Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Breiṫeaṁuin 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIX. Sdríopaċus ro ḟuaṫṁur na Beniamiteaċ a Gibeah.

1 Agus tárla ann sna láeṫiḃ sin, a nuáir naċ raiḃ ríġ ar biṫ a Nísrael, go raiḃ Leḃíteaċ áiriġ na ċoṁnuiġe ar ṫáoḃ ṡléiḃe Eṗraim, noċ ṫug leannán ċuige ó Ḃetlehem‐Iúdah.

2 Agus do rinne a leannán stríapaċus na aġuiḋ, agus dimṫiġ sí uaḋ gó tiġ a haṫar go Betlehem‐Iúdah, agus do ḃí sí annsin ceiṫre ṁí iomlán.

3 Agus déiriġ a fear, agus do ċuáiḋ na diáiġ, do laḃairt go muintearḋá ría, agus dá taḃairt leis a ris, ar mbeiṫ da ṡerḃíseaċ na ḟoċair, agus cúpla assal: agus rug sí a steaċ go tiġ a haṫar é: agus a nuáir do ċonnairc aṫair an ċailín é, do ḃí lúaṫġáir air teagṁáil ris.

4 Agus do ċonnuiṁ a ċliaṁuin, aṫair an ċailín é; agus dfan sé na ḟoċair tri lá: agus marsin do ċaiṫeadar bíaḋ agus deoċ, agus do ċolladar annsin.

5 Agus tárla air an cceaṫraṁaḋ lá, a nuáir déirġeadar go moċ ar maidin, gur éiriġ seision súas na ṡeasaṁ ċum imṫeaċda: agus a duḃairt aṫair an ċailín ré na ċlíaṁuin, Méaduiġ do ṁeanma lé greim aráin, agus na ḋiáiġ sin imṫiġ roṁad.

6 Agus do ṡuiġeadar síos, agus do ċaiṫeadar bíaḋ agus deoċ aráon a ḃfoċair a ċéile: óir a duḃairt aṫair an ċailín ris a nóglaċ, Guiḋim ṫú bí suáiṁneaċ, agus fan a noċd, agus bíoḋ do ċroiḋe súgaċ.

7 Agus a núáir do éiriġ an tóglaċ na ṡeasaṁ ċum imṫeaċd, do ḃí aṫair an ċailín ġa ṡáruġaḋ: uime sin dfan sé annsin oiḋċe oile.

8 Agus déiriġ go moċ ar maidin an cúigeaḋ lá ċum imṫeaċdá: agus a duḃairt aṫair an ċailín, Guiḋim ṫú, tóg súas do ċroiḋe. Agus dfanadar go héis meaḋon laói, agus dúadar aráon biaḋ.

9 Agus a nuáir do éiriġ an tóglaċ na ṡeasaṁ ċum imṫeaċd, é fein agus a léannán, agus a ṡerḃíseaċ, a duḃairt a ċlíaṁuin, aṫair an ċailín ris, Féaċ, ata an lá mall anois a ngar don tráṫnóna, guiḋim ṫú fuiriḋ feaḋ na hoiḋċe: féaċ, atá an lá deiġionaċ, fan a noċd annso, ċor go mbiáḋ do ċroiḋe súgaċ; agus a máraċ éiriġ go moċ ċum do ṡliġeaḋ, ċor go ḃféadfa tú dul don ḃaile.

10 Aċ níor ḃáill leis a nóglaċ fuireaċ a noiḋċe sin, aċd do eiriġ sé súas agus dimṫiġ, agus ṫáinic sé as coinne lebus (noċ dá ngoirṫear Ierusalem;) agus do ḃi cuingir assal na ḟoċair fá ḋíalluidiḃ, do ḃí fós a leannán na ḟoċair.

11 Agus a nuáir do ḃádar láiṁ ré Iebus, do ḃí an lá caiṫte go mór; agus a duḃairt an searḃḟoġantuiġ re na ṁaiġistir, Guiḋim ṫú, teannam, agus filleam a steaċ don ċaṫruiġsi na Iebusíteaċ, agus glacum lóistín innté.

12 Agus a duḃairt a ṁaiġistir ris, Ní ḟillfiom do leaṫṫáoíḃ annsin go caṫruiġ ċoiṁiṫiġ, naċ ḃfuil do ċloinn Israel, raċam ṫairis go Gibeáh.

13 Agus a duḃairt sé ré na óglaċ, Teanam, agus tairngiom a ḃfogus do ċeaċdar don dá áitsi dfaġáil lóistín na hoiḋċe, a Ngibeáh, nó a Rámah.

14 Agus do ġluaisiodar rompa, agus dimṫiġeadar; agus do ċuáiḋ an ġrían síos orra an tan do ḃádar láiṁ ré Gibeáh, noċ as lé Beniamín.

15 Agus do ḟílleadar do leaṫtáoiḃ, annsin do ḋul a steaċ agus do ġaḃáil lóistin a Ngibéah: agus a nuáir do ċuáiḋ sé a steaċ, do ṡuiġ sé ar ṡraid don ċaṫruiġ: óir ní raiḃ éanduine do rug a steaċ go lóistin dá ṫiġ íad.

16 ¶ Agus, féaċ, ṫáinic duine aosta ón a obair ón ṁaċaire tráṫnóna, noċ do ḃí do ṡliaḃ Eṗraim mar an gcéadna; agus do ḃí na ċoṁnuiġe a Ngibeáh: aċd buḋ Beniamítiġ muinntir na háitesin.

17 Agus a nuáir do ṫóg sé a ṡúile súas, do ċonnairc fear gaḃála ar lear a sráid na caiṫreaċ, agus a duḃairt an seanduine, Cáit á raċa tusa? nó cáit as a ttig tú?

18 Agus a duḃairt seision ris, Atámuid ag teaċd ó Ḃetelem‐Iúdah ag dul go taoiḃ ṡleiḃe Eṗraim; is as sin mé: agus do ċuáiḋ mé go Ḃetelem‐Iúdah, aċd atáim a nois ag dul go tiġ an TIĠEARNA; agus ní ḃfuil duine ar biṫ ġaḃus me ḋá ṫiġ.

19 Giḋeaḋ atá tuiġe agus beaṫa ag ar nasaluiḃ; agus atá arán agus fíon daṁsa agus dot ċailín, agus don nógánaċ atá a ḃfoċair dó ṡerḃíseaċ: ní ḃfuíl easḃuiḋ éainneiṫe oruinn.

20 Agus a duḃairt an seanduine, Sioṫċáin maille leaċd; giḋ bé easḃuiḋ atá ort bíoḋ sé orumsa; aċd aṁáin ná luiġ sa tsráid.

21 Mar sin ṫug sé leis ḋá ṫiġ é, agus ṫug bíaḋ do na hasaluiḃ, agus do niġeadar a ccosa, agus dúadar bíaḋ agus diḃeadár déoċ.

22 ¶ Anois ar mbeiṫ ag déanaṁ a gcroiḋṫe súgaċ ḋóiḃ, feaċ, ṫangadar muinntir na caiṫreaċ, mic áiriġ do Ḃelial, timċioll an tiġe fá gcuairt, agus do ḃuáileadar an dorus, agus do laḃradar ré fear an tiġe, an seanduine, ġá ráḋ, Taḃair amaċ an fear ṫainic dot ṫiġ, go ccoiṁríaċdanam ris.

23 Agus do ċuáiḋ an tóglaċ, fear an tiġe, amaċ ċuca, agus a duḃairt riú, Ní heaḋ, a ḋearḃraiṫre, ní heaḋ, guiḋim siḃ, ná déanuiḋ an olc so; ar ḟeuċuin go dtainic an duinesi um ṫiġse, na deúnuiġ an ní leaṁsi.

24 Feaċuiḋ, atá minġion annso, maiġdion, agus a leannánsan, do ḃéara mé íad sin amaċ anois, agus uṁlúiġiḋsi íad, agus déanuiḋ ríu mar as áill liḃ: aċd ris a nóglaċso na déanuiḋ coṁġránna sin do ġníoṁ.

25 Aċ ní ṫugadar ná dáoine toraḋ air: annsin do ġlac an tóglaċ a leannán, agus rúg amaċ ċuca í; agus do ḃádar aice, agus do ṫruailliodar í ar feaḋ na hoiḋċe nó go ttainíg maidin: agus a núair do ṫionnsguin an lá eírġe, do léigiodar ḋi imṫeaċd.

26 Ann sin ṫáiníc an ḃean a muiċe láoi, agus do ṫuit síos a ndorus tiġe a nógluiċ mar a raiḃ a tiġearna, nó go raiḃ an solus ann.

27 Agus déiriġ a tiġearna ar maidin, agus dfosguil dorus an tiġe, agus do ċúaiḋ amaċ dimṫeaċd roiṁe: agus, féaċ, do ḃí an ḃean a leannán ar ttuitim a ndorus an tiġe, agus do ḃádar a láṁa air an tairsiġ.

28 Agus a duḃairt seision ría, Eíriġ, agus bíam ag imṫeaċd. Aċd níor ḟreagair sí é. Ansin do ṫóg an tóglaċ súas ar a asal í, agus déiriġ an toglaċ súas, agus do ċuáiḋ dá áit féin.

29 ¶ Agus a núair ṫaínic ḋá ṫiġ, do ġlac sé sgían, agus rug sé air a leannán, agus do roinn sé i maille re na cnáṁuiḃ an ndá ċuid ḋéag, agus do ċuir úaḋ í go huile ċóstuiḋ Israel.

30 Agus is aṁluiġ ḃí, gaċ uile ḋuine dá ḃfacaiḋ sin go nduḃradar, Naċ deárnaḋ a leiṫeid sin do ġníoṁ agus naċ ḃfacus ón ló fá ttangadár clann Israel amaċ as críċ na Hégipte gus a niuġ: measuiġ sin, gaḃaiḋ coṁaírle, agus laḃruiḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan