Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Amos 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VIII. Tairrġir ar ġorta agus ṫart ḃreiṫre Dé.

1 Is marso do ṫaisbéin an Tiġearna DIA ḋamsa: agus féuċ clíaḃ do ṫoraḋ saṁruiġ.

2 Agus a duḃairt sé, A Amois, cred do ċí tú? agus a duḃairt misi, Clíaḃ do ṫoraḋ saṁruiġ. Annsin a duḃairt an TIĠEARNA riomsa. Ṫáinic an deireaḋ air mo ṗobal Israel; ní ġéaḃa mé láiṁ ríu ní is mó.

3 Agus buḋ núallḟurtaċ cainticiḋ an teampuill san ló sin, a deir an Tiġearna DIA: biáiḋ mórán do ċorpuiḃ marḃa ann gaċ áonáit; teilgfid síad amaċ íad le ciunas.

4 ¶ Eistiġ so, a luċt ṡluigios súas na ríaċdanuiġ, eaḋon do ṫaḃairt ar ḃoċtaiḃ a nfearuinn meaṫ,

5 Ag ráḋ, Cá huáir raċus an ġealaċ núaḋ uáinn, ċor go reacfam arḃar? agus an tsábboid, le ccuirfemís cruiṫneaċt amaċ, ag déanaṁ an eṗah beag, agus an tsecel mór, agus ag fallsuġaḋ na ccoṁṫrom le mealltoireaċd?

6 Ċor go cceinneoċamaóis an boċd le hairgiod, agus an teasḃaḋaċ air ṗéire bróg; fós, go reacam salċar na ccruiṫneaċda?

7 Do ṁionnuiġ an TIĠEARNA tres oirḋearcus Iácob, Go deiṁin ní ḋearmoda mé go bráṫ áoinni dá noibreaċaiḃ.

8 Naċ ccrioṫnoċuiḋ an talaṁ uimeso, agus naċ ccaóiḋfiḋ gaċ duine dá ccoṁnuiġionn ann? agus éireoċuiḋ súas go hiomlán aṁuil tuile; agus teilgfiġear amaċ agus báiḋfiġear é, aṁuil le tuile na Hégipte.

9 Agus ttiucfa a ccríċ annsa ló sin, a deir an Tiġearna DIA, go ttiuḃra misi air an ngréin dul faói san meaḋon laói, agus do ḋéana mé an talaṁ dorċa san ló ġlan:

10 Agus iompoċa mé ḃur ḃféustaḋa a ndóbron, agus ḃur naḃráin uile a ccuṁaiḋ; agus do ḃéara mé saicéadaċ súas air a nuile leasraċ, agus maóile air gaċ nile ċeann; agus do ḋéana mé é uṁuil mar buḋ cuṁaiḋ arson aóinṁic, agus a ċríoċsin aṁuil deireaḋ laói ṡeirḃ.

11 ¶ Féuċ, tiucfuid na laéṫe, a deir an Tiġearna DIA, go ccuirfe misi gorta annsa tír, ní gorta aráin, nó tart uisge, aċd do éisteaċda ḃréiṫre an TIĠEARNA:

12 Agus seaċránfuid ó ḟáirge go fairge, agus ón ttuáisceart gus an noirṫear, rioṫfuid síad síos agus súas díarruiḋ bréiṫre an TIĠEARNA, aċt ní ḃfuiġid síad í.

13 Annsna laéṫiḃsin anḃfainnfid na maiġdiona breáġḋa agus na daóine óga lé tart.

14 An drong ṁionnuiġios fa ṗeacaḋ Ṡamária, agus a deir, A Ḋan, mairiḋ do ḋía se; agus, mairiḋ moḋ Ḃeer‐seba; eaḋon tuitfid síadsin, agus ní éireoċuid súas a rís go bráṫ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan