Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Breiṫeaṁuin 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XX. Fir Ḃeniamin, ar búalaḋ ċloinn Israel ḋá úair ḋóiḃ, do ṫuiteadar faḋeire.

1 An sin do ċúadar clann Israel uile amaċ, agus do ċruinniġeadar an coṁċruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile aṁuil éanduine aṁáin, ó Ḋan go Beerséba, maille ré tír Ġilead, ċum an TIĠEARNA a Mispeh.

2 Agus do ṫaisbéanadar uaisle an ṗobail, ṫreaḃa Israel uile, íad féin a ccoṁċruínniuġaḋ ṁuinntire Dé, ceiṫre ċéad míle coisiġ do ṫarruing cloiḋeaṁ.

3 (Anois do ċúaladar clann Ḃeniamin go ndeaċadar clann Israel súas go Mispeh.) Ansin a duḃradar clann Israel, Innis dúinn, cionnus do ḃí an tolcso?

4 Agus do ḟreagair an Leḃíteaċ, fear na mná do marḃaḋ, agus a duḃairt, Ṫáinic mísi go Gibeáh noċ ís le Beniamin, mé féin agus mo leannán, do ġaḃáil lóistín.

5 Agus do éirġeadar muinntir Ġibeah am aġaiḋ, agus tangadar timċioll an tiġe orum san noiḋċe, agus do ḃreaṫnuiġeadar mo ṁarḃaḋ: agus deígniġeadar mo leannán, ionnus go ḃfúair sí bás.

6 Agus do ġlac misi mo leannán, agus do ġeárr mé na píosuiġiḃ í, agus do ċuir mé ar feaḋ ċríċe oiġreaċda Israel í: óir do rinneadar míġníoṁ agus leiṁe a Nisrael.

7 Féaċuiḋ, is clann Israel siḃ uile; tugaiḋ ḃur tteagasg agus ḃur ccoṁairle uaíḃ annso.

8 ¶ Agus deírġeadar an pobal uile mar éanduine aṁáin, ġá ráḋ, Ní raċam éanduine dá lóistín, ní mó fillfiom éanduine ḋá ṫiġ.

9 Aċt anois sé so ní do ḋéanam ré Gibeah; raċum súas lé crannċar na haġaiḋ;

10 Agus béaram deiċneaṁar as a ccéad ar feaḋ uile ṫreiḃ Israel, agus céad as an ṁíle, agus mile as na deiċ míle, do ḃreiṫ lóinn ċum an ṗobal, ċor go ndéanuid, a núair ṫiocfaid go Gibeáh Ḃeniamin, do réir a nuile leíṁe dar oibriġeadar ann Israel.

11 Marsin do ḃádar clann Israel uile ar na gcruinniuġaḋ a naġaiḋ na caiṫreaċ, ceangailte ḋá ċeile aṁuil éanduine aṁáin.

12 ¶ Agus do ċuireadar treaḃa Israel uile daóine ar feaḋ ṫreiḃe Ḃeniamin, ḋá ráḋ, Cread an tolcso do rinneaḋ ḃur measc?

13 Anois ar a naḋḃarsin seaċadniġ ḋúinne na daoine, clann Ḃélial, atá a Ngibeáh, go ccuirmís ċum báis íad, agus go ccuirmís an tolc amaċ as Israel. Aċd ní ṫugadar clann Ḃeniamin éisteaċd do ġlór a ndearḃráiṫreaċ clann Israel:

14 Aċt do ċruinniġeadar clann Ḃeniamin íad féin a cceann a ċéile amaċ as na caiṫreaċaiḃ go Gibeáh, do ḋulamaċ ċum caṫa a naġaiḋ ċloinne Israel.

15 Agus do háirṁeaḋ do ċloinn Ḃeniamin san namsin amaċ as na caiṫreaċaiḃ fiṫċe agus sé ṁíle fear do ṫarruing cloiḋeaṁ, táoḃ amuiċ dáitreaḃaiḃ Ġibeáh, noċ do ċoṁáirṁeaḋ seaċd ccéad fear toġṫa.

16 A measc an ṗobail so uile do ḃádar seaċd ccéad fear toġṫa cli‐laṁaċa; agus gaċ áon díoḃso cumusaċ ar ċloiċ do ċaiṫeaṁ as crann tábuill fa leaṫad ruibe, agus gan a ṡeaċna.

17 Agus do hairṁeaḋ fir Israel uile, táoḃ amuiġ do Ḃeniamin, ceiṫre ċéad míle fear do ṫarruing cloiḋeaṁ: do ḃádar so uile na luċd cogaiḋ.

18 ¶ Agus déirġeadar clann Israel, agus do ċúadar súas go tiġ Dé, agus díarradar coṁairle ar Ḋía, agus a duḃradar, Cía haguinn raċus súas ar ttús do ṫroid a naġaiḋ ċloinne Beniamin? agus a duḃairt an TIĠEARNA, Raċaiḋ Iúda ar ttús.

19 Agus déirġeadar clann Israel súas ar maidin, agus do rinneadar campa a naġaiḋ Ġibeah.

20 Agus do ċúadar fir Israel amaċ ċum caṫa a naġaiḋ Ḃeniamin; agus do ċuir fir Israel íad féin a nórduġaḋ na naġaiḋ do ṫroid ag Gibeáh.

21 Agus tangadar clann Ḃeniamin amaċ as Gibeáh, agus do ṁarḃadar sios go taluṁ do na Hisraelítiḃ an lásin fiṫċe agus dá ṁíle fear.

22 ¶ Giḋeaḋ do ṁeisniġeadar an pobal fir Israel íad féin, agus do ċuireadar a gcaṫ a rís a nórduġaḋ ann sa náit ar ċuireadar íad féin a nórduġaḋ an ċéad lá.

23 Agus do ċúadar clann Israel súas agus do ġuileadar a laṫair an TIĠEARNA go tráṫnóna, agus díarradar coṁairle ar an TTIĠEARNA, ḋá raḋ, An raċa misi súas a rís ċum caṫa a naġaiḋ ċloinne Beniamin mo ḋearḃraṫair? Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Téiġiḋ súas ná aġaiḋ.

24 Agus tangadar clann Israel a ḃfogus a naġaíḋ ċloinne Beniamin an dara lá.

25 Agus do ċuáiḋ Beniamin amaċ na naġaiḋsion as Gibeah an dara lá, agus do ṁarḃadar a ris do ċloinn Israel síos go taluṁ oċd míle ḋéag fear; do ṫairrugiodar so uile cloiḋeaṁ.

26 ¶ Ann sin do ċuadar clann Israel uile, agus an pobal uile, súas, agus tangadar go tiġ Dé, agus do ġuileadar, agus do ṡuiġeadar annsin as coinne an TIĠEARNA, agus do ṫroisgeadar an lá sin go tráṫnona, agus dofráladar íoḋbairt loisge agus ofrala síoṫċána a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA.

27 Agus dfíafruiġeadar clann Israel don TIĠEARNA, (óir do ḃí aírc ċunnarṫa Dé ann sinn ansna láeṫiḃsin,

28 Agus do ṡeas Ṗinehas, mac Eleásaír, ṁíc Aaron, dá laṫair sna laeṫiḃ sin) ga ráḋ, An raċa mé amaċ a rís ċum caṫa a naġaiḋ ċloinne Beniamin mo ḋearḃraṫair, nó an sguirfiḋ mé? Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Imṫiġ súas óir a máraċ toiḃeoruiḋ misi ad láiṁ íad.

29 ¶ Agus do ċuireadar Israel luċd luiḋeaċáin timċioll fa gcuáirt Ġibeáh.

30 Agus do ċúadar clann Israel súas a naġaiḋ ċloinne Beniamin an treas lá, agus do ċuireadar íad féin a nórduġaḋ caṫa anaġraiḋ Ġibeáh, mar na huáiriḃ oile.

31 Agus do ċúadar clann Ḃeniamin amaċ a naġaiḋ an ṗobail, agus do tairngeaḋ ón ccaṫruiġ amaċ íad; agus do ṫosuiġeadar ar na daoiniḃ do ḃúalaḋ, agus a marḃaḋ, mar na huairiḃ oile, annsna sliġṫiḃ móra, (téid sliġe ḋíoḃ súas go tiġ Dé, agus an tsliġe oile a steaċ go Gibeah annsa ṁaċaire,) timċioll ṫríoċad fear do Israel.

32 Agus a duḃradar clann Ḃeniamin, Atáid so ar na mbúalaḋ fós roṁuinn, mar an ccéad úair. Aċd a duḃradar clann Israel, Teiṫiom rompa, agus táirngeam ón ccaṫruiġ íad ċum na sliġṫiḃ móra.

