Breiṫeaṁuin 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Claonaḋ, buaiḋreaḋ, agus sáoraḋ Israel fa ṫrí. 1 Anois is íad so na cineaḋaċa dfág an TIĠEARNA, ċum Israel do ḋearḃaḋ léo, éaḋon an ṁéid do Israel da nar ḃaiṫne cogṫuiḋ Ċánaain uile; 2 Aṁáin ionnus go mbíaḋ a ḟios ag slíoċd ċloinne Israel, cogaḋ do ṁúnaḋ ḋóiḃ, go háiriġ don ṁéid dá nar ḃaiṫnid éinní ḋe; 3 Mar atá, cúig tiġearna na Ḃfilistíneaċ, agus na Canaanítiġ uile, agus na Sidónianuiġ, agus na Hiḃitiġ do áitriḃ a slíaḃ Lebanon, ó ṡlíaḃ Baalhermon go nuige dul a steaċ go Hámat. 4 Agus do ḃádar ann do ḋearḃaḋ Israel rui, dféaċuin an néistfidis re haiṫeantuiḃ an TIĠEARNA, noċ do aiṫin sé da naiṫriḃ lé láiṁ Ṁaóise. 5 ¶ Agus do ċoṁnuiġeadar clann Israel a measc na Gcanaaníteaċ, na Hititeaċ, agus na Namoríteaċ, agus na Bperisitéaċ, agus na Hiḃiteaċ, agus na Iebusiteaċ: 6 Agus ġaḃadar a nínġiona na mnáiḃ ċuca, agus tugadar a ninġiona dá macaiḃ, agus daḋradar a ndée. 7 Agus do rinneadar clann Israel olc a raḋarc an TIĠEARNA, agus do ḋearmuid síad an TIĠEARNA a Ndía féin, agus do aḋradar Baalim agus ná garráin. 8 ¶ Uimesin do ḃí fearg an TIĠEARNA teasuiġe a naġaiḋ Israel, agus do reac sé íad a láiṁ Ċusan‐risataim ríġ na Mesopotámia: agus do rinneadar clann Israel serḃis do Ċusan‐risataim oċd mblíaḋna. 9 Agus a nuáir do éiġṁiodar clann Israel ar an TTIĠEARNA, do ṫóg an TIĠEARNA súas fear sáorṫa do ċloinn Israel, nóċ do ṫárrṫuiġ íad, eaḋon Otniel ṁac Cénas, an dearḃraṫair dob óige ag Cáleb. 10 Agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA air, agus do ḃreaṫnuiḋ sé an Israel, agus do ċúaiḋ amaċ do ḋéanaṁ cogaiḋ: agus ṫug an TIĠEARNA Ċusan‐risataim ríġ Ṁesopotámia ann a láiṁ; agus do búaḋuiġ a láṁ a naġaiḋ Ċusanrisataim. 11 Agus do ḃí súaiṁneas ag an ttír ar feaḋ ḋá ḟiċṫiod blíaḋan. Agus fuáir Otniel mac Cénas bás. 12 ¶ Agus do ċionntuiġeadar clann Israel a rís a raḋarc an TIĠEARNA: agus do neartuiġ an TIĠEARNA Eglon ríġ Moab a naġaiḋ Israel, do ḃríġ go ndéarnadar olc a raḋarc an TIĠEARNA. 13 Agus do ċruinniġ sé ċuige féin clann Ammon agus Amalec, agus dimṫiġ sé agus do ḃuail Israel, agus do ṡealḃuiġ caṫair na ccrann bpailme. 14 Mar sin do ḃádar clann Israel ag déanaṁ serḃisi do Eglon ríġ Ṁoab oċd mblíaḋna déug. 15 Aċ a nuair do éiġṁeadar clann Israel ar an TTIĠEARNA, do ṫóg an TIĠEARNA sáorṫóir súas dóiḃ, Ehud ṁac Géra, Beniamiteaċ, duine cle‐laṁaċ, agus do ċuireadar clann Israel, tioḋlacaḋ leis ċum Eglon ríġ Ṁoab. 16 Aċ do rinne Ehud sgían ḋá ḟáoḃar ḋó féin, ann a raiḃ cuḃad ar ḟad; agus do ċeangail sé é faoi na éadaċ ar a ċeaṫraṁuin deis. 17 Agus ṫug sé an tioḋlacaḋ ċum Eglon riġ Ṁoab: agus ba duine ro ṁéaiṫ Eglon. 18 Agus a núair do críoċnuiġ sé an tioḋlacaḋ do ṫaḃairt úaḋ, do ċuir sé ar siuḃal an luċd diomċuir an tioḋlacaḋ. 19 Aċ do fill sé féin a rís ó na cuiléaruiḃ do ḃí láiṁ ré Gilgal, agus a duḃairt sé, Atá teaċdaireaċd ṡeicréideaċ agam ċugad, a riġ: noċ a duḃairt, Bí ad ṫoċd. Agus a raiḃ na seasaṁ na fóċair uile do ċúadar amaċ uáḋ. 20 Agus táinic Ehud ċuige; agus do ḃí sé na ṡuiġe a bpárlús saṁruiġ, noċ do ḃí aige ḋó féin aṁáín. Agus a duḃairt Ehud, Atá teaċdaireaċd agum ó Ḋía ċugad. Agus déiriġ sé as a ċaṫáoir. 21 Agus do ċuir Ehud amaċ a láṁ ċlé, agus ṫúg an daigéar ó na laḋairg ḋeis, agus do ṡáiṫ ann a ḃolgsan é: 22 Agus do ċuáiḋ an dornċur a steaċ a ndiaiġ na lainne; agus do lean an ḃlunag don lainn, ionnus nár ḟeád sé an daigéar do ṫarraing as a ḃolg; agus ṫaínic an salċar amaċ. 23 Annsin do ċuáiḋ Ehud amaċ ṫríd an bpóirsi, agus do ḋruid sé doirse an ṗárlúis air, agus do ċuir glas orra. 24 A núair do ċuaíḋ sé amaċ, tangadar a ṁuinntir; agus a nuáir do ċonncadar, féuċ, go raiḃ doirsi an ṗárlúis druite, duḃradar, Go deiṁin do ḟoluiġ sé a ċosa ann a ṡeomra saṁruiġ. 25 Agus do ḟanadar nó go maḋ naír leó: agus, féuċ, níor ḟoscuil sé doirse an ṗárlúis; uimesin do ġlacadar eoċair, agus dḟosgladar íad: agus do ḃí a ttiġearna ar ttuitim marḃ air taluṁ. 26 Agus an fad do ḃádar ag fuireaċ do ċúaiḋ Ehud as, agus dimṫiġ sé ṫair na coilearuiḃ, agus do ċuáiḋ sé as go Seriat. 27 Agus tárla, a nuaír ṫáinic sé, gur ṡeíd sé stoc air ṡlíaḃ Eṗraim, agus do ċúadar clann Israel síos leis ón tslíaḃ, agus eision rompa. 28 Agus a duḃairt sé riú, Leanuiḋ misi: oir ṫug an TIĠEARNA na Moabítiġ ḃur naiṁde ann ḃur láiṁ. Do ċúadar síos na ḋiáiġ, agus do ġaḃadar áṫanna Iordan leaṫ re Moab, agus níor léigeadar duine ṫairis. 29 Agus do ṁarḃadar do Ṁoab a núair sin timċioll ḋeiċ míle fear, daoine neartṁara, agus gaisgeaṁla uile; agus ní ḋeaċaiḋ éanduine as. 30 Marsin do cláoiḋeaḋ Moab an lá sin fáoi laṁuiḃ Israel. Agus do ḃí an tír suáiṁneaċ oċdṁoḋad blíaḋan. 31 ¶ Agus na ḋíaiġsin do ḃí Samgar ṁac Anat, noċ do ṁarḃ do na Ṗilistíneaċaiḃ sé ċeúd fear le cleiṫprioca daṁ: agus do ṡáor seision Israel mar an gcéadna. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society