Amos 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VI. Do ni macnus ċluinne Israel, 7 dáor 12 doiṫ‐leiġis, íad. 1 Aṁairg don ṁuinntir atá a socaṁal ann Sion, agus ċuirios a ndóiġ a sliaḃ Ṡamáriah, noċ dá ngoirṫear tóġa na ccineaḋaċ, ċum a ttáinic tiġ Israel! 2 Imṫiġiḋ siḃsi go Calneh, agus feuċuiḋ; agus éirġiḋe as sin go Hemat mór: annsin imṫiġiḋ síos go Gát na Ḃṗilistineaċ: an féarr íad náid na rioġaċtasa? nó an mó a tteórainn ná ḃur tteóruinnsi? 3 Siḃsi ċuirios a ḃfad uáiḃ an droċ lá, agus do ḃeir ar ċaṫaóir a néigin do ṫeaċt a ḃfogus; 4 Noċ luiġios ar leabṫaċaiḃ ioṁóg, agus ṡínios íad féin air a leabṫaċaiḃ, agus iṫios na huáin amaċ as an ttréad, agus na gaṁna as lár an stalla; 5 Noċ ċánas le fuáim an ḃíol, agus ġléasas dóiḃ féin aḋḃaḋa ciúil, cosṁuil re Dáiḃi; 6 Noċ iḃios fíon a mbullaḋuiḃ, agus ungas íad féin leis na holuiġiḃ is toġṫa: aċt ní ḃfuil doilġios orra ar son anṡóġ Ióseṗ. 7 ¶ Anois uimesin raċfuid síad a mbraiġdionas leis an ccéaddroing raċfus a láiṁ, agus áiṫreoċtar fleaḋ na droinge do ṡín íad féin. 8 Do ṫug an TIĠEARNA Día é féin mar ṁionnuiḃ, a deir an TIĠEARNA Día na slóġ, Fúaṫuiġim oirḋearcus Iácob, agus fúaṫuiġim a ṗáláis: uimesin seaċóduiġ mé súas an ċaṫair gun a ḃfuil innte uile. 9 Agus tiucfuiḋ a ccríċ, má ḟanann deiċneaṁar fear a neintiġ, go ḃfuiġid síad bás. 10 Agus tóigfe dearḃraṫair a aṫar súas é, agus an té loisgios é, do ṫaḃairt a ċnáṁ amaċ as an ttiġ, agus a déara sé ris an té ḃías ag táoḃuiḃ an tiġe, An ḃfuil duine ar bioṫ agad? agus a déara seision, Ní ḃfuil. Annsin a déara seision, Coisg do ṫeanga: óir ní ḟéadmaoidne teaċt ṫar ainm an TIĠEARNA. 11 Oír féuċ, daiṫin an TIĠEARNA, agus buáilfiḋ sé an tiġ mór le briseaḋiḃ agus an tiġ beag le scoiltiḃ. 12 ¶ An rioṫfuid eiċ air an ccaruic? an ttreaḃoċṫa aon le daṁuiḃ? óir dfilleaḃair breiṫeaṁnus ċum domblais, agus toraḋ a nionracuis a muinṁear: 13 Siḃsi noċ ṡólasuiġios ann ní gan taḋḃaċt, noċ a deir, Naċ ar ġaḃamar ċugainn aḋarca le ar neart féin? 14 Aċt, féuċ, tóigfe misi súas cineaḋ ḃur naġaiḋ, a ṫiġ Israel, a deir an TIĠEARNA Día na slóġ; agus buáiḋeoruid síad siḃ ó ḋul a steaċ Hemat go haḃuinn a nfásuiġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society