Breiṫeaṁuin 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXI. Do aṫ‐nuaḋuíġeaḋ treaḃ Ḃeniamin, taréis ḃeiṫ claoiḋṫe gu mór. 1 A nois tugadar fir Israel mionna a Mispeh, ḋá ráḋ, Ni ṫiuḃra éinneaċ aguinne a inġean do Ḃeniamin na mnaoi. 2 Agus tangadar an pobal go tiġ Dé, agus dfanadar ann go nóin a laṫair Dé, agus do ṫógḃadar súas a nguṫ, agus do ġuileadar go géar; 3 Agus a duḃradar, A ṪIĠEARNA Día Israel, cred fá ttárla so ann Israel, go mbíaḋ a niuġ treaḃ deasḃuiġ ann Israel? 4 Agus tarla ar na ṁáraċ, gur éirġeadar an pobal go moċ, agus go ndeárnadar altóir ann sin, agus gur ofráladar íoḋbuirt loiscṫe agus ofráil ṡíoṫċána. 5 Agus a duḃradar clann Israel, Cía atá a measg uile ṫreaḃa Israel naċ ttáinic súas ris an ccoṁċruinniuġaḋ ċum an TIĠEARNA? Oír ṫugadar mionna móra a ttaoḃ an té naċ dtáinic súas ċum an TIĠEARNA go Mispeh, ġa ráḋ, Cuirfiġear go deiṁin ċum báis é. 6 Agus do ġaḃ aiṫreaċus clann Israel fa na ndearḃraṫair Beniamin, agus a duḃradar, Atá treaḃ ar na gearraḋ ṫrid amaċ ó Israel a niuġ. 7 Cred ḋéanam fa ṁnáiḃ don ṁéid ṁairios, do ḃríġ go ttugamar an TIĠEARNA mar ṁionnuiḃ naċ dtiuḃramaois ar ninġeana ḋóiḃ mar ṁnáiḃ? 8 ¶ Agus a duḃradar, Cía an duine do ṫreiḃ Israel naċ dtáinic súas go Mispeh ċum an TIĠEARNA? agus, feaċ, ní ṫaínic éainneaċ don ċampa ó Iabes‐Gílead ċum an ċoṁċruinniġ. 9 Oír do háirṁeaḋ an pobal, agus, feaċ, ní raiḃ éainneaċ do aitreaḃuiġ Iabes‐Gílead annsin. 10 Agus do ċuireadar an coṁċruinniuġaḋ uáṫa annsin ḋá ṁíle ḋéag fear don droing bá beóḋa ḋíoḃ, agus daíṫniġeadar ḋíoḃ, ga ráḋ, Eirgiḋe marḃuiḋ áitreaḃuiġ Iabes‐Gílead le faoḃar an ċloiḋiṁ, na mná fos agus na leanba. 11 Agus sé so an ní do ḋéantaoi, scriosfuiḋe ṫríd amaċ gaċ uile ḟearḋa, agus gaċ uile ḃannda do luiġ le fear. 12 Agus fuáradar a measc áitreaḃaċ Iabes‐Gílead ceiṫre ċéad maiġdion ógṁná, ag naċ raiḃ fios fir le luiġe re fear ar biṫ: agus tugadar leó íad don ċampa go Síloh, noċ atá a ttír Ċánáan. 13 Agus do ċuireadar an cóṁċruinniuġaḋ uile daóine do laḃairt re cloinn Ḃeniamin noċ do ḃí ar ċarruic Rimmon, dá ngairm go síoṫehánta. 14 Agus táínic Beniamin a rís fan namsin; agus tugadar na mná ḋóiḃ noċ do ċuṁdaiġeadar beó do ṁnáiḃ Iabes‐gílead: giḋeaḋ fós ní ṫugadar mar sin a ndíol dóiḃ. 15 Agus do ġaḃ aiṫreaċus an pobal fá Ḃeniamin, do ċionn go ndeárna an TIĠEARNA briseaḋ a ttreaḃuiḃ Israel. 16 ¶ Ann sin a duḃradar seanóiriġ an ċoṁċruinniġ, Cred do ḋéanam dfaġáil ban don ṁéid ṁairios, ó scriosaḋ na mná as Beniamin? 17 Agus a duḃradarsan, Caiṫfiġior oiġreaċd do ḃeiṫ ag an ṁéid do ċuáiḋ as do Ḃeníamin, ċor naċ scriostar amaċ treaḃ ó Israel. 18 Giḋeaḋ ní ḟéadmaoid mná do ṫaḃairt dóiḃ dar ninġeanuiḃ féin: óir ṫugadar clann Israel mionna, ḋá ráḋ, Go ma malluiġ an té ḃéarus bean do Ḃeniamin. 19 Ann sin a duḃradarsan, Féaċ, atá féasta don TIĠEARNA a Síloh gaċa bliaḋna noċ atá don táoḃ ṫuáiġ do Ḃetel, don táoḃ ṡoir don tsliġe ṁóir noċ téid súas ó Ḃetel go Sċeċem, agus táoḃ ó ḋeas do Lebonah. 20 Uime sin do aiṫniġeadar do ċloimn Ḃeniamin, ġa ráḋ, Eirġiḋ agus cuiriġ luiḋeaċán an sna fíneaṁnuiḃ; 21 Agus féaċuiḋ, agus, tugaiḋ aire, má ṫigid inġeana Ṡíloh amaċ do ḋéanaṁ ringṫe a ringṫaiḃ, annsin tigiḋsi amaċ as na fíneaṁnuiḃ, agus glacaḋ gaċ eánduine aguiḃ a ḃean féin dinġeanuiḃ Ṡíloh, agus éirgiḋe go tír Ḃeniamin. 22 Agus is aṁluiġ ḃías, a nuáir ṫiocfaid a naiṫre nó a ndearḃráiṫre do ċasaóid rinne, go naibéoram ríu, Biṫi muinntearḋa ríu air ar soinne: do ċionn nar ṡáḃálamar a ḃean féin dá gaċ nduine annsa ċogaḋ: óir ní siḃsi ṫug ḋóiḃ a nuairsi, as go mbíaḋ siḃ ciontaċ. 23 Agus do rinneadar clann Ḃeniamin mar sin, agus tugadar mná ċuca, do réir a nuiḃre, don luċd ḃí ag daṁsa, noċ air a rugadar: agus dimṫiġeadar agus dfilleadar dá noiġreaċd, agus do aṫnuaiḋeadar na caiṫreaċa, agus do áitreaḃadar ionta. 24 Agus dimṫiġeadar clann Israel rompa as sin an tansin, gaċ áon dá ṫreiḃ féin agus ċum a ṁuinntire, agus dimṫiġeadar amaċ as sin gaċ áon dá oiġreaċd féin. 25 Ní raiḃ ríġ ar biṫ a Nisrael ansna láeṫiḃsin: do níoḋ gaċ nduine an ní baḋ toil leis féin. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society