Amos 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IX. Déis uaigneas Israel, 11 tógfaiḋ an Messias pailliún Ḋaiḃi, do ṫuit. 1 Do ċonnairc mé an TIĠEARNA na ṡeasaṁ air a naltóir: agus a duḃairt sé, Buáil an fárdorus, ċor go ccroiṫid na postaḋa: agus géarr annsa ċionn íad, iad uile; agus muirfiḋ misi an deiġionaċ ḋíoḃ leis an ccloiḋeaṁ; an té ṫeiṫfios díoḃ ní raċfuiḋ sé as, agus an té raċfus as, ní sáorfuiġear é. 2 Dá mbeiṫ go ttoċolaidís go hifrionn, do ḃéara mo láṁsa as íad; dá mbeiṫ go ndéandaois dreapaireaċt súas go neaṁ, do ḃéara mé liom as sín a núas íad: 3 Agus dá mbeiṫ go ḃfoileoċaidís íad féin a mullaċ Ċarmel, spíonfa misi agus do ḃéara mé as sín íad; agus da mbeiṫ go mbeidís a ḃfolaċ óm raḋarc a níoċtar na fairge, annsin áiṫeonuiḋ mé don naiṫir niṁe, agus beanfuiḋ sí greim asta: 4 Agus má atá go raċaidís a ndaóirsine roiṁe a naiṁde, áiṫeonuiḋ mé don ċloiḋeaṁ as sin, agus muirfiḋ sé íad: agus cuifiḋ mé mo ṡúile orra le holc, agus ni lé maiṫ. 5 Agus isé an Tiġearna DIA na slóġ ḃeanfas ris an ḃfearann, agus leaġfuiḋ sé e, agus caóiḋfiḋ a nuile ḋuine áitreaḃus ann: agus éireoċuiḋ súas go hiomlán aṁuil tuile; agus biáiḋ báiḋte, mar ṫuile na Hégipte. 6 A sé do ní a ṡeomraḋa annsna neaṁuiḃ, agus do ṡuiḋiġ a ṡlúaġ annsa talaṁ; an té ġoirios air uisceaḋuiḃ na fairge, agus ḋóirtios amaċ íad air aḋaiġ na talṁan: Isé an TIĠEARNA a ainm. 7 Naċ ḃfuiltí mar ċloinn na Netíopeaċ ḋaṁsa, a ċlann Israel, a deir an TIĠEARNA. Naċ ttug mé Israel amaċ as críċ na Hégipte? agus na Ṗilistiniġ as Caṗtor, agus na Siríanuiġ ó Ċir? 8 Féuċ, atáid súile an Tiġearna DIA air an rioġaċt ṗeacuiġ, agus scriosfa misi í ó ġnúis na talṁan; aṁáin naċ millfe mé tiġ Iácob ṫríd amaċ, a deir an TIĠEARNA. 9 Oír féuċ, fuáigeoruid misi, agus cáiṫfiḋ mé tiġ Israel a measc na nuile ċineaḋaċ, aṁuil ċorruiġṫior arḃar a ccríaṫar, giḋeaḋ ní ṫuitfiḋ an gráinne is luġa air an ttalaṁ ḋe. 10 Eugfuiḋ uile luċt peacuiḋ mo ṗobailsi leis an ccloiḋeaṁ, noċ a deir, Ní ḃéara an tolc oruinn agus ní ṫoirmeoscuiḋ sinn. 11 ¶ Annsa ló sin tóigfe mé súas tabernacuil Ḋáiḃi do ṫuit, agus druidfiḋ mé súas a ḃeárnaḋa; agus cóireaċa mé ar ṫuit de, agus cuirfe mé súas é mar annsna laéṫiḃ a nallód: 12 Ċor go sealḃoċuid íarsma Edom, agus na ngeinteaḋ uile, noċ goirṫear am ainmsi, a deir an TIĠEARNA do ní so. 13 Féuċ, tiucfuid na laéṫe, a deir an TIĠEARNA, go mbéaruiḋ an toireaṁ air an mbúanuiġe, agus fear ḃrúite na ccáor air an té ċuirios an síol; agus silfid na sléiḃte fíon milis, agus leiġfid na huile ċnoic. 14 Agus do ḃéara mé a rís ar a nais braiġde mo ṗobail Israel, agus cuirfid súas na caiṫreaċa fásuiḋ, agus áiteoċuid íad; agus plainndeoċuid fineaṁna, agus ioḃuid a fíon sin; do ḋéanuid fós gáirdíniġe, agus íosuid dá ttoraḋ. 15 Agus plainndeoċa misi ann a ndúṫáiġ íad, agus ní ṫarrongṫar íad ní sa mó a níos as a ndúṫaiġ noċ ṫug mé ḋóiḃ, a deir an TIĠEARNA do Ḋía sa. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society