Breiṫeaṁuin 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil X. Tar éis Tóla. 3 Do ḃreaṫnuiġ Iair Israel. 6 Déis ḃáís Iaír smaċduiġ Día a rís Israel arson ioḋolaḋraḋ. 1 Agus tar éis Abimeleċ déiriġ do ċuṁdaċ Israel Tóla ṁac Púah, ṁic Dódo, do ṫreiḃ Issaċar; agus do áitreḃ sé a Sámir air ṡlíaḃ Eṗraim. 2 Agus do ḃreaṫnuiġ sé Israel trí bliaġna fiṫċiod, agus fuáir sé bás, agus do haḋlaiceaḋ a Sámir é. 3 ¶ Agus na ḋiáiġ sin déiriġ Iáir, Gíleaditeaċ, agus do ḃreaṫnuiġ Israel ḋá ḃliaġain agus fiṫċe. 4 Agus do ḃádar tríoċad mac aige do níoḋ marcuiġeaċd ar ṫrióċad bromaċ Assal, agus do ḃádar trioċad caṫair aca, da ngoirṫear Haḃot‐Iáir gus a niuġ, noċ ata a ttír Ġílead. 5 Agus fuáir Iáir bás, agus do haḋlaiceaḋ é a Gcamon. 6 ¶ Agus do rinneadar clann Israel olc á rís a raḋarc an TIĠEARNA, agus do aḋradar Báalim, agus dée Sídon, agus dée Ṁóab, agus dée ċloinne Ammon, agus dée na Ḃṗilistineaċ, agus do ṫréigiodar an TIĠEARNA, agus ní ḋéarnadair serḃís do. 7 Agus do ḃí fearg an TIĠEARNA ar lasaḋ a naġaiḋ Israel, agus do réac sé rad a láṁuiḃ na Ḃpilistíneaċ, agus a láṁuiḃ ċloinne Ammon. 8 Agus do ḃúaiḋriodar agus do ḃruiġeadair clann Israel an ḃlíaḋuinse oċd mbliaḋna déug, clann Israel uile do ḃí don taóiḃ oile do Iordan a ndúṫaiġ na Namoríteaċ, noċ atá a Ngílead. 9 Os a ċionn sin do ċúadar clann Ammon tar Iordan do ċaṫuġaḋ mar an gcéadna a naġaiḋ Iúdah, agus a naġaiḋ Ḃeniamin, agus a naġaiḋ ṫiġe Eṗraim; ionnus gur tugaḋ Israel a gcuṁgaċ ṁór. 10 ¶ Agus déiġṁeadar clann Israel ċum an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Do ṗeacuiġeamairne ad aġaiḋ, do ċionn gur ṫréigiomar aráon ar Ndía féin, agus gur aḋramar Báalim mar an gcéadna. 11 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re cloinn Israel, Naċ ar ṡáor misi siḃ ó na Hégiptiḃ, agus ó na Hamorítiḃ, agus ó ċloínn Ammon, agus ó na Ṗilistíniḃ? 12 Dó ḃruiġeadar mar an gcéadna na Sidonianiġ, agus na Hamalecitiġ, agus na Maonitiġ siḃ; agus do screadaḃair ormsa, agus do ṡáor mé siḃ as a láṁuiḃ. 13 Giḋeaḋ do ṫréigeaḃair mé, agus do aḋraḃair deé oile: nime sin ní ṫárrṫoċa mé feasda siḃ. 14 Eírġiḋe, agus screaduiġ ar na deéiḃ noċ rugaḃair do roġuin; sáoraidis siḃ a naimsir ḃur ttrioblóide. 15 ¶ Agus a duḃradar clann Israel ris an TTIĠEARNA, Do ṗeacuiġeamar: déana rinn mar do ċíṫear maiṫ ḋuit féin; aṁáin, guiḋmid ṫú, sáor inn a niuġ. 16 Agus do ċuireadar úaṫa na deé coiṁiṫeaċa ó ḃeiṫ na measc, agus daḋradar an TIĠEARNA: agus do ḃí doilġios ar a anum san tré ḃoċduine Israel. 17 ¶ Ann sin do ċruinniġeadar clann Ammon a ccean a ċéile, agus do rinneadar campa a Ngílead. Agus do ċruinníġeadar clann Israel íad féin a gcionn a ċéile, agus do rinneadar campa a Mispeh. 18 Agus a duḃradar dáoine agus prionnsuiḋe Ġílead re ċéile, Cia hé an fear ṫoiseoċus caṫuġaḋ a naġaiḋ ċloinne Ammon? biáiḋ sé na ċeann ar ḋúṫċusaiḃ Ġílead uile. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society