Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Breiṫeaṁuin 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VI. Claonaḋ oile an ṗobuil on TIĠEARNA . 2 Ḃuail na Midianuiġ iad. 11 Do ċuir aingeal Dé Gideon dá saoraḋ.

1 Agus do rinneadar clann Israel olc a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA: agus ṫug an TIĠEARNA íad a láiṁ Ṁídian ar feaḋ ṡeaċd mblíaḋan.

2 Agus rug láṁ Ṁídian búaiḋ a naġaiḋ Israel: agus air eagla na Mídianaċ do rinneadar clann Israel ḋóiḃ féin na húaṁa atá an sna sléiḃtiḃ, agus na cúasa, agus na daingneaċa láidre.

3 Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir do ċuir Israel síol, go ttangadar na Mídianuiġ súas, agus na Hamalecitiġ, agus clanna a noirṫear, ċeana ṫangadar súas na naġaiḋ;

4 Agus do ṡuiġeadar foslungṗort na naġaiḋ, agus do ṁilleadar biseaċ na talṁan, nó go ttí tú go Gasa, agus níor ḟágḃadar beaṫa ar biṫ ag Israel, cáoiriġ, nó daíṁ, nó assail.

5 Oír ṫangadar súas maille re na máoin agus le na bpaillioníḃ, agus tangadar aṁuil lócuistiġ ar liónṁaireaċd; óir do ḃádar féin araon agus a ccaṁuill dóáirṁiġ: agus do ċuádar a steaċ don tír dá hargain.

6 Agus do boċduiġeaḋ Israel go roṁór do ḃríġ na Mídianaċ; agus do eíġṁeadar clann Israel ar an TTIĠEARNA.

7 ¶ Agus tárla, a nuáir déiġṁeadar clann Israel ċum an TIĠEARNA do ḃríġ na Mídianaċ,

8 Gur ċuir an TIĠEARNA fáiḋ ċum cloinne Israel, noċ a duḃairt ríú, Mar so a duḃairt TIĠEARNA Día Israel, Ṫug misi súas ó Négipt siḃ, agus ṫug mé amaċ siḃ as tiġ na dáoirsi;

9 Agus do ṡáor mé siḃ as láiṁ na Négiptaċ, agus as láiṁ gaċ a raiḃ trom oruiḃ, agus do ṫiomáin me amaċ roṁuiḃ íad, agus ṫug mé a ndúiṫċe ḋiḃse;

10 Agus a duḃairt mé riḃ, Is misi ḃur TTIĠEARNA Día; ná bioḋ eagla deé na Namoríteaċ oruiḃ, aga ḃtuiltí ḃur ccoṁnuiġe iona ndúiṫċe: aċ níor uṁluiġeaḃair dom ġlór.

11 ¶ Agus táinic aingeal ón TTIĠEARNA, agus dó ṡuiġ fáoi ḋaruiġ noċ do ḃí ann Oṗrah, noċ ba lé Ioas an Tabí‐esríteaċ: agus do ḃí a ṁac Gidéon ag búalaḋ cruineaċda láiṁ ré hionad brúite an nfíona, ḋá ḟolaċ ar na Midianaċaiḃ.

12 Agus do ṫaiḃreaḋ aingeal an TIĠEARNA ḋó, agus a duḃairt sé ris, Atá an TIĠEARNA maille leaċd, a ḋuine neartṁair a ngaisgiḋ.

13 Agus á duḃairt Gidéon ris, Oh mo ṪIĠEARNA, má atá an TIĠEARNA máille rinn, cred fa tteagṁann so uile ḋúinn? agus cáit a ḃfuilid a ṁiorḃuile, noċ do innseadar ar naiṫreaċa ḋuinn, ḋá ráḋ, Naċ ttug an TIĠEARNA a níos ón Négipt sinn? aċd anois do ṫréig an TIĠEARNA sinn, agus do ṡeaċaid sé sinn a láṁuiḃ na Mídianaċ.

14 Agus dféuċ an TIĠEARNA air, agus a duḃairt, Eiriġ annso an do neart, agus sáorfuiġ tú Israel ó láṁuiḃ na Mídianaċ: naċ ar ċuir misi uáim ṫú?

15 Agus a duḃairt seísion ris, O mo ṪIĠEARNA, cred le ttárrṫoċa mé Israel? féuċ, atá mo ṁuinntir boċd a Manasseh, agus is mé féin is luġa a ttiġ maṫar.

16 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Is deiṁin go mbíaiḋ misi leaċd, agus buáilfiḋ tú na Mídianuiġ aṁuil éanduine aṁáin.

17 Agus a duḃairt seision ris, Ma fúair mé grása anois ad raḋarc, ann sin taisbein coṁarṫa ḋaṁ go laḃrann tú riom.

18 Guiḋim ṫú, ná himṫiġ as so, no go ttí mé ċugad, agus go ttuga mé amaċ mo ofráil, agus go ccuirfiḋ me í as do ċoinne. Agus a duḃairt seision, Fanfuiḋ mé nó go ttí tú a rís.

19 Agus do ċúaiḋ Gidéon a steaċ, agus do ġléas sé meannán, agus cácuiḋe gan loiḃín do eṗah ṗlúir: do ċuir sé a nfeóil a mbascaéd, agus do ċuir an tanḃruiṫ a bpota, agus ṫug se ċuíge é faoi an daruiġ, agus do ṫairg é.

20 Agus a duḃairt aingeal Dé ris, Glac a nféoil agus na haráin gan loiḃin, agus cuir air an gcarruigse íad, agus dóirt amaċ an tanḃruiṫ. Agus do rinne sé sin.

21 Agus annsin do ċuir aingeal an TIĠEARNA ceann an ḃata do ḃí na láiṁ amaċ, agus do ḃean ris an ḃféoil agus na haránuiḃ gan loiḃín; agus do éiriġ teiniḋ súas as an gcarruig, agus do loisg a nfeóil agus na bairġiona gan loiḃin. Annsin dimṫiġ aingeal an TIĠEARNA as a aṁarc.

22 Agus a núair ṫuíg Gideon gur bé aingeal a ccaḃair an TIĠEARNA é, a duḃairt Gideon, Uċ, a ṪIĠEARNA Dia! do ċionn go ḃfaca mé aingeal an TIĠEARNA aġaiḋ ar aġaiḋ.

23 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, sioṫċaín maille‐leaċd; ná bíoḋ eagla ort: ní ḃfuiġe tú bás.

24 Ann sin do ṫóg Gideon altóir don TIĠEARNA air a náitsin, agus do ġoir Iehoḃah‐Salom ḋi: gus an lá a niúġ atási fós ann Oṗrah na Nabiesríteaċ.

25 ¶ Agus tárla a noiḋċesin téin, go nduḃairt an TIĠEARNA ris, Glac bulóg óġaṫar, eaḋon an dara ḃulóg do ṡeaċd mblíaḋnuiḃ dáois, agus teilg síos altóir Ḃaal ata ag haṫair, agus geárr síos a nfásċoill ġarráin atá láiṁ ris:

26 Agus déana altóir dot ṪIĠEARNA Día ar ṁullaċ na cairgesi, ann sa náit ḋáingin, agus glac an dara ḃulóg, agus cfráil íoḋbuirt loisge le cunnaḋ na coilleaḋ noċ ġéarrfas ṫú síos.

27 Ann sin rug Gideón deiċneaṁar fear dá ṡerḃíseaċaiḃ leis, agus do rinne mar a duḃairt an TIĠEARNA ris: agus is aṁluiḋ ḃí, do ċionn gur ḃeagail leis muinntir a aṫar, agus muinntir na caiṫreaċa, naċ ar ḟéad sé do ḋéanaṁ san ló, go ndéarna se san noiḋċe é.

28 ¶ Agus a núair do éirġeadar muinntir na caiṫreaċ go moċ ar ṁaídin, feaċ do ḃí altóir Ḃáal ar na teilgion síos, agus do gearraḋ síos an ċoill do ḃí láiṁ ría, agus do híoḋbraḋ an dara ḃulóg air a naltóir do ṫógḃaḋ.

29 Agus a duḃairt gaċ aon aca re ċéile, Cía rinne an níse? Agus a nuáir do spíonadar agus dfiafruiġeadar, a duḃradar, A sé Gideon ṁac Ióas do rinne so.

30 Ann sin a duḃradar muinntir na caiṫreaċ re Ióas, Taḃair amaċ do ṁac, go ḃfuiġe sé bás: do ċionn gur ḃris sé síos altóir Ḃáal, agus do ċionn gur ġearr sé síos an ċoill do ḃí láiṁ ris.

31 Agus a duḃairt Ioas re ar ṡeas na áġaiḋ uile, A ndéanfaói tagra ar son Ḃáal? an gcuiṁdeoċa siḃse é? an té ṫaigeorus ar a ṡon, cuirṫear cum báis é an feaḋ atá fós na ṁaidin: más Día e, tagraḋ sé ar a ṡon féin, do ċionn gur ṫeilg duine a altóir síos.

32 Ar a naḋḃársin do ġoir sé Ierubbaal de an lásin, ġa ráḋ, Déanaḋ Baal ttagra na aġaiḋ, do ċionn ġur ṫeilg sé a altóir síos.

33 ¶ Annsin do ḃádar na Mídíanuiġ uile agus na Hamalecitiġ agus clanna a noirṫear ar na gcruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile, agus do ċúadar anonn, agus do ṡuiġeadar a ngleann Iesreel.

34 Aċ táinic spiorad an TIĠEARNA ar Ġideon, agus do ṡéid sé a stoc; agus do ċruinniġ Abieser na ḋiáiġ.

35 Agus do ċuir sé teaċda ar fad Ṁanasseh uile; noċ do ḃí mar an gcéadna ar na gcruinniuġaḋ na ḋiáiġ: agus do ċuir teaċda go Haser, agus go Sebulun, agus go Naṗtali; agus tangadar a níos na ċoinne.

36 Agus a duḃairt Gideon re Día, Ma ṫárrṫuiġionn tú Israel lem láiṁsi, fa mair a duḃairt tú,

37 Féaċ, cuirfe mé lomraḋ olla air a nurlár; agus ma ḃíonn drúċd ar an lomraḋ aṁáin, agus go mbia an talaṁ uile tírim, ann sin ḃías a ḟios agam go ttárrṫoċa tú Israel lem láiṁsi, mar a duḃairt tú.

38 Agus do ḃí mar sin: óir do éiriġ sé go moċ ar na ṁáraċ, agus do ḋlúṫaiġ sé re ċéile an lomraḋ, agus dfáisg do ḋrúċd as an lomraḋ, lán scála duisge.

39 Agus a duḃairt Gideon re Día, Ná lasaḋ ṫfearg a maġaiḋ, agus ní laiḃeora mé aċt so aṁáin: guiḋim ṫú, ná dearḃuim aċt a néanuáirse eile leis a lomraḋ; bíoḋ an tiormaċ ar an lomraḋ aṁáin, agus bíoḋ drúċd ar an ttaluṁ uile.

40 Agus do rinne Día sin a noiḋċesin: óirdo ḃí an tiormaċ air an lomraḋ aṁáin, agus drúċd air an ttaluṁ uile.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan