Breiṫeaṁuin 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II. Tug aingeal aċṁusan don ṗobal ag Bóċim. 6 Do ċlaonadar an slúaġ fós, déis ḃáis Iosua. 1 Agus ṫáinic aingeal an TIĠEARNA a níos ó Ġilgal go Bóċim, agus a dúḃairt, Ṫug misi oruiḃ dul súas as an Négipt, agus ṫug mé siḃ ċum na tíre da ṁionnuiġ mé da ḃur naiṫriḃ; agus a duḃairt mé, Ní ḃrisfe mé mo ċunnraḋ riḃ ċoiḋċe. 2 Agus ní ḋéantáoi síoṫċaín ar biṫ ré háitreaḃaiḃ na tírese; teilgfiḋe sios a naltóra: aċd níor uṁluiġeaḃaírse dom ġlór: cred fá ndearnaḃair so? 3 Uimesin a duḃaírt misi mar an gcéadna, Ní ḋíbeora amaċ roṁuiḃ íad; aċ béid mar ḋeilg ann ḃur ttáoḃuiḃ, agus béid a ndée na bpaíntéur ḋáoiḃ. 4 Agus tárla, a núair do laḃair aingeal an TIĠEARNA na briaṫraso ré cloinn Israel uile, gur ṫógḃadar an pobal a uguṫ súas, agus gur ġuileadar. 5 Agus do ġoireadar ainm na háite sin Bóċim: agus do rinneadar íoḋbairt annsin don TIĠEARNA. 6 ¶ Agus a núair do leig Iosua don ṗobal imṫeaċd, do ċúaiḋ gaċ áon do ċloinn Israel ċum a oiġreaċd féin do ṡealḃuġaḋ an nḟearuinn. 7 Agus do rinneadar an pobal serḃís don TIĠEARNA ar feaḋ ṡaoġail Iosuah, agus ar feaḋ ṡaoġail ná seanóireaḋ do ḃí beó a ndiaiġ Iosua, noċ do ċonnairc na huile oibreaċa móra do rinne an TIĠEARNA, ar son Israel. 8 Agus fúair Iosua mac Nún, serḃiseaċ an TIĠEARNA bás, ar mbeiṫ ḋó céad agus deiċ mblíaḋna dáois. 9 Agus do aḋlaiceadar é a nimiol a oiġreaċda féin a Ttimnat‐héres, a slíaḃ Eṗráim, annsa táoḃ ṫúaiġ don ċnoc Gaas. 10 ¶ Agus do ḃádar mar an gcéadna an geinealaċsin uile ar na gcruinniuġaḋ ċum a naiṫreaċ: agus déiriġ slioċd eile na ndíaiġsin, ag naċ raiḃ fios an TIĠEARNA, ná fós na ngníoṁarṫaḋ do rinne sé ar son Israel. 11 Agus do rinneadar clann Israel olc a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA, agus do rinneadar seirḃís do Ḃáalim: 12 Agus do ṫréigeadar an TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ, noċ ṫug amaċ íad as críċ na Hégipte, agus do leanadar dée eile, do ḋéeiḃ na ndáoine do ḃí gaċa táoiḃ ḋíoḃ, agus do ċláonadar íad féin dóiḃ, agus do ḃrostuiġeadar an TIĠEARNA ċum feirge. 13 Agus do ṫréigiodar an TIĠEARNA, agus do aḋradar Báal agus Astárot. 14 ¶ Agus do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Israel, agus do ṡeaċaid sé íad a láṁuiḃ creaċadóireaḋ noċ do ċreaċ íad, agus do reac sé íad a láṁuiḃ a náṁad gaċa táoḃ ḋíoḃ, iondus nar ḟéidir leó seasaḋ ní buḋ faide a laṫair a náṁad. 15 Giḋ bé ball a ttéiġdís amaċ, do ḃíoḋ láṁ an TIĠEARNA na naġaiḋ ċum uile, mar a duḃairt an TIĠEARNA, agus mar do ṁionnuiġ an TIĠEARNA ḋoiḃ: agus do buaiḋreaḋ go mór íad. 16 ¶ Giḋeaḋ do ṫóg an TIĠEARNA breiṫeaṁuin súas, noċ do ṡáor íad ó láṁuíḃ na druinge do ċreaċ íad. 17 Aċd giḋeaḋ níor uṁluiġeadar dá mbreiṫeaṁnuiḃ, aċ do ċuádar lé stríapaċus a ndiáiġ dée oile, agus do ċláonadar íad féin dóiḃ: do iompoiġeadar go luáṫ as a tsliġe ann ar ṡiúḃluiġeadar a naiṫre, ag uṁlúġaḋ daiṫne an TIĠEARNA; aċ níḋearnadarsan sin. 18 Agus a nuáir do ṫóg an TIĠEARNA breiṫeaṁúin súas dóiḃ, annsin do ḃí an TIĠEARNA leis an mbreiṫeaṁ, agus do ṡaór se íad as láṁuiḃ a náṁad ar feaḋ ḃeaṫa an ḃreiṫeaṁuin: (óir do ḃí aiṫreaċus ar an TIĠEARNA ar son a nuċḃaġaḋ do ḃriġ na muinntíresin do ṡáruiḋ agus do ḃuáiḋir íad.) 19 Agus tárla, a núair fúair an ḃreiṫeaṁ bás, gur iompoiġeadar, agus gur ṫrúailliġeadar íad feín, nisa ṁó ná a naiṫreaċa, ag leanṁuin dée oile dá naḋraḋ, agus duṁluġaḋ síos dóiḃ; níor sguireadar dá ngníoṁraḋ fein, nó dá sliġe easuṁail. 20 ¶ Agus do ḃí fearg an TIĠEARNA teiṫ a naġaiḋ Israel; agus a duḃairt sé, Do ċionn gur ṡáruiġeadar an ṁuínntirse mo ċunnraḋ noċ do aiṫin mé dá naiṫriḃ, agus nár éisdeadar rein ġlór; 21 Ní ḋíbeora misi mar an gcéadna ó so amaċ éinneaċ rompa do na cineaḋaċaiḃ dfág Iosua na ḋiáiġ a núair fúair sé bás: 22 Iondus go ndearḃoċa mé Israel ṫríoṫasan, an gcoiṁéadfuid sliġe an TIĠEARNA do ṡiuḃal innte, mar do ċoiṁéadadar a naiṫreaċa, nó naċ ndéanuid. 23 Uime sin dfulaing an TIĠEARNA na cineaḋaċasin, gan a ndíbirt amaċ go lúaṫ; ní mó ṫug sé a láiṁ Iosua íad. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society