Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Breiṫeaṁuin 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VII. Slóġ Iosua 32000. 16 Ar ccaiṫeaṁ inntleaċd ar na Midianaċaiḃ, do ḃuaġaiġ sé orra.

1 Ann sin do éiriġ súas Ierubbaal, sé sin Gideon, agus an pobal do ḃí na ḟoċair, go moċ, agus do ṡuiġeadar láiṁ re tobar Hárod: ionnus go raiḃ slúaiġ na Mídianaċ don táoḃ ṫuáiġ ḋíoḃ, láiṁ re cnoc Móreh annsa ġleann.

2 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Gideon, Atáid na daóinesi ad ḟoċairsi ro iomadaṁuil ḋaṁsa re ṫabairt na Midianaċ ann a láṁuiḃ, deagla go mbeiṫ úaḃar ar Israel am aġaiḋsi, ġa ráḋ, Sí mo láṁ féin do ṫárrṫuiġ mé.

3 Anois ar a náḋḃarsin tiomáin ort, fúagair a gcluasuiḃ na ndaóineaḋ, ġa ráḋ, Giḋ bé air a ḃfuil uaṁan nó eagla, filleaḋ sé agus imṫiġeaḋ go moċ ó ṡliaḃ Gílead. Agus do ḟill annsin do ṗobal, ḋá ṁile agus fiṫċe; agus dfanadar deiċ míle.

4 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Gideon, Atáid an slúaġ ro líonṁar fós; taḃair leaċd síos iad ċum a nuisge, agus teisteoċadsa annsin duit íad: agus is aṁluiġ ḃías, giḋ bé ar a ndéara misi, Imṫiġeaḋ an fearsa leaċd, raċuíḋ an fearsin leaċd; agus giḋ bé ar a ndeara mé, Ná himṫiġeaḋ an fearsa leaohd, ní raċuiḋ an fearsin leaċd.

5 Marsin ṫug sé a núas na daóine ċum a nuisge: agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Gideon, Gaċ áon dá liġfiḋ súas an tuisge le na ṫeangaiḋ, mar do ḋéanaḋ madraḋ, cuirfe tú an té sin ar leiṫ; mar an gcéadna gaċ aon dá ccromann síos ar a ġlúiniḃ dól diġe.

6 Agus uiḃir na ndáoine do liġ, ag cur a láiṁe ċum a mbeóil, bá trí ċead fear: aċd an ċuid eile uile don ṗobal do ċromadar síos ar a nglúiniḃ dól uisge.

7 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Gideon, Is leis na trí ċéud fear do liġ súas an tuisge ṫárrṫoċus mé siḃ, agus ṫoirḃeorus mé na Midianuiġ ann do láiṁ: agus imṫiġeaḋ cáċ uile gaċ áon díoḃ dá ait féin.

8 Mar sin do rug an pobal lónn léo iona láṁuiḃ, agus a stuic: agus do ċuir sé an ċuid eile Disrael gaċ áon díoḃ dá lóistín, agus do ċongḃuiġ na trí ċéad fearsin: agus do ḃí slúaġ Ṁídian táoḃ ṡíos dioḃ annsa ġleann.

9 ¶ Agus tárla a noiḋċe sin féin, go ndúḃairt an TIĠEARNA ris, Eiriġ, síos, a gcionn an tslóiġ; óir ṫug misi ad láiṁ é.

10 Aċ má ḃíonn eagla ort dul síos, éiriġ le Ṗúrah do ṡeirḃiseaċ síos ċum an tslóiġ:

11 Agus cluinfiḋ tú cred a déaruid síad; agus na ḋiáiġ sin neartoċar do láṁa do ḋul síos ċum an tslóiġ. Annsin do ċuáiḋ sé síos lé Ṗurah a ṡearḃfoġantuiġ gus an gcuid amuiġ do na daoiniḃ armṫa do ḃí san tslúaġ.

12 Agus do ḃadar na Mídianuiġ agus na Hamalecitiġ agus clann a noirṫir uile ar feaḋ an ġleanna aṁuil ḋorsain ar líonṁaireaċd; agus do ḃádar a gcáṁuill dóáirṁiġ mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge ar iomadaṁlaċd.

13 Agus a nuáir ṫáinic Gideon, féuċ, do ḃí duine dinnis aisling ḋa ċumpánaċ, agus a duḃairt, Féaċ, do ċonnairc me aisling, agus, féaċ, ṫáinic bairġin dáran eórna a measc ṡluáiġ Ṁídian, agus ṫainic go páillíun áiriġ, agus do ḃuáil é nó gur ṫuit sé, agus do ṫeilg bun ós cionn é, gur ṡín an paillion ar a ḟaide.

14 Agus do ḟreagair a ċompánaċ é, agus a duḃairt, Ni ní ar biṫ oile so aċ cloiḋioṁ Ġideon ṁic Ióas, duine do Israel: óir ṫug Día Mídian iona láiṁ, agus an slúaġ uile.

15 Agus is aṁluiġ do ḃí a nuáir do ċúala Gideon innísin na haislinge, agus a heidirṁíniuġaḋ, go ndearna aḋraḋ, agus gur iompóiġ go slúaġ Israel, agus go nduḃairt, Eirġiḋe; óir ṫug an TIĠEARNA slúaġ Ṁídian an ḃur láiṁ.

16 ¶ Agus do roinn sé na trí ċéad fear a ttrí ccuideaċduiḃ, agus do ċuir stoc a láiṁ gaċ áonduine, maille re soiṫiġiḃ folṁa, agus loċranaḋ annsna soiṫiġiḃ.

17 Agus a duḃairt sé ríu, Féaċuiḋ ormsa, agus déanuiḋ mar an gcéadna: agus, féaċ, a nuáir ṫiocfas mé táoḃ amuiġ don ċampa, is aṁluiġ ḃías, mar do ḋéana misi, is mar sin do ḋéantaoise.

18 A nuáir ṡéidfios misi stoc, mé féin agus a ḃfuil am ḟoċair, ann sin séidiġsi na stuic mar an gcéadna ar gaċ uile ṫáoḃ don ċampa, agus abraiḋ, Cloiḋioṁ an TIĠEARNA agus Ġideon.

19 ¶ Marsin ṫainic Gideon, agus an céad fir do ḃí na ḟoċair, don táoḃ amuiġ don ċampa a ttosaċ na faire meaḋonuiġ; agus ní mó ná gairid roiṁe do ċuireadar a nfaire amaċ: agus do ṡéidiodar na stoic, agus do brisiodar na soiṫiġe do ḃí na láṁuiḃ.

20 Agus do ṡéideadar na trí ċuideaċda na stuic, agus do ḃrisiodar na soiṫiġe, agus do ċongṁadar na loċranaḋa iona láṁuiḃ clé, agus na stuic íona láṁuiḃ deasa ċum séidṫe: agus do ġáireadar, Cloiḋeaṁ an TIĠEARNA, agus Ġídeon.

21 Agus do ṡeas gaċ éanduine na áit féin timċioll an ċampa; agus do riṫiodar an slúaġ uile, agus do éiġṁiodar, agus do ṫeiṫiodar.

22 Agus do ṡéidiodar na trí ċéad na stuic, agus diompóiġ an TIĠEARNA cloiḋioṁ gaċ éan duine ḋíoḃ a naġaiḋ a ċumpánuiġ, ar fad an tslúaġ uile: agus do ṫeiṫ an slúaġ go Betsitah ann Sererat, agus go teóruinn Abel‐meholah, go nuige Tabbat.

23 Agus do ċruinniġeadar muinntir Israel íad féín a ccionn a ċeile as Naṗtali, agus as Aser, agus as Ṁanasseh uile, agus do leanadar a ndíaiġ na Midianaċ.

24 ¶ Agus dó ċuir Gideon teaċda ar feaḋ ṡléiḃe Eṗraim, ġa ráḋ, Tigiḋ a núas a naġaiḋ na Mídianaċ, agus gaḃuiḃ rompa na huisgiḋe go Bet‐barah agus go Iordan. Ann sin do ċruinniġeadar muinntir Eṗraim íad féin a cceann a ċéile, agus do ġaḃadar na huisgiḋe go Bet‐barah, agus go Iordan.

25 Agus do ġaḃadar días do ṗrionnsaḋaiḃ na Mídianaċ, Oreb agus Seeb; agus do ṁarḃadar Oreb ar ċarruic Oreb, agus do ṁarḃadar Seeb a ccantáoir ḟíona Ṡeeb, agus do leanadar Midian, agus tugadar cinn Oreb agus Ṡeeb leó go Gideon don taoiḃ oile do Iordan.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan