Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Breiṫeaṁuin 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V. Dán ċaiṫreamaċ Ḋebórah agus Ḃárac.

1 An sin do ċán Deborah, agus Bárac ṁac Abinoam an lá sin, ḋa ráḋ,

2 Moluiġsi an TIĠEARNA, do ċionn dioġaltais Israel, á núair do ṫoirḃriodar na daoine íad féin go toileaṁuil.

3 Eistiġe, O a ríġṫe; tugaiḋ aire, a ṗrionnsuiḋe; cánfuiḋ misi, misi féin, don TIĠEARNA; cánfuiḋ mé molaḋ don TIĠEARNA Día Israel.

4 A ṪIĠEARNA, a núair do ċuáiḋ tú amaċ as Seir, a nuáir do ċuáiḋ tú ar haġaiḋ as maċaire Edom, do ċrioṫnuiġ an talaṁ, agus do ṡileadar na neaṁa, agus na neóill mar an gcéadna do ṡileadar uisge.

5 Do leaġadar na sléiḃte roiṁe ġnúis an TIĠEARNA, Sínai féin roiṁe ġnúis an TIĠEARNA Día Israel.

6 A láeṫiḃ Ṡamgar ṁic Anat, a láeṫiḃ Iael, do ḃádar na slíġṫe mora gan taṫuiġe, agus do ṡiaḃluiġedis luċd imṫeaċda na sliġeaḋ a róduiḃ seaċránaċa.

7 Do sguireadar áitreaḃuiġ na mbailteaḋ, do sguireadar a Nísrael, nó gur éiriġ mise Deborah, gur eiriġ me am ṁaṫair a Nísrael.

8 Do ṫoġadar dée núaḋa; annsin do ḃí an cogaḋ ansna doirsiḃ: an ḃfacus sgíaṫ nó gaṫ a measc ċeaṫraċad míle a Nisrael?

9 Atá dúil mo ċroiḋe a núaċdaránuiḃ Israel, noċ do ṫoirḃir íad féin go toileaṁuil a measg an ṗobail. Beannuiġi si an TIĠEARNA.

10 Laḃraḋ siḃsi do ní marcuiġeáċd ar assaluiḃ bána, a luċd ṡuiḋios a mbreiṫeaṁnus, agus ṡiuḃluiġios an tsliġe.

11 An drong do ṡáoraḋ ar ḟuáim na saiġdeoraḋ a náitiḃ tairngṫe a nuisge, ann sin foillseoċuid síad ġníoṁraḋ firéanta an TIĠEARNA, eaḋon na gníoṁa fíreanta a ttaoḃ áitreaḃaċ a ḃailteaḋ a Nisrael: annsin raċaiḋ pobal an TIĠEARNA síos gus na geataḋuiḃ.

12 Múscail, Múscail, a Ḋeborah: múscuil, múscuil, cán dán: éiriġ, a Ḃárac, agus tréoruiḋ do ḃraiġdionus a mbruid, ṫusa a ṁic Abínoam.

13 Annsin ṫug sé ar an té ṁairios go mbiáiḋ uaċdaránaċd aige ós cionn na núasal a measg an ṗobail: ṫug an TIĠEARNA orumsa tiġearnus do ḃeiṫ agam ós cionn na gcoṁaċdaċ.

14 Amaċ as Eṗraim do ḃí fréaṁ ḋíoḃ a naġaiḋ Amalec; ad ḋiáiġ si, a Ḃeniamin, a measg do ṗobail; amaċ as Maċir ṫangadar úaċdaráin a núas, agus amaċ as Sebulun ṫainic an drong ġlacus peann an scriḃnéora.

15 Agus do ḃádar prionnsuiḋe Issaċar a ḃfoċair Ḋeborah; eaḋon Issaċar, agus Bárac mar an ccéadna: do cuireaḋ ḋa ċois ċum an ġleanna é. Air son ronna Reuben do ḃádar smuaintiġe móra croiḋe.

16 Cred fá ndéarnuis coṁnuiġe a measg ḃánraċ na gcáoraċ, déisteaċd re méiliġ na ttréud? ar son ronna Reuben do ḃí spíonaḋ mór croiḋe.

17 Do rinne Gílead coṁnuiġe taoḃ ṫall do Iordan: agus cred far ḟan Dan a loingios? do rinne Aser coṁnuiġe ar ṫráiḋ na fairge, agus do ḟan anna ḃéarnuiḃ.

18 Agus bá dáoine Sebulun agus Naṗtali do ċuir a nanmanna a mbáoġal go bás a náitiḃ árda an ṁaċaire.

19 Tangadar na ríġṫe, agus do ṫroideadar, annsin do ṫroídeadar ríġṫe Cánaan a Dtaanac láiṁ re huisgiḋiḃ Ṁegiddon; níor ġaḃadar éadáil ar biṫairgid.

20 Do ṫroideadar ó ḟlaiṫeaṁnus; do ċaṫuiġeadar na réulta ann a sliġṫiḃ a naġaiḋ Ṡisera.

21 Do ḟúaduiġ an aḃann Císon le íad, an tseanaḃannsin, a naḃann Císon. O mo anum, do ṡaltuir tú síos neart.

22 Annsin do briseaḋ ingne na neaċ do ḃríġ a niomrúaguiḋ, iomrúagaḋ a neaċ árraċda.

23 Malluiġiḋsi Méros, (do ráiḋ aingel an TIĠEARNA), malluiġiḋsi go deanaċdaċ a háitreaḃuiġ; do ċionn naċ dtangadar a ccaḃair an TIĠEARNA, a ccaḃair an TIĠEARNA a naġaiḋ na ccuṁaċdaċ.

24 Buḋ beannuiġ ḃías Iael ós cionn na mban bean Heber an Ceniteaċ, buḋ beannuiġ í ós cionn ḃan ansa bpáilliún.

25 Diarr sé uisge, agus ṫug sí bainne ḋó, ṫug sí im amaċ a meis ṫiġearnaṁuil.

26 Do ċuir sí a láṁ ansa táirnge, agus a láṁ ḋeas ar gceannaire na noibriġeaḋ; agus do ḃúail sí Sisera leis an ngeannaire, do ġeárr sí a ċeann de, núair do ṫoll sí agus do ḃúail si é tre na ċamóig ara.

27 Duṁluiġ sé agá cosuiḃ, do ṫuit sé, do luiġ se síos: aga cosuiḃ do uṁluiġ sé, do ṫuit sé: mar ar ċláon sé, annsin do ṫuit sé síos marḃ.

28 Dféuċ maṫair Ṡisera amaċ ar ḟuinneóig, agus do eíġ ṫríd an laitís, Cred fá ḃfuil a ċarbad an fad so ag teaċd? Cred fa ḃfanuid riṫleain a ċarbad?

29 Do ḟreagradar a baintiġearnaḋ glioca í, fós, do ḟreagair sisi í féin,

30 Naċ rugadar búaiḋ? naċ ar roinneadar a néadail; da gaċ eaínfear cailin no ḋó; do Ṡisera éadáil iolḋaṫaċ, éadáil iolḋaṫaċ dobair ṡnaṫaide, iolḋaṫaċ dobair ṡnaṫaide air gaċ táoiḃ, ḟá ḃraiġdiḃ an luċd éadala.

31 Marsin a ṪIĠEARNA go gcláoiḋtear do naiṁde uile: aċ bíoḋ an ṁeid ler ḃionṁuin é mar an ngreín a núair éirġios súas iona neart. Agus do ḃí súaiṁnios agan taluṁ ceaṫraċad blíaḋan.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan