Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Breiṫeaṁuin 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIII. Do ċloinn Israel (ar na sáruġaḋ leís na Ṗilistineaċaiḃ.) 7 Do ġeall aingeal Dé, Samson.

1 Agus do rinneadar clann Israel a rís olc a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA; agus ṫug an TIĠEARNA a láiṁ na Ḃṗilistíneaċ íad ceaṫraċad blíaġan.

2 ¶ Agus do ḃí fear áiriġ as Sórah do ċinéul na Ndaníteaċ, dar ḃainm Manoah; agus do ḃi a ḃean aimrid, agus ní rug sí clann.

3 Agus táinic aingeal an TIĠEARNA gus an mnaoi, agus a duḃairt sé ría, Féaċ anois, atá tú aimrid, agus ni ḃeirion tú clann, aċd bíaiḋ tú torraċ, agus béara tú mac.

4 Anois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, bí ar do ċoiṁéad agus ná hiḃ fíon nó deoċ láidir, agus ná hiṫ eainní neaṁġlan:

5 Oír, féaċ, biaiḋ tú torraċ, agus béara tú mac; agus ni raċa sgian ḃéarrṫa ar a ċeann: óir bíaiḋ an leanaṁ na Nasaríteaċ do Ḋía é ḃroinn a ṁaṫar; agus toiséóċuiġ sé Israel do ṡáoraḋ ó láiṁ na Ḃṗilistíneaċ.

6 ¶ Ann sinn ṫáinic an ḃean agus dinnis sí ḋá fear, ġá ráḋ, Ṫáinic ógfaċ Dé ċugam, agus bá cosṁuil a ġnúis ré gnúis aingil Dé, ró úaṫḃásaċ: aċ níor ḟiafruiġ mé ḋe cá has dó, agus ní mó dinnis sé a ainm ḋaṁ:

7 Aċd aduḃairt sé riom, Féaċ, biáiḋ tú torraċ, agus béara tú mac; agus a nois ná híḃ fíon nó deoċ laidir, agus ná hiṫ éinní neaṁġlan: óir biáiḋ an leanaṁ na Nasaríteaċ do Ḋía ó ḃruinn a ṁaṫar go ló a ḃáis.

8 ¶ Ann sin do ġuiḋ Manoah an TIĠEARNA, agus a duḃairt sé, O mo ṪIĠEARNA, tigeaḋ óglaċ Dé noċ do ċuir tú uait ċugainn a rís, agus múineaḋ ḋúinn cred do ḋéanam don leanaṁ béarṫar.

9 Agus déist Día re glór Ṁanoah; agus ṫáinic aingeal Dé a rís ċum na mná ar mbeiṫ ḋí na suiḋe ar an maċaire: aċ ní raiḃ Manoah a fear na foċair.

10 Agus do rinne an ḃean deiṫfir, agus do riṫ, agus do ṫaisbéan dá fear, agus a duḃairt ris, Féuċ, ṫáinic an duine ċugamsa, noċ ṫáinic ċugam an lá oile.

11 Agus déiriġ Manoah, agus do ċúaiḋ a ndiáiġ a ṁná, agus ṫáinig gus a nóglaċ, agus a duḃairt ris An tusa an té do laḃair ris an mnaoi? Agus a duḃairt seision, Is mé.

12 Agus a duḃairt Manoah, Anois tigdís do ḃríaṫra ċum criċe. Cionnus oilfeam an leanaṁ, agus cred do ḋéanam ris?

13 Agus a duḃairt aíngeal an TIĠEARNA re Manoah, Tugaḋ an ḃean a haire dá gaċ éinní dá nduḃairt misi ría.

14 Na hiṫeaḋ si éainní dá ttig as a ḃfíneaṁuin, agus ná hiḃioḋ fíon nó déoċ láidir, agus na hiṫeaḋ éainní neaṁġlán: coiṁéadaḋ sí a nuile ní dar aiṫin misi ḋi.

15 ¶ Agus a dúḃairt Manoah re aingeal an TIĠEARNA, Guiḋim ṫú, fan aguinn, nó go ndeasuiġeam meannán ḋuit.

16 Agus a duḃairt aingeal an TIĠEARNA re Manoah, Bíoḋ go ccuinneoċa tú mé, ní íosa mé dot arán: agus má ofrálann tú ofráil loisge, is don TIĠEARNA ofráilfios tú í. Oir ní raiḃ a ḟios ag Manoah gur ḃé aingeal an TIĠEARNA é.

17 Agus a duḃairt Manoah re haingeal an TIĠEARNA, Ca hainm ṫú, ċor a nuair ṫiucfaid do ḃríaṫra a gcríċ go ndéanam onóir ḋúit?

18 Agus a duḃairt aingeal an TIĠEARNA ris, Cred fá ḃfíafruiġionn tú mammsin marso, ó tá sé ar ċeilt?

19 Mar sin do ġlac Manoah meannán maille re ofráil bíḋ, agus dofráil sé ar ċarruig é don TIĠEARNA: agus do rinne an taingcal go hiongantaċ; agus do ḃí Manoah agus a ḃean ag féaċuin air.

20 Oír tárla, a núair do ċuáiḋ an lasair súas leaṫ re neaṁ ó naltóir, go ndeaċaiḋ an taingeal súas a lasair na haltóra. Agus dféaċ Manoah agus a ḃean air sin, agus do ṫuiteadar ar a naiġṫiḃ ċum na talṁan.

21 (Aċt ní ṫaínic aingel an TIĠEARNA ní buḋ mó dionnsuiġe Ṁanoah nó a ṁná). Annsin do aiṫin Manoah gur ḃaingeal don TIĠEARNA é.

22 Agus a duḃairt Manoah ré na ṁnáoi, Do ġeaḃam bás go deiṁin do ḃríġ go ḃfacamar Diá.

23 Aċt a duḃairt a ḃean ris, Dá maḋ í toil an TIĠEARNA ar marḃaḋ, ni ġéaḃaḋ sé ofrail loisge no ofráil ḃíḋ as ar láṁaíḃ, agus ní mó do ṫaisbéunfaḋ sé na neiṫesi ḋúinn, no dinneosaḋ ḋúinn fá namsa a leiṫeid so do neiṫiḃ.

24 ¶ Agus do rug an ḃean mac, agus ṫug sí Samson dainm air: agus dfás an leanaṁ, agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA é.

25 Agus do ṫosuiġ spiorad Dé ar a ċorruġaḋ ar úairiḃ a ccampa Ḋan edir Ṡorah agus Estoal.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan