Breiṫeaṁuin 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XV. Do loisg 300 Sionnaċ Ṡamson an gort. 14 Lé cnáiṁ ġeill asail do ṁarḃaḋ míle Ṗilistíneaċ. 1 Aċ tárla a ccionn tamuill na ḋiáíġsin, a nam ḟóġṁair na cruiṫneaċda, go ndeaċuiḋ Samson dféaċuin a ṁná lé meannán; agus a duḃairt sé, Raċuiḋ mé a steaċ mar a ḃfuil mo ḃean don tseomra. Aċd níor ḟuiling a haṫair ḋó dul a steaċ. 2 Agus a duḃairt a haṫair, do ṡaoil mise go deiṁin gur ḟuáṫaiḋ tú ṫríd amaċ í: uime sin ṫug mé dot ċompanaċ í: naċ scíaṁuiḋe a deirḃṡiúr is oíge ná isi? guiḋim ṫú, gaḃ ċugad í, na háit. 3 ¶ Agus a duḃairt Samson dá ttaoḃsan, Anois biáiḋ mé ní is neṁċiontuiġ ná na Ṗilistiniġ, giḋ go ndéana mé urċoíd dóiḃ. 4 Agus do imṫiġ Samson agus do ġaḃ sé trí ċéad sionnaċ, agus do ġaḃ aiṫinneaḋa, agus diompóiġ gaċ dá earball ċum a ċéile, agus do ċeangail aiṫinne idir gaċ dá earball. 5 Agus a núair do ċuir na haiṫinneaḋa tré ṫeiniḋ, do léig sé ḋóiḃ imṫeaċd ar fud ġort na Ḃṗilistineaċ, agus do loisg araon a stácuiḋe, agus a ngort, maille re na ḃfineaṁnuiḃ agus a ccrainn ola. 6 Ann sin a duḃradar na Ṗilistiniġ, Cia rinne so? Agus do ḟreagradarsan, Samson, clíaṁuin an Timnítiġ, do ċionn gur ḃean sé a ḃean de, agus go ttug sé ḋá ċompanaċ í. Agus tangadar na Ṗilistíniġ súas, agus do loisgeadar í féin agus a haṫair lé teiniḋ. 7 ¶ Agus a duḃairt Samson ríu, Mátá go ndearnaḃair so, giḋeaḋ do ḋéanadsa dioġaltas oruiḃ, agus na ḋiáiġ sin sguirfe mé. 8 Agus do ḃuáil sé íad leis agus laḋairg ré hár mór: agus do ċuáiḋ sé síos agus do ċoṁnuiġ sé a mullaċ na cairge Etam. 9 ¶ Ann sin do ċúadar na Ṗilistíníġ súas, agus do ṡuiġeadar ann Iúdah, agus do leaṫnuiġeadar íad féin a Lehi. 10 Agus a duḃradar muinntir Iúdah, Cred fa ttangabbair súas ar naġuiḋne? Agus do ḟreagradarsan, Ṫangamar a nsíos do ċeangal Ṡamson, go ndéanmaois ris mar do rinne seision rinne. 11 Ann sin do ċúadar trí ṁíle fear do Iúdah go mullaċ na cairge Etam, agus a duḃradar ré Samson, Naċ ḃfuil a ḟios agadsa go ḃfuilid na Ṗilistiniġ na núaċdaránuiḃ ós ar ccionne? cred é so do rinne tú oruinn? Agus a duḃairt seision ríu, Aṁuil is do rinneadar orumsa, marsin do rinne misi orrasan. 12 Agus a duḃradarsan ris, Ṫangamairne a nsúas dot ċeangal, go ttugmaois a láiṁ na Ḃṗlistineaċ ṫú. Agus a duḃairt Samson ríu, Tugaiḋ ḃur mionna ḋaṁ, naċ ttuitfiḋe féin orum. 13 Agus do laḃradar ris, ḋa ráḋ, Ni ṫuitfiom; aċd ceangolam go daingean ṫú, agus do ḃéaram ann a láiṁ tú: aċd go deiṁin ní ṁuirfióm ṫú. Agus do ċeangladar é lé ḋá ċórda núaḋa, agus rugadar súas ón ċarruig é. 14 ¶ Agus a nuaír ṫáinic sé go Lehi, do ġáireadar na Ṗilistíniġ na aġaiḋ: agus táinic spiorad an TIĠEARNA go cuṁaċdaċ airsion, agus do ḃádar na córduiḋ do ḃí ar a láṁuiḃ mar líon do loisgfiḋ lé teiniḋ, agus do scaóileadar a ċeangail dá láṁuiḃ. 15 Agus fuáir sé núaḋċnáiṁ géill asail, agus do ċuir a láṁ amaċ, agus do ġlac é, agus do ṁarḃ míle fear leis. 16 Agus a duḃairt Samson, Re cnáiṁ géill asail, carnán ar ċárnanubih, lé gíall asail do ṁarḃ mé míle fear. 17 Agus tárla, a nuáir do ċríoċnuiġ sé an ċaint, gur ṫeilg sé an cnáiṁ géill as a láiṁ, agus ṫug Ramat‐Lehi dainm ar a náit sin. 18 ¶ Agus do ḃí ró ṫart air, agus do ġoir ar an TTIĠEARNA, agus a duḃairt. Ṫug tú an fúasclaḋ mór so re láiṁ do ṡeirḃísiġ: agus anois an ḃfuiġe mé bás don tart, agus tuitim a láiṁ na neiṁṫimċillġéarrṫa? 19 Aċ do scoilt Día áit ṫoll do ḃí annsa ngíall, agus ṫáinic uisge as; agus a núair do iḃ sé deoċ, ṫáinic a spiorad a rís, agus do aiṫḃeoḋuiġ sé: uimesin do ġoir sé don náit En‐hacore, noċ atá a Lehi gus a niuġ. 20 Agus do rinne sé breiṫeaṁnus ar Israel a laéṫiḃ na Ḃṗilistíneaċ fiṫċe blíaḋain. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society