Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Caintic Ṡolaiṁ 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I. Ar eaċd ḟioġarḋa, at a malairt ġráḋa Ċriosd don eagluise, (no do nanam ġlan;) agus a ngráḋ sin dósan fa seaċ, ar ná ṫaisbeineaḋ.

1 Caintic na ccainticeaḋ, noċ is lé Solaṁ.

2 Pógaḋ sé misi lé póguiḃ a ḃéil: óir is féarr do ġráḋ ná fíon.

3 Do ḃríġ deaġḃoluiḋ huinnimeinte maiṫe is cosṁuil hainm ré ola dóirte amaċ, uimesin gráḋuiġid na maiġdiona ṫú.

4 Tarruing misi, rioṫfam ad ḋiáiġ: ṫug an ríġ ḋá ṡeomraḋuiḃ mé: biáiḋ lúaṫġáire oruinn agus do ḋéanam gáirdeaċus ionnadsa, agus cuiṁneoċum do ġráḋ nísa ṁó na fíon: is ionṁuin leis an ḃfírean ṫú.

5 ¶ Atáimse duḃ, aċt sgíaṁaċ, ó a inġeana Ierusálem, aṁuil páillíun Cédair, aṁuil cúirtíne Ṡoluiṁ.

6 Ná féuċuiḋ orumsa, do ḃríġ go ḃfuilim duḃ, do ċionn gur ḟéuċ an ġrían orum: do ḃádar clann mo ṁaṫar feargaċ riom; do rinneadar coiṁéaduiġ a luḃġoirt ḟíneaṁna ḋíomsa; aċt níor ċoiṁéad mé mfineaṁuin féin.

7 ¶ Innis daṁ, ṫusa air a ḃfuil gráḋ ag manam, cáit a ninġiltinn tú, cá háit a suáiṁniġionn tú do ṫreád san meaḋón laói: óir cred as a mbéinnsi mar áon diompoċaḋ do leaṫtaóiḃ láiṁ ré tréaduiḃ do ċompánaċ?

8 ¶ Muna ḃfeidirse, ó ṫusa is scíaṁċa a measg na mban, imṫiġ roṁad amaċ le coiscéimiḃ an tréada, agus beaṫaiḋ do ṁeannáin a ḃfoċair ṗáillíun na náoḋaireaḋ.

9 ¶ Do ċoiṁmeas mé ṫú, O a ġráḋ, ré cuideaċtuin ṁarcaċ a ccarbaduiḃ Ṗárao.

10 Is breáġḋa do ġruáiḋe lé peirsiḃ séud, do ṁuinéal lé slaḃraḋuiḃ óir.

11 ¶ Do ḋéanamne imle ór ḋuit maille lé fulangaiḃ airgid.

12 ¶ An feaḋ ḃias an ríġ na ṡuiġe air a ḃórd, cuiriḋ mo spiocnard a ḃolaḋ uaḋa.

13 Is ceanglaċán mirr ḋaṁsa mo ġráḋ; luiġtiḋ sé air feaḋ na hoiḋċe idir mo ċioċuiḃ.

14 Atá mo ġráḋ ḋaṁsa aṁail triopall camṗir a ḃfineaṁuin Engedi.

15 Féuċ, atá tú sgíaṁaċ, a ġráḋ; féuċ, atá tú scíaṁaċ; atáid súile coluim agad.

16 Féuċ, atá tú breáġa, a ġráḋ, agus, taitneaṁaċ: atá fós ar leabuiḋ glas.

17 Is cedair gaḃla ar ttiġe, agus is do ġiuṁas ar ttáoḃáin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan