Breiṫeaṁuin 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII. Fearg ċloinne Eṗraim ré Gideon ar na cur far ccúl. 24 An coṁarṫa buaġṁur na ċeap tuisliḋ don ṗobal. 1 Agus a duḃradar fir Eṗraim ris, Créd é an ní so do rinne tú oruinn, naċ ar ġoir tú oruinn, a núair do ṫroid tú ris na Mídianuiḃ? Agus do ċáineadar é gó géar. 2 Agus a duḃairt séision riú, Cred do rinne mé a nois a gcoiṁṁeas riḃsi? a né naċ fearr dioġluim ċáor Eṗraim nó cruinniuġaḋ iomlán ċáor Abieser? 3 Ṫug Día ann ḃur láṁuiḃsi prionnsuiḋe Ṁídian, Oreb agus Seeb: agus cred do ḟéad misi ḋéanaṁ a gcomóraḋ riḃse? Annsin do laġduiġeaḋ a ḃfearg ris, a núair a duḃairt se sin. 4 ¶ Agus táinic Gideon go Iordan, agus do ċuáiḋ sé ṫairis, é féin, agus na trí ċéad fear do ḃí na ḟoohair, agus íad curṫa, giḋeaḋ dá leanṁuinsion. 5 Agus a duḃairt sé ré muinntir Ṡuccot, Guiḋim siḃ, tugaiḋ, bairġiona aráin, don ṁuinntir leanus mé, óir atáid síad curṫa, agus atáim ag tóruiġeaċd a ndiaiġ Ṡébah agus Ṡalmunna, riġṫe Mídian. 6 Agus a duḃradar prionnsuiḋe Ṡuccot, An ḃfuilid láṁa Ṡébah agus Ṡalmunna anois ad láiṁsi, as a ttiuḃramáois aran dot ṡlúáġ. 7 Agus a duḃairt Gideon, Uimesin a nuair ḃéaras an TIĠEARNA Sébah agus Salmunna am láiṁsi, annsin réabfa mé ḃur ḃtéoilse le dealguiḃ, agus lé dreasuiḃ an nfásuiġ. 8 Agus do ċuáiḋ sé súas as sin go Penuel, agus do laḃair ríu mar an ccéadna: agus do ḟreagradar muinntir Ṗenuel é, mar do ḟreagradar muinntir Ṡuccot. 9 Agus do laḃair sé mar an gcéadna ré muinntir Ṗenuel, ġá ráḋ, A nuáir ṫiocfas mé a rís a síoṫċáin, brisfe mé an torso síos. 10 ¶ Anois do ḃí Sébah agus Salmunna ann Carcor, agus a slúaġ na ḃfoċair, timċioll ċúig mile déag fear, an ṁéid do fágḃaḋ do ṡlúaġuiḃ ċloinne a noirṫir uile: óir do ṫuit díoḃ céad ar ḟiṫċid míle féar do ṫarruing cloiḋeaṁ. 11 Agus do ċuáiḋ Gideon súas ansa tsliġe láiṁ ris an luċd aitreaḃus a lóistinniḃ ar an ttáoiḃ ṡoir do Nóbah agus do Iogbehah, agus do ḃúail sé an slúaġ: óir do ḃí an slúaġ neaṁċoiṁeadaċ. 12 Agus a nuáir do ṫeiṫ Seba agus Salmunna, do lean sé íad, agus do ġaḃ sé ḋá ríġ Mídian, Sébah agus Salmunna, agus do ċlaóiḋ sé an slúaġ uile. 13 ¶ Agus díompóiġ Gideon ṁac Ioas ón ċaṫ suil do éiríġ grían. 14 Agus rug sé ar ogánaċ do ṁuinntir Ṡuccot, agus dfíafruiġ scéula ḋe: agus do scríoḃ sé ḋó prionnsuiḋe Ṡuccot, agus a sinnsir, eaḋon seaċd ḃfir ḋéug ar ṫrí fiṫċid. 15 Agus ṫainic sé go muinntir Ṡuccot, agus a duḃairt, Féaċuiḋ Sébah agus Salmunna, le ndearnaḃair maóiḋeaṁ orumsa, ḋa ráḋ, An ḃfuilid láṁa Ṡébah agus Ṡalmuana a nois ann do láiṁsi, as a ttiuḃramaóisne arán dot ṁuinntir atá curṫa? 16 Agus do ġlac sé sinnsir na caiṫreaċ, agus droiġion an nfásaiġ agus driséoga, agus do ṁúin sé muinntir Ṡuccot léo sin. 17 Agus do ḃris sé síos tor Ṗenuel, agus do ṁarḃ sé muinntir na caiṫreaċ. 18 ¶ Ann sin a duḃairt seision re Sébah agus re Salmunna, Cred an tsaṁuil ḋaoine an luċd do ṁarḃaḃair a Ttábor? Agus do ḟreagradarsan, Mar atá tusa, is marsin do ḃádarsion; gaċ aon díoḃ a ccosaṁlaċd ċloinne ríġ. 19 Agus a duḃairt seision, Dob iadsin mo ḋearḃráiṫresi, mic mo ṁaṫar: martá an TIĠEARNA beó, da saḃálaḋ siḃ béo íad sin, ní ṁairfinnsi siḃsi. 20 Agus a duḃairt seision le Ieter a ċéaidġin, Eiriġ súas, marḃ íad. Aċ nior ṫarruing an tóganaċ a ċloiḋioṁ: óir do ḃí eagla air, do ḃríġ go raiḃ fós na ógánaċ. 21 Annsin a duḃairt Sébah agus Salmunna, Eiriġ fein, agus leig oirinn: óir mar ḃios an duine, is mar sin ḃíos a neart. Agus déiriġ Gideon, agus do ṁarḃ Sébah agus Salmunna, agus rug leis na neiṫe deaġṁaiseaċa do ḃí ar ḃraiġdiḃ a ccáṁall. 22 ¶ Ann sin a duḃradar muinntir Israel ré Gidéon, Riaġluiḋsi ós ar ccionne, araon ṫú féin, agus do ṁac, agus mac do ṁic mar an gcéadna: óir do ṡáor tú sinn ó láiṁ Ṁídian. 23 Agus a duḃairt Gideon ríu, Ní ríaġloċuiḋ misi ós ḃur gcionn, ní mó riaġloċus mo ṁac ós ḃur gcionn: sé an TIĠEARNA ríaġloċus ós ḃur ccionn. 24 Agus a duḃairt Gideon ríu, Díarrfuinn impiḋe oruiḃ, go ttugaḋ gaċ áon aguiḃ ḋaṁ clúasḟáinniḋe a éadála. Oir do ḃádar cluasḟainniḋe órḋa aca, do ċionn gur buḋ Ismaelítiġ íad. 25 Agus do ḟreagradarsan é ġá ráḋ, Do ḃéarum uainn íad go toilteanaċ. Agus do ṡíneadar éadaċ, agus do ṫeilgeadar ann gaċ aon fa leiṫ cluasḟáinniḋe a éadala. 26 Agus dob é coṁṫrom na cclúasḟáinneaḋ óir díar sé orra míle agus seaċd gcéad secel óir; táoḃ amuiġ do ḋeaġṁaisiġiḃ, agus do ċoiléuruiḃ, agus déadaċ purpúir noċ do ḃí ar ríġṫiḃ Mídian, agus taoḃ amuiġ do na slaḃraġuiḃ do ḃí fa ḃraiġdiḃ a gcáṁall. 27 Agus do rinne Gídeon eṗod de sin, agus do ċuir é ann a ċaṫair féin, an Oṗrah: agus do ċuáiḋ Israel uile annsin do striopaċas na ḋiáiġ: ṫáinic an ní sin na ḋul do Ġideon, agus dá ṫiġ. 28 ¶ Is mar so do cláioḋeaḋ Mídian roiṁe ċloinn Israel, ionnus nár ṫógḃadar a gcionn ní sa ṁó. Agus do ḃí an tír go socair ceaṫraċad bliáḋan a láeṫiḃ Ġideon. 29 ¶ Agus do ċuáiḋ Ierubbaal ṁac Ioas agus do áitreiḃ ann a ṫiġ féin. 30 Agus do ḃí deiṫneaṁar agus trí fiṫċid mac ag Gideon geineaḋ dá ċorp féin: óir do ḃádar mórán ban aige. 31 Agus rug a leannán fós do ḃí a Seċem mac ḋó, ar a ttug sé Abimeleċ dainm. 32 ¶ Agus déug Gideon ṁac Ioas a naóis ṁaiṫ ḟoirfe, agus do haḋlaiceaḋ é a ttuama Ióas a aṫar, ann Oṗrah na Nabi‐esríteaċ. 33 Agus tárla, coṁluaṫ agus déug Gideon, gur iompóiġeadar clann Israel a ris, agus go ndeaċadar do stríapaċus ag leanṁuin Ḃaalim, agus do rinneadar día ḋóiḃ féin do Ḃaal‐berit. 34 Agus níor ċuiṁniġeadar clann Israel air a TTIĠEARNA Día, noċ do ṡáor íad as láṁuiḃ a uáṁad uile ann gaċ uile ṫáoḃ: 35 Agus ní mó do ṫaísbeanadar cinéul do ṫiġ Ierubbaal, dar ḃainm, Gideon, do réir gaċ maiṫeasa dar ṫaisbein sé Disrael. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society