.

3 Is cosṁuil do ḋá ċíċ ré ḋa eilid atá na ccúpla.

4 Atá do ḃráiġe mar ṫor imoige; do ṡúile cosṁuil ré loċánuiḃ éisg ann Hesbon, láiṁ ré geata Ḃat‐rabbim: do ṡrón aṁuil tor Lebanon noċ ḟéuċus leaṫ ré Damascus.

5 Is cosṁuil do ċeann ort ré Carmel, agus is cosṁuil grúag do ċinn re purpair; connaiṁṫear an ríġ annsna raftuiḃ.

6 Cíoḋ a ḃreáġa agus cred é a ġlórṁuire ataói, ċum aoiḃnis, a ġráḋ!

7 Is cosṁuil hárraċdus ré crann pailme, agus do ċíċe ré tríopaill cáor.

8 A duḃairt mé, Raċa mé súas gus an ccrann pailme, béuruiḋ mé greím air a ġéagaiḃ: fos anois béid do ċíċe mar ṫríopall don nḟineaṁuin, agus bolaḋ do ṡróna mar uḃallaiḃ;

9 Agus carbad do ḃéil cosṁuil ris an ḃfíon is féarr dom ġráḋ, noċ ṫéid síos go díreaċ, do ḃeir air na puisiniḃ ḃíos na ccodlah laḃairt.

10 ¶ Is le mo ġráḋ misi, agus atá a ḟonnsan ċugamsa.

11 Tárr uáit, a ġráḋ, déanam amaċ fán ṁaċaire; fosuiġiom annsna bailtiḃ.

12 Eírġiom go moċ gus na fíneaṁnuiḃ; féuċam an ḃfuil an ḟíneaṁuin ag bláṫaḋ, an ḃfuil an ċáor ṁáoṫ ag taisbeanaḋ, agus na pomgranait ag scinneaḋ amaċ: annsin do ḃéara misi mo ġráḋ ḋuit.

13 Do ḃéirid na mandráca bolaḋ, agus ann ar ngeataḋuiḃ atá a nuile ṡórt toruiḋ ṡólásuiġ, nuáḋ agus sean, noċ do ṫaisgiḋ mé fád ċoṁairsi, a ġráḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan