Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ḃfilippiánaċ 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV Na neiṫe móra inleanṁana, 11 agus sásuġaḋ Ṗóil ris gaċ ein inṁic.

1 Uime sin, a ḋearḃraiṫre dílġráḋaċa dá ḃfuil toil mo ċroiḋe, mo ṡolas agus mo ċoróin, seasuiḋ mar so sa Dtíġearna, a ḋearḃráiṫre dílġraḋaċa.

2 Sírim daṫċuinġe ar Eḃódias, agus guíḋim Sintiċe, ḃeiṫ déininntinn sa Dtíġearna.

3 Agus sírim daṫċuinge ortsa, mar an gcéudna, a ċompanuiġ ċarṫanaiġ, cungnaṁ ris na mnáiḃ noċ do rinne díṫċioll maille riomsa sa tsoisgéul, agus fós maille ré Clemens, agus ris an gcuid eile dom luċd caḃarṫa, agá ḃfuilid a nanmanna a leaḃar na beaṫa.

4 Déunuiḋ gáirdeaċas do ṡíor sa Dtíġearna: a deirim a rís, Déunuiḋ gáirdeaċas.

5 Bíoḋ suáiṁneas ḃur ninntinne follas do na huile ḋaóiniḃ. Atá an Tíġearna láiṁ riḃ.

6 Ná bíoḋ ró ċúram neiṫe ar biṫ oruiḃ; aċd sa nuile ní bioḋ ḃur níarratuis foillsiġṫe do Ḋía a nurnuiġe agus a naṫċuinge maille ré breiṫ buiḋeaċais.

7 Agus coiṁéudfuiġ sioṫċáin Dé ṡáruiġeas a nuile ṫuigse, ḃur gcroiḋṫe agus ḃur ninntinneaċa a Níosa Críosd.

8 Tuille eile, a ḋearḃraiṫre, giḋ bé ar biṫe neiṫe atá firinneaċ, giḋ bé neiṫe atá trómġa, giḋ bé neiṫe atá ceart, giḋ bé neiṫe atá glan, giḋ be neiṫer as fíu gráḋ, giḋ bé neiṫe ar a ḃfuil deaġṫeisd; ma tá súḃailciġe ar biṫ, agus má tá molaḋ, go maḋ híad ḃías siḃ a smuáineaḋ.

9 Ná neiṫe fós, do ḟóġluim siḃ agus do ġlacaḃair, agus do ċúalaḃair, agus do ċonncaḃair ionnamsa, deunuiḋ íad: agus biáiḋ Día na síoṫċána maille riḃ.

10 Agus do ġaḃ gáirdeaċas go mór sa Dtíġearna mé, do ḃríġ gur éiriḋ ḋíḃ fá ḋeireaḋ mo ċúramsa do ḃeiṫ oruiḃ; fós an ní do ḃí na ċás oruiḃ, aċd naċ ḃfúaraḃair ám.

11 Ní tré ríaċdanus a deirim so: óir do ḟoġluim misi, ḃeiṫe sásuiġ, ris an staid ann a ḃfuilim.

12 As éol daṁ ḃeiṫ uiríseal, agus as éol daṁ ḃeiṫ iomlán: sa nuile áit agus sna huile neiṫiḃ do teaguisgeaḋ mé ré ḃeiṫ sáiṫeaċ agus ré ḃeiṫ a riaċdanus.

13 Tig ḋíom na huile neiṫe do ḋéunaṁ tré Ċríosd noċ do neartuiġeas mé.

14 Ṫairis sin is maiṫ do rinneadḃairse, ḃeiṫ páirteaċ rém ḃuáiḋirtse.

15 Agus fós, atá a ḟios aguiḃse a Ṗilippíanaċa, a dtosaċ an tsoisgéil, an tan do ḟág mé Macedonia, nár roinn eagluis ar biṫ rium a gcunntus taḃarṫa agus gaḃála, aċd siḃse aṁáin.

16 Oír ar mbeiṫ ḋaṁ fós a Dtessalonica do ċuireaḃair ċugam uáir nó ḋó fóiriġin mo ríaċdanuis.

17 Ní hé go ḃfuilim ag íarruiḋ taḃártuis: aċd aṁáin ag íarruiḋ toruiḋ ro líonṁuir ċum ḃur gconntuisse.

18 Fuáir mé a nois na huile neiṫe, agus atá mo ṫeannṡáiṫ agum: do líonaḋ mé, ar nglacaḋ ḋaṁ ó Epaṗrodítus na neiṫe ṫáinic uáiḃse, an balaḋ ḋeaġḃaluiḋ, an níoḋbairt ṫaitneaṁaċ, ar a ḃfuil gean ag Día.

19 Agus fóirfiḋ mó Ḋíasa gaċ uile uireasḃuiḋ ḋá mbía oruiḃse do réir a ṡáiḋḃris maille ré glóir a Níosa Críosd.

20 Agús glóir do Ḋía eaḋon ar Naṫairne go sáoġal na sáoġal. Amen.

21 Teannuiḋ riḃ gaċ uile náoṁ a Níosa Críosd. Cuirid na dearḃraiṫre atá um ḟoċairse a mbeannaċd ċuguiḃ.

22 Cuirid na naóiṁ uile a mbeannaċd ċuguiḃ, agus go mórṁór an dream atá do luċd tiġe Ṡéusair.

23 Grása ar Dtíġearna Iósa Críosd maille riḃ uile. Amen.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan