Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Breiṫeaṁuin 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XI. Gaisge Ieṗtah, 34 agus a ṁóide.

1 Anois do ḃí Ieṗtah an Gíleaditeaċ na ḋuine neartṁar a mbeóḋaċd, agus bá ṁac meirdriġ é: agus sé Gílead do ġein Ieṗtah.

2 Agus do rug bean Ġilead mic ḋó; agus do ḟásadar mac na mna súas, agus do ṫeilgeadar amaċ Ieṗtah, agus a duḃradar ris, Ní ḃfuiġe tú oiġreaċd a ttiġ ar naṫarne; oír is mac mná ċoiṁṫiġ ṫú.

3 Annsin do ṫeíṫ Ieṗta ó na ḋearḃráiṫriḃ, agus dáitriḃ sé a gcríċ Ṫob: agus do ċruinniġeadar dáoine dioṁain ċum Ieṗtah, agus do ċuádar leis amaċ.

4 ¶ Agus tárla a ccion aimsire, go ndearnadar clann Ammon cogaḋ a naġaiḋ Israel.

5 Agus is aṁluiḋ ḃí, a núair do rinneadar clann Ammon cogaḋ a naġaiḋ Israel, go ndeaċadar sinsir Ġílead do ṫaḃairt Ieṗtah ó ṫír Ṫob:

6 Agus a duḃradar re Ieṗtah, Tárr, agus bí ad ċaiptín oruinn, go ndéanmáois troid re cloinn Ammon.

7 Agus a duḃairt Ieṗtah re sinnsioruiḃ Ġílead, Naċ ar ḟúaṫuiġeaḃair mé, agus nár ḋíbréaḃair mé as tiġ máṫar? agus cred fá ttiucfaḋ siḃ ċugam a nois a nuáir atáṫáoi a gcuṁgaċ?

8 Agus duḃradar sinnsir Ġílead re Ieṗtah, Uime sin do ḟilleamar ċugad anois, ċor go raċṫá linn, agus go ttroidfeá a naġaiḋ ċloinne Ammon, agus go mbeiṫea ad ċeann oruínn aítreaḃaċ Ġílead uile:

9 Agus a duḃairt Ieṗtah re sinnsioruiḃ Ġílead, má ḃéirṫi misi air mais, do ṫroid a naġaiḋ clann na Nammoníteaċ, agus go ttoirḃeóraiġ an TIĠEARNA roṁam iad, an mbía mé am ċeann oruiḃ?

10 Agus a duḃradar sinnsir Ġílead re Ieṗtah, Bíoḋ an TIĠEARNA dfiaġnuisi eadruinn, muna ndeanam sinn do reír do ḃríaṫrasa.

11 Ann sin do ċuáiḋ Ieṗtah lé seanuiḃ Ġílead, agus do rinneadar an pobal ceann agus caiptín de ós a ccíonn: agus do laḃair Ieṗtah a ḃriaṫrá uile a laṫair an TIĠEARNA a Mispeh.

12 ¶ Agus do ċuir Ieṗtah teaċda go ríġ ċloinne Ammon, ġa ráḋ, Cred atá agumsa ré a ḋéanaṁ riotsa, as a ttáinic tú am aġaiḋ do ṫroid riom ann mo ḋúiṫċe féin?

13 Agus dó ḟreagair riġ ċloinne Ammon teaċda Ieṗtah, Do ċionn gur ḃean Israel mo ḋúiṫċe ḋíomsa, a núair ṫangadar a nsíos as an Négipt, ó Arnon go nuige Iabboc, agus go nuige Iordan: anois ar a náḋḃarsin aisig na fearuinnsin go síoṫcánta.

14 Agus do ċuir Ieṗta teaċda úaḋ a rís go ríġ ċloinne Ammon:

15 Agus a duḃradar ris, Is marso a deir Ieṗtah, Níor ḃean Israel dúiṫċe Ṁóab amaċ, nó dúṫċe ċloinne Ammonn.

16 Aċt a núair ṫáinic Israel a nsíos ó Négipt, agus do ṡiuḃuil ṫríd an ḃfásaċ gus an muir Rúaiḋ, agus tangadar go Cádes;

17 Annsin do ċuir Israel teaċda go ríġ Edom, ġa ráḋ, Guiḋím ṫú, léig ḋaṁ gaḃail ṫríd do ḋúitċe: aċd nior ḃáill lé ríġ Edom eisdeaċd rís sin. Agus ar an ṁoḋ gcéadna do ċuir go ríġ Ṁóab: agus níor áontuiġ seision: agus ḟosaiḋ Israel a Gcádes.

18 Ann sin do ġluásíodar ar fád ṫríd a nfasaċ, agus do ṫimċiolladar dúiṫċe Edom, agus dúiṫċe Ṁóab, agus tangadar táoḃ ó ḋeas do ḋúiṫċe Ṁóab, agus do ṡuiġeadar don táoḃ oile do Arnon, aċt ní ṫangadar táoḃ a stiġ do ṫeóruinn Ṁóab: oir buḋ é Arnon bruáċ Ṁóab.

19 Agus do ċuir Israel teaċda go Sihon ríġ na Namoriteaċ, ríġ Hesbon; agus a duḃairt Israel ris, Guiḋim ṫú, leig ḋúinn gaḃáil ṫríd ṫfearann dom áit féin.

20 Aċt níor ṫáoḃ Sihon Israel do ġaḃáil tré na ċosta: aċt do ċruinniġ Sihon a ḋáoine uile a ḃfoċair a ċéile, agus do rinne sé foslungṗort an Iahas, agus do ṫroíd sé a naġaiḋ Israel.

21 Agus ṫug an TIĠEARNA Día Israel Sihon agus a ḋáoine uile a láiṁ Israel, agus do ḃuileadar íad: mar sin do ṡealḃuiġ Israel iomlán dúiṫċe na Namoriteaċ, dúṫċusaiġ na tire sin.

22 Agus do ṡealḃuiġeadar cósta na Namoríteaċ uile, ó Arnon go nuige Iabboc, agus ó nfásaċ air fad go nuige Iordan.

23 Marsin anois do ḋibir an TIĠEARNA Día Israel, na Hamorítiġ roiṁe a ṗobal Israel, agus nar ċóir ḋuitsi a ṡealḃuġaḋ?

24 Naċ sealḃoċaiḋ tusa an ní noċ do ḃeir do ḋía Ċemos duit re ṡealḃuġaḋ? Mar sin giḋ bé a rbiṫ ċuirfeas ar TTIĠEARNA Día fein amaċ roṁuinne, sealḃoċuim íad.

25 Agus anois an feárr ṫusa ná Bálac ṁac Sippor ríġ Ṁoáb? nar ċuir sé riáṁ a naġaiḋ Israel, nó nar ṫroid sé na naġaiḋ a ríaṁ?

26 An feaḋ do rinne Israel coṁnuiġe ann Hesbon agus iona bailtiḃ, agus ann Aroer agus iona bailtiḃ, agus annsna caiṫreacaiḃ uile atá sínte re cóstuiḃ Arnon, trí ċéad blíaḋan? cred uime nar ḃeanaḃair amaċ íad ar a ḃfadsin?

27 Ar a naḋḃarsin, níor ċiontaiġ misi ad aġaiḋ, aċd ís tusa atá ag déanaṁ éaccora orumsa, ag caṫuġaḋ am aġaiḋ: biaḋ an TIĠEARNA anbreiṫeaṁ na hreiṫeaṁ a niuġ idir ċloinn Israel agus ċloinn Ammon.

28 Aċt ċeana níor éist ríġ ċloinne Ammon re bríaṫruiḃ Ieṗtah noċ do ċuir sé ċuige.

29 ¶ Ann sin ṫáinic spiorad an TIĠEARNA ar Ieṗtah, agus do ċúaiḋ sé ṫar Ġílead anonn, agus ṫar Ṁanasseh, agus do ċuáiḋ ṫar Ṁispeh Ġílead, agus ó Mispeh Ġílead do ġluáis e ṫairis go ċloinn Ammon.

30 Agus ṫug Ieṗtah móid don TIĠEARNA, agus a duḃairt, Má ḃeir tú gan ḟailliġe clann Ammon am láiṁsi,

31 Ann sin is aṁluiġ ḃías, giḋ bé ní ṫiucfas amaċ as doirsiḃ mo ṫiġe do ṫeagṁáil orm, an tan ḟillfeas mé a síoṫċáin ó ċloinn Ammon, buḋ leis an TTIĠEARNA é go deiṁin, agus ioḋboruíḋ mé suas é mar ofrail loisge.

32 ¶ Marsin do ċuáiḋ Ieṗtah ṫairis go cloinn Ammon do ṫroid na naġaiḋ; agus ṫug an TIĠEARNA ann a láiṁ íad.

33 Agus do ḃúail sé íad ó Aroer, nó go ttí tú go Mínnit, fiṫċe caṫair, agus go réiteaċ na ḃfíneaṁnaċ, maille ré hár mor. Mar so do claóiḋeaḋ clann Ammon roiṁe cloinn Israel.

34 ¶ Agus ṫáinic Ieṗtah go Mispeh ḋá ṫiġ, agus, féuċ, ṫáinic a inġean amaċ do ṫeagṁáil air, maille re céol agus re daṁsaiġiḃ: agus dob isi a éairġein; ní raiḃ mac ná inġean aige aċd í.

35 Agus tárla, a nuáir do ċonnairc sé í, gur réub sé a éadaċ, agus go nduḃairt sé, Uċ, a inġean! do ḃrúiġ tú síos mé, agus is áon don droing ḃuaiḋrios mé ṫú: óir dfoscuil mé mo ḃéul don TIĠEARNA, agus ní ḟéaduím dul air mais.

36 Agus a duḃairt sisi ris, A aṫair, má dfoscuil tú do ḃéul don TIĠEARNA, déana riomsa do réir an neiṫe ṫáinic amaċ as do ḃéul; do ċionn go ndearnaiḋ an TIĠEARNA dioġaltas ar do ṡonso ar do naiṁde, ar ċloinn Ammon.

37 Agus a duḃairt sí le na haṫair, Déantar an ní so ar mo ṡonsa: léigṫear ḋaṁ ḋá ṁí, go nimṫiġ mé síos agus súas air na slíaḃ, agus go gcaóine mé móġaċd, mé féin agus mo ċompánuiġ.

38 Agus a duḃairt seision, Imṫiġ, Agus do ċuir sé úaḋ í go cíonn ḋá ṁíos: agus do imṫiġ sisi maille ré na compánaċuiḃ, agus do ċaóin a hóġaċd ar na sléiḃtiḃ.

39 Agus tárla a ccíonn dá ṁíos, gur ḟill si ċum a haṫar, noċ do rinne ría do réir mar do ṁóidiġ sé: agus ní raiḃ fios fir aice. Agus do ḃí na ġnaṫ a Nísrael,

40 Go nimṫiġdis inġeana Israel go ḃaḋnaṁuil do ċaóineaḋ inġine Ieṗtah an Gíleadíteaċ, ceiṫre lá sán mblíaḋuin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan