Breiṫeaṁuin 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IX. Cosaṁlaċd Iotam a néisdeaċd Abimeleċ. 56 Taínig tairgir Iotam ar Abimeleċ agus ar ṁuinntir ṁioċoinġiollaċ Ṡeċem. 1 Agus do ċúaiḋ Abimeleċ ṁac Ierubbaal go Sċeċem a cceann ḋearḃráiṫreaċ a ṁaṫar, agus do ċoṁráiḋ sé ríu, agus re muinntir ṫiġe aṫar a ṁaṫara uile, ḋá ráḋ, 2 Guiḋim siḃ, laḃruiḋ, a néisteaċd ṁuinntíre Sċeċem uile, Cía as féarr ḋíḃsi, deiṫneaṁar agus trí fiṫċid fear, mic Ierubbaal uile, do riaġlaḋ ós ḃur gcionn, no éanduine aṁáin do ríaġluġaḋ ós ḃur ccionn? cuiṁniġiḋ mar an gcéadna gur misi ḃur gcnáiṁ agus ḃur ḃfeóil. 3 Agus do laḃradar dearḃráiṫre a ṁaṫar na bríaṫraso uile ḋá ṫaóiḃ a gcluasuiḃ ṁuinntire Sċeċem uile: agus do aontuiġeadar a ccroiḋṫe uile Abimeleċ do leanṁuin; óir a duḃradar, A sé ar ndearḃraṫair é. 4 Agus tugadar ḋó deiċ bpiosa agus trí fiċid dairgid amaċ as tiġ Ḃaalberit, le ar ḟostoiġ Abimeleċ daóine éattroma agus díoṁaóine, noċ do lean é. 5 Agus do ċuáiḋ se go tiġ a aṫar ann Oṗrah, agus do ṁarḃ sé a ḋearḃraiṫre, mic Ierubbaal, noċ ha deiċneaṁar agus trí fiṫċid, arr éanċloiċ aṁáin: giḋeaḋ do fágḃaḋ Ióṫam an mac dob óige ag Ierubbaal beó; óir do ḟoluiġ sé é féin. 6 Agus do ċruinniġeadar muinntir Sċeċem uile, agus tiġ Ṁillo uile a ḃfoċair a ċéile, agus do ehúadar, agus do rínneadar ríġ Dabimeleċ, láiṁ ré daruiġ an ṗíleir do ḃí a Sċeċem. 7 ¶ Agus a nuáir do ionnsiodar sin do Iotam, do ċuáiḋ sé agus do ṡeas sé a mullaċ ṡléiḃe Gerisim, agus do árduiġ sé a ġuṫ, agus dó eiġ sé, agus a duḃairt ríu, Eistiġ riomsa, a ṁuinntir Sċeċem, ċor go néistfe Día riḃsi. 8 Do ċúadar na crainn amaċ uair do ungaḋ ríġ ós a ccionn; agus a duḃradar ris an ccrann ola, Bíse ad ríġ oruinn. 9 Aċt a duḃairt an crann ola ríu, An ḃfúigfinnsi mo ṁéaṫas, lé nonóruiġṫear Día agus dáoine, do ḋul dom árduġaḋ ós cionn na gcrann? 10 Agus a duḃradar na ocrainn ris an gcranu fíge, Tárr ṫusa, agus ríaġluiḋ ós ar gcionn. 11 Aċt a duḃairt an crann fíge riú, An ttréígfinnsi mo ṁillseaċd, agus mo ṫoraḋ maiṫ, agus dul dom árduġaḋ ós cionn na gcrann? 12 Ann sin a duḃradar na crainn ris an ḃfíneaṁuin, Tárrsa, agus ríaġluiġ ós ar ccionn. 13 Agus a duḃairt a nfíneaṁuin riú, An ḃfúigfinnsi mfíon, noċ ṡolásuiġeas Día agus duine, agus dul dom árduġaḋ ós cionn na crann? 14 Ann sin a duḃradar na crainn oile ris an ḃfáirḋreis, Tárrsa, agus ríaġluiḋ ós ar gcionn. 15 Agus a duḃairt an nfáirḋreis ris ná crannuiḃ, Má ungṫaói misi ḋáríriḃ am ríġ oruiḃ, annsin tigiḋ agus cuiriḋ ḃur ndóiġ ann mo scáile: agus muna ndeárnuiḋe, tigeaḋ teiniḋ as an ḃfairḋreis, agus loisgeaḋ sí cédair Lebanon. 16 Anois ar a naḋḃarsin, má rinneaḃairse go hiomċuḃaiḋ agus go fírinneaċ, a ndeanaṁ ríġ do Abimeleċ, agus má fríṫ go maiṫ ar Ierubbaal siḃ agus ar a ṫiġ, agus go ndeárnaḃair ris do réir mar do ṫuill a láṁa; 17 (Oir do ṫroid maṫairse ar ḃur son, agus do ċuir a anum a nguais ṁóir, agus do ṫárrṫuiġ sé siḃ as láiṁ Ṁídian: 18 Agus déirġeaḃairse súas a naġaiḋ ṫiġe maṫarsa a niuġ, agus do ṁarḃaḃair a ċlann, deiċneaṁar agus trí fiṫċid, air éanċloiċ aṁáin, agus do rinneaḃair ríġ do Abimeleċ, mac a ḃanógluiġ, ós cionn ṁuintire Sċeċem, do ċionn gur hé ḃur ndearḃraiṫair é;) 19 Má rinneaḃair mar sin go hionruic firinneaċ a niuġ ré Ierubbaal agus re na ṫiġ, annsin gairdiġiḋsi ann Abimeleċ, agus gáirdiġeaḋ seision ionnuiḃsi mar an gcéadna: 20 Aċ muna ndearnaḃair, tigeaḋ teiniḋ amaċ ó Abimeleċ, agus Loisgeaḋ sí muinntir Sċeċem, agus tiġ Ṁillo; agus tigeaḋ teiniḋ amaċ ó ṁuinntir Sċeċem, agus as tiġ Ṁillo, agus loisgeaḋ si Abimeleċ. 21 Agus do imṫiġ Iotam roiṁe, agus do ṫeiṫ sé, agus do ċuáiḋ go Beer, agus do rínne sé coṁnuiġe annsin, ar eagla Abimeleċ a ḋearḃraṫair. 22 ¶ A nuáir do ḃí Abimeleċ trí bliaḋna na ríġ ós cionn Israel, 23 Ann sin do ċuir Día droiċspiorad eidir Abimeleċ agus muinntir Sċeċem, agus do rinneadar muinntir Sċeċem feall ar Abimeleċ. 24 Ionnus go ttiocfaḋ an díḃḟeirg do rinneaḋ ar an deiċneaṁar agus trí fiṫċid mac Ierubbaal, agus go luiġfeaḋ a ḃfuil air Abimeleċ a ndearḃraṫair, noċ do ṁarḃ íad; agus ar ṁuinntir Sċeċem, noċ do ċuidiġ leis a marḃaḋ a ḋearḃraṫar. 25 Agus do ċuireadar muinntir Ṡeċem dáoine a luíġeaċán air ar ṁulluiġiḃ na slíaḃ, agus do ṡladadar a ttáinic láiṁ riu san tsliġe: agus do hinnseaḋ sin do Abimeleċ. 26 Agus taínic Gaal ṁac Ebed gun a ḋearḃráiṫriḃ, agus do ċuáiḋ sé anonn go Sċeċem: agus do ċuireadar muinntir Sċeċem a ndóiġ ann. 27 Agus do ċúadar amaċ annsna maċairiġiḃ, agus do ċruinniġeadar a ḃfíneaṁuin, agus do ḃruiġeadar na cáora, agus do ḃádar go súḃaċ, agus do ċuádar a steaċ go tiġ a ndé, agus duádar agus diḃeadar, agus do ṁalluiġeadar Abimeleċ. 28 Agus a duḃairt Gaal ṁác Ebed, Cía hé Abimeleċ, agus cía hé Sċeċem, as a ndéanmáoisne serḃís dó? naċ é mac Ierubbaal é? agus Sebul a oifigeaċ? déanuiḋ serḃís do ṁuinntir Hamoraṫair Sċeċem: óir cred fá ndéanmaoisne serḃís dósan? 29 Agus do bfearr liom go mbéidis na dáoinesi fáoi mo laiṁse! ann sin do áṫroċuinn Abimeleċ. Agus a duḃairt sé re Habimeleċ, Meúduiġ do ṡluáġ agus tarr amaċ. 30 ¶ Agus a nuáir do ċúala Sebul uaċdaran na caiṫreaċ briaṫra Ġaal ṁic Ebed, do las a ḟearg. 31 Agus do ċuír teaċda go Habimeleċ go foluiġeaċ, ġa ráḋ, Féuċ, ṫáinig Gaal ṁac Ebed agus a ḋearḃraiṫre go Sċeċem; agus, feaċ, ataíd ag daingniúġaḋ na caiṫreaċ a taġaiḋsi. 32 Anois ar a naḋḃarsin bí súas san noiḋċe, ṫú féin agus na daoine atá ad ḟoċair, agus bi a luiġeaċán ann sa ṁaċaire: 33 Agus is aṁluiḋ ḃías, ar maidín, coṁlúaṫ is éireoċus an ġrían, go néireoċuiḋ tusa go lúaṫ, agus ionnsuiġ an ċaṫair: agus, féuċ, anúair ṫiocfas séision agus na daóine atá na ḟoċair amaċ a taġaiḋ, ansin féudfuiḋ tú a ḋéanaṁ riú mar ġeaḃas tú cúis. 34 ¶ Agus do éiriġ Abimeleċ súas, agus a nuile ḋuine do ḃí na ḟoċaír, san noiḋċe, agus do ċuireadar luiġeaċán ar Sċeċem a cceiṫre ċuideaċda. 35 Agus do ċuáiḋ Gaal ṁac Ebéd amaċ, agus do ṡeas a bpóirsi ġeata na caiṫreaċ: agus do eiriġ Abimeleċ súas, agus an ṁuinntir do ḃí na ḟoċaír, as a luiḋeaċán. 36 Agus a núair do ċonnairc Gaal na dáoine, a duḃairt sé re Sebul, Féuċ, ataíd daoíne ag teaċd a núas ó ṁullaċ an tsleiḃe. Agus a duḃairt Sebul ris, Do ċí tú scáile na slíaḃ mar ḋáoine. 37 Agus a duḃairt Gaal a ris, Agus do laḃair, feúċ atáid daóine ag teaċd a nuas ṫrid lar a nfearuinn, agus cuideaċda oile ag teaċd ṫríd réiteaċ Ṁeonénim. 38 Ann sin a duḃairt Sebul ris, Cáit a ḃfuil do ḃéul anois, le a nduḃairt tú, Cía hé Abimeleċ, as a ndéanmaoisne serḃís dó? né naċ íad so na daoíne do ṫarcuisniġ tú? guiḋim ṫú, éiriġ anois, agus troid riú. 39 Agus do ċuáiḋ Gaal amaċ roiṁe ṁuinntír Sċeċem, agus do ṫroid sé re Abimeleċ. 40 Agus do rúaig Abimeleċ é, gur ṫeiṫ roiṁe, agus do marḃaḋ, agus do loiteaḋ mórán, go nuige póirse an ġeata. 41 Agus do aítreiḃ Abimeleċ ann Arumah; agus do ṫeilg Sebul Gaal agus a ḋearḃráiṫre amaċ, ionnus naċ déanaidís coṁnuiġe a Sċeċem. 42 Agus tárla ar na ṁáraċ, go ndeaċadar an pobal amaċ san maċaire; agus do innsiodar so do Abimeleċ. 43 Agus do ġlac se an pobal, agus do roinn se íad a ttrí ccuídeaċda, agus do ċuir luiḋeaċan sa maċaire, agus daṁairc sé, agus, féaċ, tangadar na dáoine amaċ as an gcaṫruiġ; agus deiriġ seision súas na naġaiḋ, agus do ḃúail sé íad. 44 Agus do ṫiomáin Abimeleċ, agus an muinntir do ḃí na ḟoċair, ar a naġaiḋ, agus do ṡeasadar a bpóirsi ġeata na caiṫreaċ: agus do riṫeadar an dá ċuideaċda oile ar a raiḃ do ḋáoiniḃ ar an maċaire, agus do ṁarḃadar íad. 45 Agus do ċaṫáiġ Abimeleċ a naġaiḋ na caiṫreaċ ar feaḋ an laói sin; agus do ġlac an ċaṫair, agus do ṁarḃ na daoine do ḃí anu, agus do ḃris sé síos an ċaṫair, agus do ṡíolċuir sé í le salann. 46 ¶ Agus a nuaír do ċúaladar muinntir ṫuir Sċeċem uile an ní sin, do ċúadar a steaċ a ndaingion tiġe an dé Berit. 47 Agus do hinnseaḋ do Abimeleċ, gur ċruinniġeadar muinntir ṫuir Ṡeċem uile a gcionn a ċéile. 48 Agus do ċuáiḋ Abimeleċ súas ansa tslíaḃ Salmon, é féin agus na huile ḋaoine da raiḃ na ḟoċair; agus do ġlac Abimeleċ túaġ na láiṁ, agus do ġeárr siós beangán do na crannuiḃ, agus do ġlac, agus do ċuir ar a ġúaluinn é, agus a duḃairt ris an bpobal do ḃí na ḟoċair, An ní do ċonncaḃair agamsa dá ḋéanaṁ, lúaṫiġiḋ, agus déanuiḋ mar do rinne misi. 49 Agus do ġearradar an muinntir uile mar an gcéadna gaċ aonduine aca a ḃeangán féin, agus do leanadar Abimeleċ, agus do ċuir sé ċum an daingin íad, agus do ċuir an daingean tre ṫeiniḋ orra; ionnus gur éagadar mar an ccéadna muinntir ṫuir Sċeċem uile, timċioll ṁíle fear agus bean. 50 ¶ Ann sin do ċúaiḋ Abimeleċ go Tebes, agus do ṡuiġiḋ sé campa an aġaiḋ Ṫébes, agus do ġaḃ sé í. 51 Aċ do ḃí tor daingion a stiġ san gcaṫruiġ, agus do ṫeiṫiodar na fir agus na mná uile ann sin, agus luċd na caiṫreaċ uile, agus do ḋruideadar na ndiaiġ, agus do ċúadar súas ar ṁullaċ an tuir. 52 Agus ṫáinic Abimeleċ go nuige an tor, agus do ċaṫaiġ na aġaiḋ, agus do ċuáiḋ a ngar do ḋorus an tuir dá loscaḋ le teiniḋ. 53 Agus do ṫeilg bean áiriġ bloḋ do ċloiċ ṁuilinn ar ċeann Abimeleċ, agus do ḃris sí a ċloigionn uile. 54 Ann sin do ġoir sé go lúaṫ ar an nóganaċ do iomċraḋ a airm, agus a duḃairt sé ris, Tarruing do ċloiḋeaṁ agus marḃ mé, ċor naċ aibeoruid daóine riom, Do ṁarḃ bean é. Agus do ṡáiṫ an tógánaċ ṫríd, go ḃfuáir sé bás. 55 Agus a nuair do ċonncadar clanna Israel gur marḃaḋ Abimeleċ dimṫiġeadar gáċ éanduine ḋíoḃ ḋá áit féin. 56 ¶ Marso do ċúitiġ Día olc Abimeleċ, noċ do rinne ar aṫair, ag marḃaḋ a ṡeaċdṁoġad dearḃraṫar féin: 57 Agus do ḟill Día uilc ṁuínntire Sċeċem uile ar a gceannuiḃ fém: agus ṫáiníc mallaċd Iótam ṁic Ierubbaal orra. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society