33 Agus déirġeadar fir Israel uile súas as a náitiḃ, agus do ċuireadar íad féin a nórduġaḋ caṫa ann Baaltámar: agus tangadar luiḋeaċáin Israel amaċ as a náitiḃ, eaḋon as móinḟéaruiḃ Ġibeah:

34 Agus tangadar a naġaiḋ Ġibeah deiċ mile fear toġṫa amaċ as Israel uile, agus do ḃí an caṫ doílġe: aċd ċeana ni raiḃ a ḟios aca go raiḃ olc a ḃfogus dóiḃ.

35 Agus do ċlaóiḋ an TIĠEARNA Beniamin roiṁe Israel: agus do ṁarḃadar clann Israel do na Beniamíteaċaiḃ an lá sin fiṫċe agus cúig ṁíle agus céad fear: do ṫaírngiodar so uile cloiḋioṁ.

36 Marsin do ċonncadar clann Ḃeniamin gur cláoiḋeaḋ íad féin: oir do léigiodar fir Israel na Beniamitiġ orra, do ċionn go raiḃ dóiġ aca as na luiġeaċanuiḃ do ċuireadar gaċa taoḃa do Ġibeáh.

37 Agus do rinneadar na luiḋeaċáin deiṫnios, agus do lingeadar ar Ġibeah; agus do ṫarruingeadar na luiḋeaċ ain ar anáġaiḋ, agus do ḃúaileadar án ċaṫair uile le fáoḃar an ċloiḋiṁ.

38 Anois do ḃí coṁarṫa cinnte eidir ḟearuiḃ Israel agus na luiḋeaċáin, go ndéanaidis lasair ṁór maille re deatuiġe ag eírġe súas as an gcaṫruiġ.

39 Agus a núair do iompoiġeadar fir Israel ar a nais ann sa ccaṫ, do ṫionsguin Beniamin timċioll ṫríoċad fear Dísrael do ṁarḃaḋ: óir a duḃradar, Go deiṁin atáid síad ar fágḃáil roṁuinn, aṁuil is annsa ċéad ċaṫ.

40 Aċt a núair do ṫionsguin an lasair éirġe súas as an caṫruiġ maille re néull deatuiġ, daṁairceadar na Beniamitiġ na ndiáiġ, agus, feaċ, do éirgih lasair na caiṫreaċ súas go neaṁ.

41 Agus a núair do ḟilleadar fir Israel a rís, do ġaḃ uáṫḃás fir Ḃeniamin; óir do ċonncadar go ttáinig olc ċuca.

42 Uimesin do iompoiġeadar a ccúl roiṁe ċloinn Israel a sliġe an nfásaiġ; aċd rug an caṫ orra; agus do ṁarḃadar ann a lár an luċd ṫainic amaċ as na caiṫreaċaiḃ oile.

43 Marso do íaḋadar timċioll na Mbeniamíteaċ fa gcúairt, agus do ṫíomáineadar íad, agus do ṡaltradar orra sios gan docaṁal ṫall as coinne Ġibeah leaṫ re heírġe na gréine.

44 Agus do ṫúit ann sin do Ḃeniamin oċd míle ḋéag fear; fir ċalma íadso uile.

45 Agus do ḟilleadar agus do ṫeiṫeadar leaṫ ris an ḃfasáċ go carruig Rimmon: agus do ḋióġlomadar ḋíoḃ ar na sliġṫiḃ móra cuig ṁíle fear; agus do leanadar orra go daingean go Gídom, agus do ṁarḃadar ḋá ṁíle fear ḋíoḃ.

46 Iondus gur bé ar ṫuit do Ḃeniamin an lá sin, fiṫċe agus cúig ṁíle fear do ṫarruing cloiḋeaṁ; fir ċalma íadsin uile.

47 Aċ do ḟilleadar sé céad fear agus do ṫeiṫeadar ċum an nfásaiġ go carruig Rimmon agus dfanadar a gcarruig Rímmon ceiṫre mbí.

48 Agus do iompoiġeadar fir Israel a rís ar ċloinn Ḃenimin, agus do ṁuiġeadar íad le faoḃar an cloiḋiṁ, araon daoine gaċa caiṫreaċ, agus an tainṁiḋ, agus fós a nuile ní da ḃfuáradar: do ċuireadar mar an gcéadna na caiṫreaċa uile mar a ttangadar tré ṫeiniḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan