Amos 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IV. Imḋeargaḋ ḟoirrneart na bprionnsa, agus an ṗobail. 1 Eistiġsi an focalso, a ḃaṫ Básan, atá a slíaḃ Ṡamária, noċ ṡáruiġios an boċt, noċ ċrupas an riaċdanaċ, noċ a deir re na maiġistriḃ, Taḃruiġ, agus iḃeam. 2 Do ṁionnuiġ an Tiġearna DIA fa na náoṁṫaċt, féuċ, go ttiucfuid na laeṫe oruiḃ, go mbéara sé leis siḃ le crúcaḋuiḃ, agus ḃur slioċt le duḃánuiḃ íascuireaċta. 3 Agus raċṫaoi amaċ air na béarnuiḃ, gaċ áon ḃó air an ní ḃías roimpe; agus teilgfiḋe íad annsa ṗálás, a deir an TIĠEARNA. 4 ¶ Tigiḋ go Bet‐el, agus sáruiġiḋ; ann Gilgal oirlíonuiḋ peacaḋ; agus tugaiḋ ḃur níoḋbarṫa liḃ gaċ maidin, agus ḃur ndeaċṁaḋa tar éis ṫrí mblíaḋan: 5 Agus ofraluiḋ íoḋbuirt ḃuiḋeaċuis maille re loiḃín, agus fúagruiḋ agus foillsiġiḋ na hoffrála toileaṁla: óir táitniġ so riḃsi, a ċlann Israel, a deir an Tiġearna DIA. 6 ¶ Agus ṫug misi fos gloine ḟíacal díḃ ann ḃur ccaiṫreaċaiḃ uile, agus easḃuiḋ aráin ann ḃur bpálásaiḃ: aċt ċeana níor filleaḃair ċugamsa, a deir an TIĠEARNA. 7 Agus marsin do ċonnaiṁ mé a nfearṫuinn uáiḃ, a nuáir do ḃádar fós trí ṁí gus an ḃfóġṁar: agus ṫug mé air fearṫuinn air áonċaṫruiġ, agus ṫug mé air gan fearṫuinn air ċaṫruiġ oile: do fearaḋ air ċuid aṁáin, agus an ċuid air nar fearaḋ do ċríon sé. 8 Marsin do ṡeaċránadar a dó nó a trí do ċaiṫreaċaiḃ go háonċaṫruiġ dól uisge; aċt níor sásaḋ íad: giḋeaḋ níor ḟilleaḃair ċugamsa, a deir an TIĠEARNA. 9 Do ḃuáil mé siḃ le loscaḋ gaóiṫe agus le milċéo: an tan dfásadar ḃur ngáirdíne agus ḃur ḃfíneaṁna agus ḃur ccroinn fíge agus ḃur ccroinn ola, do ṁill an ṗéisd palmer íad: giḋeaḋ níor ḟilleaḃair ċugamsa, a deir an TIĠEARNA. 10 Do ċuir mé an ṗláiġ ḃur measg do réir ġnáṫa na Hégipte: do ṁarḃ mé ḃur ndaóine óga ris an ccloiḋeaṁ, agus rug mé ḃur neiċ uáiḃ; agus ṫug mé air ḃréantas ḃur ḃfoslongṗort teaċt súas ċum ḃur bpolláireaḋ: giḋeaḋ níor ḟilleaḃair ċugam, a deir an TIĠEARNA. 11 Do scrios mé cuid díḃ, aṁuil do scrios Día Sodom agus Gomorrah, agus do ḃáḋḃair aṁuil aiṫinne ar na ṫarruing amaċ as an losgaḋ: ṫairis sin níor ḟilleaḃair ċugamsa, a deir an TIĠEARNA. 12 Ar a naḋḃarsin is marso do ḋéana mé riot, a Israel: agus do ḃríġ go ndéana mé so riot, ullṁaiġ do ṫeagṁáil ré do Ḋía, a Israel. 13 Oír, féuċ, na té ċumas na sléiḃte, agus ċruṫuiġios an ġáoṫ, agus ḟoillsiġios don duine cred is sinúaineaṁ ḋó, do ní dorċadas don ṁaidin, agus ṡaltras a náitiḃ árda na talṁan, isé a ainm, An TIĠEARNA, Día na slóġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society