Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Breiṫeaṁuin 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I. Inṁe agus úaċdranaċd ṫreiḃ Iudah agus Ṡimeon.

1 Anois tar éis ḃáis Iosua tárla, gur ḟiafruiġeadar clann Israel don TIĠEARNA, ḋá raḋ, Ciá raċus uainn a naġaiḋ na Gcanaaníteaċ ar tús, do ṫroid na naġaiḋ?

2 Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Raċaiḋ Iúdah súas: féaċ, ṫug mé an tir ann a laiṁsion.

3 Agus a duḃairt Iúdah re Símeon a ḋearḃraṫair, Tárr súas liomsa ann mo ċuid crannċair, ċor go ttroidfiom a naġaiḋ na Gcanaaníteaċ; agus raċa misi leaċdsa már an gcéadna ann do ċuid crannċairse. Mar sin do ċúaiḋ Símeon leis.

4 Agus do ċúaiḋ Iudah súas; agus ṫug an TIĠEARNA na Canaanítiġ agus na Perísitiġ ann a láṁuiḃ: agus do ṁarḃadár ḋíoḃ a Mbésec deiċ míle fear.

5 Agus fuáradar Adonibesec a Mbéser; agus do ṫroideadar na aġaiḋ, agus do ṁarḃadar na Canaanítiġ agus na Perisitiġ.

6 Aċ do ṫéiṫ Adonibésec; agus do leanadar é, agus rugadar air, agus do ġearradar ordóga a láṁ agus a ċos de.

7 Agus a duḃairt Adonibésec, Trí fiċṫid agus deiċ ríġ dar beanaḋ ordóga a láṁ agus a gcos dioḃ, do ċruinniġeadar a mbíaḋ fáoi mo ḃórdsa: mar do rinne misi, is mar sin ṫug Día dioġaltas orm. Agus ṫugadar leó é go Hierusalem, agus fúair sé bás ann sin.

8 ¶ Annois do ṫroideadar mic Iúdah a naġaiḋ Ierusalem, agus do ġaḃadar í, agus do ḃúaileadar í le fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus do ċiureadar an ċaṫair tré ṫeiniḋ.

9 Agus na ḋiáiġ sin do ċuádar clann Iúdah síos do ṫroid a naġaiḋ na Gcanaaníteaċ, noċ do áitreiḃ annsa tslíaḃ, agus an táoḃ ó ḋeas, agus annsa ġleann.

10 ¶ Agus do ċuáiḋ Iúdah a naġaiḋ na Gcanaaníteaċ do áitreiḃ ann Hébron (annois do bé Círiat‐arba ainm Hebron roiṁe so:) agus do ṁarḃadar Sesai, agus Ahíman, agus Talmai.

11 ¶ Agus as sin do ċuáiḋ sé a naġaiḋ áitreaḃaċ Debir: (agus Ciriatseṗer dob ainm roiṁesin do Ḋebir:)

12 Agus a duḃairt Cáleb, An té ċláoiḋfios Ciriat‐seṗer, agus ġéaḃus í, is dósin do ḃéara mé Aċsa minġion na mnáoi.

13 Agus do ġaḃ Otníel ṁac Ceras, an dearḃraṫair dob oíge ag Caleb an ċaṫair: agus ṫug sé ḋó Aċsah a inġean na mnáoi.

14 Agus tárlá, a nuáir ṫáinic sí ċuige, go ttug sí air fearann díarruiḋ air a haṫair: agus do ṫuirling sí dá hassal; agus a duḃáirt Cáleb ría, Créd as áill leaċd?

15 Agus a duḃairt sisi ris, Taḃair beannaċd ḋaṁ: óir ṫug tú fearann tirim ḋaṁ; taḃair ḋaṁ mar an gcéadna sruṫáin uisge. Agus ṫug Caleb ḋi na toibreaċa úaċdaraċ agus na toibreaċa íoċdaraċ.

16 ¶ Agus do ċuádar clann Ċenitiġ, aṫair ṁna Ṁáoise, as caṫruiġ na ccrann pailme súas maráon ré cloinn Iúdah go fásaċ Iúdah, nóċ atá don táoḃ ó ḋeas do Arad; agus do ċúadar agus do ċoṁnuiġeadar a measc na ndaoine.

17 ¶ Agus do ċuáiḋ Iúdah le Símeon a ḋearḃraṫair, agus do ṁarḃadar na Canaanítiġ noċ do áitreiḃ a Séṗat, agus do scrios í go hiomlán. (Agus sé dob ainm don ċaṫruiġ Hormah.)

18 Mar an ccéadna do ġaḃ Iudah Gása maille re na cósduiḃ, agus Ascelon maille re na cóstuiḃ, agus Ecron maille re na cóstuiḃ.

19 Agus do ḃí an TIĠEARNA re Iúdah; agus do ḋíbir sé amaċ áitreaḃuiġ an tsléiḃe; aċd níor ḟéad sé áitreaḃuiġ an ġleanna do ḋíbirt, do ċionn go raiḃ carbuid íaruinn aca.

20 Agus tugadar Hebron do Ċaleb, mar a duḃairt Máoise: agus do ḋíbir sé as sin trí mic Anac.

21 ¶ Agus nír ḋibriodar clann Ḃeniamin na Iebusítiġ do áitreiḃ ann Ierusalem; aċd dfanadar na Iebusitiġ a ḃfoċair ċloinne Beniamin gus a niuġ ánn Ierusalem.

22 ¶ Agus tiġ Ioseṗ, do ċúadarsan súas mar an gcéadna a naġaiḋ Ḃetel: agus do ḃí an TIĠEARNA maille riú.

23 Agus do ċuir tiġ Ioseṗ luċd braṫa ar Ḃetel. (Annois ba Lus ainm na eaíṫreaċ roiṁe sin.)

24 Agus do ċonncadar an luċd braṫa duine ag teaċd amaċ as an gcaṫruiġ, agus a duḃradar ris, Guiḋmid ṫú, taisbéin dúinn, sliġe ḋul a steaċ na caiṫreaċsa, agus do ḋéanam trócaire ort.

25 Agus a núair do ṫaisbéin sé ḋóiḃ sliġe ḋul a steaċ na caiṫreaċ, do ḃuaileadar an ċaṫair le fáoḃar an ċloiḋiṁ; aċd do leígiodar an fearsin as agus muinntir a ṫiġe uile.

26 Agus do ċúaiḋ an tóglaċ go dúiṫċe na Hititeaċ, agus do ṫóg caṫair, agus do ġoir Lus dainm ḋi: sé sin is ainm ḋi gus a niuġ.

27 ¶ Ní mó do ḋíbir Manasseh áitreaḃuiġ Ḃetsean agus a bailteaḋ, ná Táanaċ agus a bailteaḋ, ná áitreaḃuiġ Dor agus a bailteaḋ, ná áitreaḃuiġ Ibleam agus a bailteaḋ, ná áitreaḃuiġ Ṁegiddo agus a bailteaḋ: aċd ba mían leis na Canaanítiḃ coṁnuiġe san tír sin.

28 Aċ tárla, a núair do ḃí Israel láidir, gur ċuireadar na Canaanítiġ fa ċíos, agus nar ḋíbriodar ṫríd amaċ íad.

29 ¶ Mar an ccéadna nior ċuir Eṗraim amaċ na Canaanítiġ noċ do áitreiḃ ann Géser; aċd do áiṫreaḃadair na Canaanítiġ an Gesér na meascsan.

30 ¶ Agus níorḋíbir Sebulun áitreaḃuiġ Ċítron, nó áitreaḃuiġ Nahalol; aċd do ċoṁnuiġeadar na Canaanítiġ na measc san, agus tangadar fa ċíos dóiḃ.

31 ¶ Ní mó do ḋibir Aser áitreaḃuiġ Acċo, nó áitreaḃuiġ Sídon, nó Ahlah, nó Aċsib, nó Helbah, no Aṗic, nó Réhob:

32 Aċ do ċoṁnuiġeadar na Haseritiġ a measc na Gcanaaníteaċ, áitreaḃuiġ an nfearuinn: óir níor ḋíbriodar amaċ iad.

33 ¶ Ni mó do ḋíbir Naṗtali áitreaḃuiġ Ḃet‐semes, no áitreaḃaiġ Ḃetanat; aċd do áitriḃ sé a measc na Ccanaaníteaċ, áitreaḃúiġ an nfearuinn: giḋeaḋ do ḃádair aítreaḃaiġ Ḃet‐semes agus Ḃet‐anat fá ċíos dóiḃ.

34 ¶ Agus do ċoiṁéigníġeadar na Hámorítiġ clánn Dan do ċoṁnuiġe san tsliaḃ: óir níor ḟuilingiodar ḋóiḃ teaċd a núas annsa ġleann:

35 Aċ ba mían leis na Hamorítiḃ áitreaḃ do ḋéanaṁ a slíaḃ Héres ann Aialon, agus a Sealbim: giḋeaḋ rugadar láṁa ṫiġe Ioseṗ búaiḋ, ionnus go dtangadar fa ċíos dóiḃ.

36 Agus do bé teóra na Namoriteaċ ó árd Acrabbim, ón ccaruig, agus ó sin súas.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan