Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Breiṫeaṁuin 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVIII. Ioḋolaḋraḋ ṫreaḃ Ḋan.

1 Ann sna laéṫiḃsin ní raiḃ ríġ ar biṫ a Nísrael: agus annsna láeṫiḃsin díarr treaḃ Ḋan oiġreaċd dóiḃ féin ann a gcoiṁneoċaidís; oir níor ṫuit a noiġreaċd uile ċuca a measc ṫreaḃ Israel go nuige an lá sin.

2 Agus do ċuireadar clann Dan cúigear dá muinntir as a ttir, dáoine árraċda, ó Ṡórah, agus ó Estaol, do ḃraṫ na tíre, agus dá cuartúġaḋ; agus a duḃradar riú, Eírgiḋe, cúartuiġiḋ an dúiṫċe: agus íadsan a núair ṫangadar go slíaḃ Eṗraim, go tiġ Ṁícah, dfanadar annsin a noiḋċesin.

3 A nuáir do ḃádar láiṁ ré tiġ Ṁícah, daiṫniġeadair guṫ an nóganuiġ an Leḃítiġ: agus dfilleadar a steaċ ann sin, agus duḃradar ris, Cía ṫug ṫusa annso? agus cred do ní tú annsa naitsi? agus cread atá agad annso?

4 Agus a duḃairt seision ríu, Marso agus marso do ní Mícah riom, agus do ġlac sé mé air ṫuarusdal, agus is mé a ṡagart.

5 Agus a duḃradarsan ris, Guiḋim ṫú, iarr coṁairle ar Ḋía, ċor go mbiá a ḟios aguinn a néireoċuiḋ go sona ḋúinn an tsliġe a ḃfuilmíd ag dul.

6 Agus a duḃairt an sagart ríu, Imṫiġiḋ a síoṫċáin: a laṫair an TIĠEARNA atá an tsliġe a raċtaoi.

7 ¶ Ann sin do imṫiġeadar an cúigear fear, agus tangadar go Láis, agus do ċonncadar na daoine do ḃí annsin, mar do áitreaḃadar go neiṁeaglaċ, do réir nóis na Sidónianaċ, suáiṁneaċ socair; agus ní ráiḃ úaċdarán ar bíṫ sa dúiṫċe do ċuirfeaḋ náire orra fa eínní; agus do ḃádar a ḃfad ó na Sidónianaċuiḃ, agus ní raiḃ cúis eatorra agus duine ar biṫ.

8 Agus tangadar mar a raiḃ a ndearḃráiṫre go Sórah agus go Hestaol: agus a duḃradar a ndearḃráiṫre ríu, Cred a deir siḃse?

9 Agus a duḃradarsan, Eirgiḋe, go ndeaċmaóis súas na naġaiḋ: óir do ċonncamar a ndúiṫċe, agus, féuċ, is ro ṁaiṫ í: agus an ḃfuiltíse ḃur ttaṁ? ná bíoḋ leisg oruiḃ imṫeaċd, agus dui a steaċ do ṡealḃuġaḋ na dúiṫċe.

10 A nuáir imṫeoċuiġ, tiocfuiḋe a ccionn daóine socra, agus go dúiṫċe ḟairsing: ṫug Día ann ḃur láṁuiḃ í; áit naċ ḃfuil easḃuiḋ neiṫe ar biṫ uirre dá ḃfuil ar talaṁ.

11 ¶ Agus do ċuáiḋ as sin do ṁuinntir na Ndamteaċ, amaċ as Sorah agus as Estaol, sé ċéad fear armṫa lé harm coguiḋ.

12 Agus do ċúadar súas, agus do ṡuíġeadar a Gcíriat‐Iearim, ann Iúdah: ar a naḋḃarsin do ġoireadar do náitsin Mahaneh‐Dan gus a niuġ: féaċ, atá sé táoḃ ṡíar do Ċíriat‐Iearim.

13 Agus do ċúadar as sin go slíaḃ Eṗraim, agus tangadar go tiġ Ṁicah.

14 ¶ Ann sin do ḟreagradar an cúigear do ċuáiḋ do ḃraṫ ṫíre Lais, agus a duḃradar re na ndearḃráiṫriḃ, An ḃfuil a ḟios aguiḃsi go ḃfuil annsna tiġṫiḃsi eṗod, agus teraṗim, agus ioṁáiġ ġráḃálta, agus íoṁáiġ leaġṫa? anois ar a naḋḃarsin measuiḋ cread atá aguiḃ ré a ḋéanaṁ.

15 Agus do ḟílleadar don náitsin, agus tangadar go tiġ a nógánuiġ an Leḃíteaċ, eaḋon go tiġ Ṁícah, agus do ḃeannuiġeadar ḋó.

16 Agus do ṡeasadar na sé ċéad fear do hórduiġeaḋ maille re na narm coguiḋ, noċ do ḃí do ċloinn Dan, a ndul a steaċ an geata.

17 Agus do ċúadar an cúigear súas noċ do ċuáiḋ do ḃraṫ na tíre, agus tangadar a steaċ annsin, agus do ġlacadar a níoṁáiġ ġráḃalta, agus an teṗod, agus an teraṗim, agus a níoṁáiġ leaġṫa: agus do ṡeas an sagart a ndul a steaċ an ġeata maille ris na sé ċéad fear do hórduiġeaḋ le harṁuiḃ cogaiḋ.

18 Agus do ċúadar so go tiġ Ṁícah, agus tugadar léo a níoṁáiġ gráḃálta, a níoṁáiġ leaġṫa, an teṗod, agus an teraṗim. Ann sin a duḃairt an sagart ríu, Cred do níṫí?

19 Agus a duḃradarsan ris, Bíse ad ṫoċd, agus connaiṁ do láṁ ar do ḃéul, agus tárr linne, agus bí ad aṫair agus ad ṡagart aguinn: an féarr ḋuitsi ḃeiṫ ad ṡagart tiġe éanduine aṁáin, nó ḃeiṫ ad ṡagart ag treiḃ nó ag cinéul Israel?

20 Agus do ḃí croiḋe an tsagairt meanmnaċ, agus do ġlac sé an teṗod, agus an teraṗim, agus a níoṁáiġ ġráḃalta, agus do ċúaiḋ sé a meaḋon an tslóiġ.

21 Marsin do ḟilleadar agus dimṫiġeadar, agus do ċuireadar a gclann ḃeag agus a náirnéis agus a ccaráiste rompa.

22 ¶ Agus a núair do ḃádar tamall maiṫ ó ṫiġ Ṁícah, do ċruinniġeadar na daoine do ḃí annsna tiġṫiḃ láiṁ ré tiġ Ṁícah, íad féin a ḃfoċair a ċéile, agus rugadar ar ċloinn Dan.

23 Agus do éiġṁeadar ar ċloinn Dan. Agus diompoiġeadarsan a naiġṫe, agus a duḃradar ré Mícah, Cred do imṫiġ ort, as a tig tú le na leiṫéid sin do ċuideaċda?

24 Agus a duḃairt seision, Rugaḃair liḃ mo ḋée, noċ do rinne me, agus an sagart, agus do imṫiġeaḃuir roṁuiḃ: agus cred atá agamsa ní as mó? agus cred so a dearṫaoi riom, Cred do imṫiġ ort?

25 Agus a duḃradar clann Dan ris, ná cluintear do ġuṫ ar measg, deagla go scinnfedís daóine feargaċa ort, agus go gcaillfeá hanum, maille re hanmannuiḃ do ṁuinntire.

26 Agus do imṫiġeadar clann Dan rompa: agus a núair do ċonnairc Mícah go raḃadar ro láidir ḋo dfill sé agus do ċuáiḋ ar ais dá ṫiġ.

27 ¶ Agus rugadarsan léo na neiṫe, do rinne Mícah, agus an sagart do ḃí aige, agus tangadar go Lais, a gceann daóine do ḃí suáiṁneaċ, agus socair: agus do ṁarḃádar íad lé fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus do loisgeadar an ċaṫair lé teiniḋ.

28 Agus ní raiḃ fear a ttárṫála aca, do ċionn go raḃadar a ḃfad ó Ṡídon, agus naċ raiḃ gnoṫuiġ aca ré héandiune; agus gur ob annsa ġleann atá láiṁ re Bet‐rehob do ḃí sé. Agus do rinneadar caṫair, agus do áitreaḃadar innte.

29 Agus tugadar Dan dainm ar an ccaṫruiġ, do réir anma a naṫar Dan, noċ rugaḋ do Israel: bíoḋ gur Lais dob ainm don ċaṫruiġ an ttús.

30 ¶ Agus do ċuireadar clann Dán a níoṁáiġ ġráḃálta súas: agus do ḃí Ionatan, ṁac Gersom, ṁic Manasseh, é féin agus a ṁac na sagartaiḃ ag treiḃ Ḋan go lá bruide na tíre.

31 Agus do ċuireadar súas dóiḃ féin ioṁáiġ ġráḃálta Ṁícah, noċ do rinne sé, ar fad na haimsire do ḃí tiġ Dé a Sílo.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan