Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Breiṫeaṁuin 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XII. Fir Eṗraim ag caṫuġaḋ re Ieṗtah. 6 Do ṁarḃ na Gíleadítiġ ḋíoḃ, líon nar ḟeúd Sibbolet do raḋ.

1 Agus do ċruinniġeadar fir Eṗraim íad féin a gcionn a ċéile, agus do ċúadar buḋ ṫuáiġ, agus a duḃradar re Ieṗtah, Cred fa ndeaċaiḋ tusa anonn do ṫroid a naġaiḋ ċloinne Ammon, agus nar ġoir tú oruinne do ḋul leaċd? ioisgfeam do ṫiġ ar do ṁuin le teiniḋ.

2 Agus a duḃairt Iepṫah ríu, Do ḃí misi agus mo ḋaóine a naimbreiḋe ṁóir ré cloinn Ammon; agus a nuáir do ġoir mé oruiḃsi, níorṡáoraḃair as a láṁuiḃ mé.

3 Agus a nuáir do ċonnairc misi nár ṫárrṫuiġeaḃair mé, do ċuir mé manum am láiṁ, agus do ċuáiḋ mé anonn a naġaiḋ ċloinne Ammon, agus do ṫoirḃir an TIĠEARNA am laiṁ íad: uimesin cred fá ttigṫíse súas ċugam a niuġ, do ṫroid am aġaiḋ?

4 Ann sin do ċruínniġ Ieṗtah muinntir Ġilead uile a ccionn a ċéile, agus do ṫroid sé lé Héṗraim: agus do ḃuáileadar muinntir Ġílead Eṗraim, do ḃríġ go nduḃradar, Siḃsi a Ġíleaditeaċa as teiṫṁiġe siḃ ó Eṗraim, a measc na Néṗraimíteaċ, agus a measc na Manassiteaċ.

5 Agus do ġaḃadar na Gíleaditiġ áṫanna Iordan ar na Heṗraimíteaċaiḃ: agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir a deirdís na Heṗraimítiġ do ċuaiḋ as, Léig ḋaṁ dal anonn; go nabraḋ muinntir Ġilead ris, An Eṗraimiteaċ ṫú? Dá nabraḋ seision, Ní heaḋ;

6 Ann sin a deirdís ris, Abair anois, Ṡíbbolet: agus a déaraḋ seision Sibbolet: óir níor féad sé a ċanṁuin go ceart. Ann sin do ġaḃadar é, agus do ṁarḃadar é, ag áṫánnaiḃ Iordan: agus do ṫuít annsa namsin do na Hepraímíteaċaiḃ ḋá ṁíle agus dá ḟiṫċiod.

7 ¶ Agus do ḃreaṫnuiġ Ieṗtah Israel sé bliaḋna. Ansin fúair Ieṗtah an Gíleaditeaċ bás, agus do haḋlaiceaḋ é a náon do ċaiṫreaċaiḃ Gílead.

8 ¶ Agus na ḋiaiġ sin do ḃí Ibsan ó Ḃetlehem na ḃreiṫeaṁ ar Israel.

9 Agus do ḃádar tríoċad mac aige, agus tríoċad inġean, noċ do ċuir sé amaċ úaḋ, agus ṫug sé tríoċad inġean a steaċ ċuige dá ṁacaiḃ. Agus do ḃí na ḃreiṫeaṁ a Nisrael seaċd mblíaḋna.

10 Ann sin fuáir Ibsan bás, agus do haḋlaiceaḋ a Mbetlehem é.

11 ¶ Agus na ḋiáiġ sin do ḃí Elon, an Sebuloníteaċ, na ḃreiṫeaṁ ar Israel; agus do riune breiṫeaṁnas ar Israel deiċ mblíaḋna.

12 Agus fuáir Elon an Sebuloniteaċ bás, agus do haiḋlaiceaḋ é ann Aiialon a ttír Ṡebulon.

13 ¶ Agus na ḋiáiġ sin do ḃí Abdon mac Hillel, Piratoníteaċ, na ḃreiṫeaṁ ar Israel.

14 Agus do ḃí ceaṫraċad mac aige agus tríoċad mac a ṁac, do níoḋ marcuiġeaċd ar ṡeaċdṁoġad ógassal: agus do ḃí na ḃreiṫeaṁ ar Israel oċd mblíaḋna.

15 Agus fuáir Abdon mac Hillel an Piratoníteaċ bás, agus do haḋlaiceaḋ é ann Piraton a ttír Eṗraim, a slíaḃ na Namalecíteaċ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan