Breiṫeaṁuin 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IV. Claonaḋ oile an ṗobuil. 2 Foirrneart Iabin agus Ṡisera. 4 Coṁḟuasglaḋ tríd Ḋebórah agus Ḃárac. 1 Agus do rinneadar clann Israel a rís olc a raḋarc an TIĠEARNA, a núair do éug Ehud. 2 Agus do reac an TIĠEARNA íad a láiṁ Iábin ríġ Ċánaain, noċ ba ríġ an Hasor; ba hé caiptín a ṡlóiġ Sisera, noċ dáitreiḃ ann Haroset na Ngeinteaḋ. 3 Agus déiġṁeadar clann Israel ċum an TIĠEARNA: óir do ḃí aige naói gcéud carbad íaruinn; agus do ṡáruiġ sé go hanṁór clann Israel ḟiṫċe ḃaḋan. 4 ¶ Agus Deborah banḟáiġ, bean Lapidot, dob isi fá ḃreiṫeaṁ ar Israel fá namsin. 5 Agus do ḃí sí na coṁnuiġe fáoi ċrann pailme Ḋeborah eidir Rámah agus Bétel a slíaḃ Eṗraim: agus tangadar clann Israel ċuice súas dfaġáil ḃreiṫeaṁnuis. 6 Agus do ċuir sí fios, agus do ġoir sí Bárac ṁac Abinoam amaċ as Cedesnaṗtali, agus a duḃairt sí ris, A né nar aiṫin an TIĠEARNA Día Israel, Eirġiḋ agus tarruiġ leaṫ ré slíaḃ Tábor, agus beir leaċd deiċ míle fear do ċloinn Naṗtali agus do ċloinn Sebulun? 7 Agus tairreonga misi ad ċeann gus a naḃuinn Císon Sisera, caiptín slóiġ Iábin, maille re na ċarbaduiḃ agus le na toiṫeastal; agus do ḃéara mé ad láiṁsi é. 8 Agus a duḃairt Bárac ría, Má ṫéid tusa liom, annsin raċa mé ann: aċd muna ndeaċuiḋ tusa liom, ní raċa mé ann. 9 Agus a duḃairt sisi, Raċa misi leaċd go deiṁin: giḋeaḋ an turus ġáḃus tú ad láiṁ ní ḃiáiḋ mar onóir ḋuitsi; óir reacfaiḋ an TIĠEARNA Sisera a láiṁ ṁná. Agus déiriġ Deborah, agus do ċuáiḋ le Bárac go Cédes. 10 ¶ Agus do ġoir Bárac Sebulun agus Naṗtali go Cédes; agus do ċuáiḋ sé súas maille re deiċ míle fear lé na ċois: agus do ċuáiḋ Deborah súas leis. 11 Annois do ḋealuiġ Héber an Ceníteaċ, é féin, ó na Ceníteaċuiḃ, noċ do ḃí do ċloinn Hóbab clíaṁuin Ṁaóise, agus do ṡuiḋiġ a ḟoslungṗort go nuige réiteaċ Saanaim, noċ atá láiṁ ré Cédes. 12 Agus do ḟoillsiġeadar do Ṡisera go ndeaċaiḋ Bárac ṁac Abinoam súas go slíaḃ Tábor. 13 Agus do ċruinniġ Sisera a ḃfoċair a ċéile a ċarbuid uile, eaḋon naói gcéad carbad íaruinn, agus a nuile ḋuine da raiḃ na ḟoċair, ó Hasoret na Ngeinteaḋ go nuige a naḃuinn Císon. 14 Agus a dúḃairt Deborah re Bárac, Eiriġ súas; óir a sé so an lá ar ṫoirḃir an TIĠEARNA Sisera ad láiṁ: a né naċ deaċuiḋ an TIĠEARNA amaċ roṁad? Marsin do ċuáiḋ Bárac síos ó ṡlíaḃ Tábor, agus deiċ míle fear na ḋiáiġ. 15 Agus do ċlaóiḋ an TIĠEARNA Sisera, agus a ċarbuid uile, agus a ṡlúaġ uile, le fáoḃar an ċloiḋiṁ roiṁe Ḃárac; ionnus gur ṫuirling Sisera as a ċarbad síos, agus gur ṫeiṫ a luas a ċos. 16 Aċ do lean Bárac a ndiáiġ na gcarbad, agus a ndiaiġ an tslóiġ, go Haroset na Ngeinteaḋ: agus do ṫuit slúaġ Ṡisera uile le fáoḃar an cloiḋiṁ; agus níor fágḃaḋ duine ḋioḃ. 17 ¶ Giḋeaḋ do ṫeiṫ Sisera ar a ċosuiḃ go lóistín Iael bean Heber an Ceniteaċ: óir do ḃí sioṫċáin idír Iabin riġ Hásor agus tiġ Héber an Ceniteaċ. 18 Agus do ċuáiḋ Iael amaċ a gcoinne Ṡisera, agus a duḃairt ris, Fill a steaċ, mo ṫiġearna, fill a steaċ ċugamsa; ná bíoḋ eagla ort. Agus a nuáir do ḟill sé a steaċ ċuice san lóistín, dfoluiġ sí é lé falluing. 19 Agus a duḃairt sé ría, Guiḋim ṫú, taḃair ḋaṁ, beagán uisge ré a ól; óir atá tart orm. Agus dfoscuil sisi buidéal bainne, agus ṫug ḋósan deoċ, agus do ḋeasuiġ éadaċ ṫairis. 20 Agus a duḃairt sé ría, Seas a ndorus an ṗuibill, agus is aṁluiġ ḃías, má ṫig duine ar biṫ agus ḟiafroċus díot, agus déarus, An ḃfuil éanduine annso? déara tusa, Ní ḃfuil. 21 Annsin do ġlac Iael bean Héber táirrnge don ṗáillíun, agus do ġlac geannaire na láiṁ, agus do ċuáiḋ go mía ċuige, agus do ḃuáil an táirrnge iona ċamóig ara, agus do ḋaíngniḋ annsa taluṁ é: (óir do ḃí sé na ṡúan ċodalta agus curṫa.) Mar sin fuáir sé bás. 22 Agus, féuċ, mar do ḃí Bárac ag leanṁuin Ṡisera, ṫáinic Iael amaċ na ċoinne, agus a duḃairt sí rís, Tárr, agus taisbeanfuiḋ misi an duine ḋuit ataói díarruiġ. Agus a nuáir ṫáinic sé dá lóistín, féuċ, do ḃí Sisera na luiḋe marḃ, agus do ḃí an táirrnge iona ċamóig ara. 23 ¶ Mar sin do ċlaoiḋ Día an lá sin Iabin ríġ Cánaan roiṁe ċloinne Israel. 24 Agus do ṫairḃeaḋ laṁ ċluinne Israel, agus rugadar buáiḋ air Iabin riġ Ċánaain, nó gur scriosadar Iábin riġ Ċánaain. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society