Breiṫeaṁuin 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVI. Rug Samson doirsi ġeat a Ġása leis. 5 Ṁeall a leannán é. 22 Do ṁúċa sé na Ṗilistiniġ, agus ḃásuiġ sé. 1 Ansin do ċúaiḋ Samson go Gasa, agus do ċonnairc meirdreaċ ann sin, agus do ḃí aice. 2 Do hinnseaḋ do na Gasitiḃ, ga ráḋ, Ṫáinic Samson annso. Agus tangadar na ṫimċioll, agus do ċuireadar luiġeaċan roiṁe air feaḋ na hoiḋċe a ngeata na caiṫreaċ, agus do ḃádar suaiṁneaċ air feaḋ na hoiḋċe, ġa ráḋ, Bíam ar ttoċd go solus na maidne, annsin muirfeam é. 3 Agus do luiġ Samson go meaḋon oiḋċe, agus deiriġ san meaḋon oiḋċe, agus do ġlac doirsi ġeata na caiṫreaċ, agus an dá ṗosta, agus dimṫiġ roiṁe léo, maille ris an mbarra, agus do ċuir ar a ġuailliḃ íad, agus rug súas ar ṁullaċ cnoic atá ás coinne Hébron íad. 4 ¶ Agus tarla na ḋiáiġ sin, gur ġráḋuiġ sé bean a ngleann Sorec dar ḃainm Dalilah. 5 Agus tangadar tiġearnuiḋe na Ḃḟilistíneaċ ċuice, agus a duḃradar ría, Meall é, agus féaċ cáit a ḃfuil a neart mór, agus ciondus ḟéadfuimne buáiḋ do ḃreiṫ air, ċor go ḃféadfam a ċeangal da ṗíanaḋ: agus do ḃéaram ḋuit gaċ aon aguinn áoinċéaddéag píosa airgid. 6 Agus a duḃairt Dalilah re Samson, Guiḋim ṫú, innis daṁ cáit a ḃfuil do neart mór, agus cred lé ḃféadfuíḋe do ċeangal lé a bpíanfuiḋe ṫú? 7 Agus a duḃairt Samson ría, Má ċeangluid síad mé lé seaċd ngaduiḃ úra naċ ar tiormuiġeaḋ a riaṁ, ann sin biáiḋ mé lag, agus biáiḋ mé mar gaċ nduine eile. 8 Ann sin tugadar tiġearnuiḋ na Ḃṗílistíneaċ ċuice súas seaċd ngaid úra, naċ ar tiurmuiġeaḋ fós, agus do ċeangail sí léo sin é. 9 Anois do ḃádar daoine a luiḋeaċán ag fuireaċ léiṫsi san tséomra. Agus a duḃairt sí ris, Atáid na Ṗilistiniġ ort, a Ṡamson. Agus do ḃris seision na gaid mar do brisfeaḋ snáiṫe barruiġ a nuair ḃeanas teiniḋ ris. Mar sin nar ḃfios a neart. 10 Agus a duḃairt Dalilah re Samson, Féuċ, do rinne tú magaḋ orum, agus dinnis tú bréag ḋaṁ: anois guiḋim ṫú, innis daṁ, cred lé ḃféadfuiḋ do ċeangal. 11 Agus a duḃairt seision ría, Má ċéangluid síad go daingean mé lé rópaḋniḃ núaḋa nar cuireaḋ a ríaṁ a ḃféiḋm, ann sin biáiḋ mé lag, agus biáiḋ mé mar gaċ nduine eile. 12 Uime sin do ġlac Dalilah rópaḋa nuaḋa, agus do ċeangail eision léo, agus a duḃairt sí ris, Atáid na Ṗilistíniġ ort, a Ṡamson. (Agus do ḃádar daóine a luiḋeaċán annsa tseomra.) Agus do ḃris sé íad mar ṡnáiṫe ḋá láṁuiḃ. 13 Agus a duhbairt Dalilah re Samson, Go nuige so do ṁeall tú mé, agus dinnis tú bréaga ḋaṁ: innis daṁ cred ler ḃféidir do ċeangal. Agus a duḃairt seision ría, Má ḟíġionn tú seaċd nduail mo ċinn leis an ngarmuin. 14 Agus do ḋaingniḋ sí íad leis an ttáirnge, agus a duḃairt sí ris, Atáid na Ṗilístiniġ ort, a Ṡamsoin. Agus do ṁúscail sé as a ċodlaḋ, agus dimṫiġ roiṁe maille re táirnge na garman, agus leis an ngarmuin féin. 15 ¶ Agus a duḃairt sisi ris, Cionnus ḟéadus tú a ráḋ, Is ionṁuin liom ṫú, a nuáir naċ ḃfuil do ċroiḋe leam? do ṁeall tú mé na trí huáiresi, agus níor innis tú ḋaṁ cáit a ḃfuil do neart mór. 16 Agus tárla, a nuáir do ḃí sí ḋá ṡáruġaḋ gaċ laói lé na bríaṫraiḃ, agus gur ċoiṁéigniġ sí é, iondus gur ḃuáiḋir sí a anum ċum báis; 17 Ar ċor gur innis di a ċroiḋe uile, agus go nduḃairt ría, Níor cuireaḋ sgían ḃearrṫa ríaṁ ar mo ċeann; do ḃríġ gur Nasaríteaċ do Ḋía mé ó ḃroinn mo ṁaṫar: ma ḃeárrtar mé, annsin raċaiḋ mo neart uáim, agus biáiḋ mé lag, agus biáid mar ḋuine eile. 18 Agus a nuáir do ċonnaírc Dalilah gar innis sé a inntin uile ḋi, do ċuir si fios agus do ġoir sí tiġearnuiġ na Ḃṗilistineaċ, ġa ráḋ, Tigiḋ súas a nuáirsi, óir do ḟoillsiġ sé a ċroiḋe uile ḋaṁ. Annsin tangadar tiġearnuiġ na Ḃṗilistineaċ súas ċuice, agus tugadar airgiod leó na laíṁ. 19 Agus ṫug si air codlaḋ ar a glúiniḃ; agus do ċuir fios ar óglaċ, agus ṫug sí air na seaċd ndúail do ḃí ar a ċeann do ḃearraḋ; agus do ṫionnscuinn si a ḃuáiḋréaḋ, agus do ċuáiḋ a neart úaḋ. 20 Agus a duḃairt sí, Ataíd na Ṗilistíniġ ort, a Ṡamson. Agus do ṁúscail seision as a ċedlaḋ, agus a duḃairt sé, Raċaiḋ mé amaċ mar uairiḃ eile roiṁe, agus croiṫfiḋ mé mé féin. Agus níor ḃfeas dó gur imṫiġ an TIĠEARNA úaḋ. 21 ¶ Aċ do ġaḃadar na Ṗilistiniġ é, agus do ḃeanadar a ṡuile as, agus rugadar síos go Gasa é, agus do ċeangladar é le boltuiġiḃ praís; agus do ḃí sé ag meilt a ttiġ an ṗríosúin. 22 Aċd ċeana do ḃí gruag a ċinnn ag fás a rís aṁuil is a núair do bearraḋ é. 23 ¶ Ann sin do ċruinniġeadar tiġearnuiḋ na Ḃṗilistineaċ a ḃfoċair a ċéile dofráil ioḋbarṫa mór dá ndía Dágon, agus do ḋeánaṁ gaírdeaċuis: óir a duḃradar, Ṫug ar ndía Samson ar náṁuid ionar láiṁ. 24 Agus a núair do ċonncadar an pobal é, do ṁoladar a ndía: óir a duḃradar, Ṫug ar ndía ar náṁuid ionar láṁuiḃ, agus argṫóir ar ttíre, noċ do ṁarḃ mórán dínn. 25 Agus tárla, a núair do ḃadar a gcroiḋṫe súgaċ, go nduḃradar, Goiríḋ ar Ṡamson, go ndéana sé súgraḋ ḋúinn. Agus do ġoireadar ar Ṡamson as tiġ an ṗríosúin; agus do rinne sé spórt dóiḃ: agus do ṡuiġeadar idir na pilearuiḃ é. 26 ¶ Agus a duḃairt Samson ris an mbúaċuill agá raiḃ sé air laíṁ, Léig ḋaṁ breiṫ ar na piléaruiḃ air a seasann an tiġ, go léigiḋ mé orra mé. 27 Anois do ḃí an tiġ lán dfearuiḃ agus do ṁnáiḃ; agus do ḃádar tiġearnuiḋ na Ḃṗilistíneaċ uile ann; agus do ḃí ar ṁullaċ an tiġe trí ṁíle fear agus bean, do ḃí ag féaċuin an feaḋ do ḃí Samson ag déanaṁ spoírt. 28 Agus do ġoir Samson ar an TTIĠEARNA, agus a duḃairt sé, A ṪIĠEARNA Día, guiḋim ṫú, cuiṁniġ orum, agus neartuiġ mé, a néanuairse aṁáin a Ḋé, iondus go ndéanuinn dioġaltas a neínfeaċd ar na Ṗilistineaċuiḃ ar son mo ḋá ṡúl. 29 Agus do ġlác Samson greim don dá ṗosta meaḋonaċ noċ do ḃí ag congṁáil an tiġe súas, agus air ar hiomċraḋ é a náirde, air ṗiléur aca le na láiṁ ḋeis, agus air a bpiléur eile le na láiṁ ċlé. 30 Agus a duḃairt Samson, Faġam bás a néinfeaċd leis na Ṗilistiniḃ. Agus do ċrom é féin lé na neart uile; agus do ṫuit an tiġ air na tiġearnaḋuiḃ, agus ar a raiḃ ann do ḋaóiniḃ, ionnus gur mó na mairḃ do ṫuit leis agá ḃás ná an ṁéid do ṁarḃ sé na ḃeaṫuiġ. 31 Ann sin tangadar a ḋearḃráiṫre, agus tiġ a aṫar uile a nsúas, agus rugadar leó súas é, agus do aḋlaiceadar é idir Sorah agus Estaol a róiṁ aḋlaicṫe Ṁanoah a aṫair. Agus do rinne sé breiṫeaṁnuis ar ċloinn Israel fiċṫe blíaḋan. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society