Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Caintic Ṡolaiṁ 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Maise na ndaoine ḃeanas do Ċriosd. 8 A ġráḋ ḋoiḃ, 16 agus a nguiḋesi ar ḃí deas na ċoinne.

1 Feuċ, atá tú sgíaṁaċ, a ġráḋ: féuċ, atá tú breáġa; atáid suile coluim agad ann do ċiaḃuiḃ: atá do ġrúag aṁuil tréud gaḃar, noċ do ċíṫior ó ṡlíaḃ Gílead.

2 Is cosṁuil ṫfíacla ré tréud cáoraċ béarrṫa, a núair ṫigid a níos ó na niġe; a mbeirionn gaċ áon díoḃ cúpla, agus naċ bí áon ṡeisg na measg.

3 Is cosṁuil do ṗuisine ré snáiṫe scairléid, agus is deaġṁaiseaċ do ċóṁráḋ: is cosṁuil do ċamóga ara re píosa pomgranaid a stiġ ann do ċiaḃuiḃ.

4 Is cosṁuil do ṁuineal ré tor Ḋáiḃi do cuireaḋ súas don narmáil, air a mbí míle buicléir croċta, sgíaṫa ḋaoine neartṁara uile.

5 Is cosṁuil do ḋá ċiċ ré ḋá ṗoc óga atá na ccúpla, noċ do ní inġilt a measg na lileaḋ.

6 No go néirġionn an lá, agus go tteiṫid na scáileaḋa rompa, raċa misi go sléiḃtiḃ an ṁirr, agus go cnoc na túise.

7 Atá tú uile breáġa, a ġráḋ, ní ḃfuil cáiḋe ar biṫ ionnad.

8 ¶ Tárr liom as Lebanon, a ḃainċéile, liomsa as Lebanon: féuċ ó ṁullaċ Anána, ó ṁullaċ Ṡenir agus Hermon, ó úaṁuiḃ na leoṁan, ó ṡléiḃtiḃ na leopard.

9 Déiguiḋ tú mo ċroiḋe, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile; déigniḋ tú mo ċroiḋe le háon dot ṡúiliḃ, le háon tslaḃra dot ṁuineul.

10 Créd é breáġaċd do ġraḋa, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile! cioḋ a ṁéid is feárr do ġráḋ ná fíon! agus bolaḋ huinmeinte ná a nuile spíosraḋ!

11 Silid do ṗuisíne, a ḃáinċéile, aṁuil criaṫar meala: atá mil agus bainne faói do ṫeangaiḋ; agus bolaḋ héaduiġ mar ḃolaḋ Lebanon.

12 Is gáirdín ar na íaḋaḋ mo ḋeirḃṡíur, mo ḃainċéile; tobar ar na ḋrud súas, tiobruid ar na séalaḋ.

13 Is uḃallġort pomgranat do ṗlannduiġe, le tórṫuiḃ millse; cípres, maille re spiocnard.

14 Spiocnard agus cróċ; calamus agus cinamon, maille ris a nuile ċrann túise; mirr agus aloes, maille ris a nuile spíosra toġṫa:

15 Tobar na ngáirdíneaḋ, tobar nisgeaḋ mbéo, agus sroṫa ó Lebanon.

16 ¶ Múscail, a ġáoṫ ṫuáiġ; agus tárrsa, a ġáoṫ a neas; séid air mo ġáirddin, ċor go seideaḋ a spíosraḋ amaċ. Tigeaḋ mo ġráḋ ċum a ġáirdin, agus iṫeaḋ sé a ṫórṫa taitneaṁaċa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan