Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Caintic Ṡolaiṁ 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V. Cuireaḋ Ċriosd, 2 meirtniuġaḋ na heagluisi. 9 Agus suḃailceaḋa Ċriosd.

1 Ataim ar tteaċt dom ġáirdín, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile: do ċruinniġ mé mo ṁirr, agus mo spíosraḋ; a duáiḋ mé mo ċríaṫar meala maille re mo ṁil; diḃ mé mfíon lem ḃainne: iṫiḋ, a ċairde; iḃiḋ, iḃiḋ fós go lór, a áos gráḋa.

2 ¶ Codluim, aċt músgluiḋ mo ċroiḋe; sé guṫ mo ġráḋuiġ ḃuáilios, ġa ráḋ, Oscuil daṁsa, mo ḋeirḃṡíur, mo ġráḋ, mo ċolum, mo neaṁṫruáilliġṫe: óir atá mo ċeann líonta do ḋrúċt, agus mo ċíaḃa le bráonuiḃ na hoiḋċe.

3 Do ċuir mé mo ċóta ḋíom; cíondus ċuirfead orum é? dionnail mé mó ċosa; ciondus ṡaileoċus mé íad?

4 Do ċuir mo ġráḋ a láṁ a steaċ a bpoll an doruis, agus do ċorruiġeadar minniġe ris.

5 Déiriġ mé súas dosglaḋ dom ġráḋ; agus do ṡiliodar mo láṁa le mirr, agus mo ṁéir lé mirr deaġḃoluiḋ, ar ḃacánuiḃ an ġlais.

6 Dfosguil mé dom ġráḋ, aċt do ṡeaċuin mo ġráḋ é féin, agus do imṫiġ sé: do ṁainniġ mo ċroiḋe a nuáir do laḃair sé: díarr mé é, aċt ní ḃfuáir mé é; do ġoir mé air, aċt ní ṫug sé freagra orum.

7 Fuáir an luċt faire do ċuáiḋ fa gcuáirt na caiṫreaċ mé, do ḃuáileadar mé, do loiteadar mé; rugadar luċd coiṁéada na mballaḋ folaċ mo ċinn uáim.

8 Cuirim dúalaċ oruiḃ, a inġeana Ierusalem, má ġeiḃṫí mo ġráḋ, go ninnistí ḋó, go ḃfuilimse tinn lé gráḋ.

9 ¶ Cred é ṫfear gráḋsa ní as mó ná gráḋaċ oile, ó ṫusa is breáḋġa a measg na mban? cred é ṫfear ġráḋsa ní sa ṁó ná gráḋaċ oile, as a ccuireann tú an cúram sin oruinne?

10 Atá mo ġráḋsa geal agus dearg, an té is féar bratuiġe ar ḋeiṫ mile.

11 Atá a ċeann mar a nór is finéulta, atáid a ċíaḃa casda, agus duḃ mar an ḃfíaċ.

12 Atáid a ṡúile mar ṡúiliḃ coluim láiṁ ris na sroṫuiḃ uisge, ar na níġe le bainne, agus ar na suiġeaḋ go ceart.

13 Atáid a ġruaiḋe mar leabuiḋ spíosraḋ, mar ḃláiṫiḃ deagḃoluiġ: a ṗuisiníġe aṁuil lile, ag silt ṁirr ḋeaġḃoluiḋ.

14 Atáid a laṁa aṁuil fáinniġe óir ar na ccur ar ḃerill; atá a ḃolg aṁuil iṁóg loinnreaċ air na ḟolaċ lé saṗiriḃ.

15 Atáid a ċosa aṁuil piléir marmuir, air na suiġeaḋ air ḟulangaiḃ dór ḟínealta: a ġnúis aṁuil Lebanon, oirḋeirc mar na cédair.

16 Atá a ḃéul ro ṁilis; atá sé fós, ṫríd amaċ go gráḋaċ: isé so mo ġráḋsa, agus isé so mo ċara, ó a inġeana Ierusalem.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan