Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Breiṫeaṁuin 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVII. Eaċdarḋa ar Ṁícah, ann aimsir raiḃ cráḃaḋ ag fáilneaḋ.

1 Agus do ḃí duine do ṡlíaḃ Eṗraim, dar ḃainm Micah.

2 Agus a duḃairt sé re na ṁaṫair, An táoin ċéaddéag secel airgid rugaḋ úaid, air son a raiḃ tú ag malluġaḋ, agus far laḃair tú mar an gcéadna am ḟiaġnuisisi, féaċ, atá an tairgiod agumsa; is misi do ġlac é. Agus a duḃairt a ṁaṫair, Go maḋ beannuiġ ṫusa ón TTIĠEARNA, a ṁic.

3 Agus a núair da aisig sé an táoinċéaddéag secel airgid dá ṁaṫair, a dúḃairt a ṁaṫair, Do ḃronn mé an tairgiod go hiomlán don TIĠEARNA om laíṁ ar son mo ṁic, do ḋéanaṁ íoṁáiġe gráḃálta agus íoṁáíġe leaġṫa: anoís uimesin aiseoċa mé ḋuitsi é.

4 Giḋeaḋ do aisic sé an tairgiod dá ṁaṫair; agus do ġlac a ṁaṫair ḋá ċéad secel airgid, agus ṫug íad don ċeárd, noċ do rinne íoṁáiġ ġráḃalta, agus ioṁáiġ leaġta ḋíoḃ: agus do ḃádar a ttiġ Ṁícah.

5 ¶ Agus do ḃí ag an ḃfearsa Micah tiġ dée, agus do rinne eṗod, agus teraṗim, agus do ċoisrig aón dá ṁacaiḃ, noċ do ḃí na ṡagart aige.

6 Ann sna láeṫiḃsin ní raiḃ ríġ ar biṫ a Nisrael, aċd dó níoḋ gaċ éanduine an ní buḋ fearr do ċití ḋó féin.

7 ¶ Agus do ḃí óganaċ as Betlehem‐Iúdah do ṫreiḃ Iudah, noċ do ḃí na Leḃíteaċ, agus do ḃí ar cuáirt ann sin.

8 Agus do imṫiġ an tóglaċ amaċ as an gcaṫruiġ as Betlehem‐Iúdah do ḋeánaṁ coṁnuiġ mar a ḃfuiġeaḋ ionad: agus táinic go slíaḃ Eṗraim go tiġ Ṁicah, ann a ṫurus.

9 Agus a duḃaírt Mícah ris, Ca haírd as a ttáinic tusa? Agus a duḃairt seision ris, Is Leḃíteaċ mé ó Ḃetlehem‐Iúdah, agus atáim ag triall ar cuairt mar a ḃfuiġe mé aít.

10 A duḃairt Mícah ris, Fan am ḟoċairsi, agus bí ad aṫair agus ad ṡagart agam, agus do ḃéara mé deiċ secel airgid ḋuit ann sa ḃliaḋuin, agus culaiḋ éaduiġ, agus do ḃíaḋ. Marsin do ċúaiḋ an Leḃiteaċ a steaċ.

11 Agus do buḋ toil leis an Leḃiteaċ fuireaċ ag an nóglaċ; agus do ḃí an tógánaċ ḋó mar áon dá ṁacaiḃ.

12 Agus do ċoisrig Micah an Leḃíteaċ, agus do ḃí an tógánaċ na ṡagart aige, agus do ḃí a ttiġ Ṁícah.

13 Ann sin a duḃairt Mícah, Anois atá a ḟios agum go ndéana an TIĠEARNA maíṫ ḋaṁ, ó ṫárla Leḃiteaċ na ṡagart agum.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan