Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Amos 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II Tiucfaiḋ búille ó Ḋía ar Ṁóab, 4 ar Iudah, agus ar Israel.

1 Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Ṁóab, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé é; do ḃríġ gur loisc sé cnáṁa ríġ Edom a náol:

2 Aċt cuirfiḋ mé teine air Ṁóab, agus dóiġfiḋ sí páláis Ċiriot: agus éugfuiḋ Moáb le heasargain, lé gáir, agus le fuáim an stuic:

3 Agus geárrfa mé amaċ an breiṫeaṁ as a lár, agus muirfiod a uile ṗrionnsaḋa maille ris, a deir an TIĠEARNA.

4 ¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Iúdah, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé é; do ḃríġ gur ḋísbeagadar dliġeaḋ an TIĠEARNA, agus nár ċoiṁéadadar a aiṫeanta, agus ṫug a mbréuga orra seaċrán do ḋéanaṁ, a ndiaiġ ar ṡiuḃluiġeadar a naiṫre:

5 Aċt cuirfe mé teine ar Iúdah, agus loiscfe sí páláis Ierusalem.

6 ¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Israel, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé é; do ḃríġ gur reacadar an fíréun air airgiod, agus an ḃoċt ar ṗéire bróg;

7 Noċ ṡéideanas déis luáiṫriġ na talṁan air ċeann an ḃoiċt, agus iompoiġios sliġe an ċeannsuiġ do leaṫṫáoiḃ: agus raċuiḋ duine agus a aṫair ċum na maiġdine, do masluġaḋ manma náoṁṫasa:

8 Agus leagfuid íad féin síos air éaduiġiḃ ċuirṫior a ngeall ag a nuile altóir, agus iḃid fíon an damnaiġṫe a ttiġe a Ndé.

9 ¶ Giḋeaḋ do scrios misi an Tamoríteaċ rompa, a raiḃ a áirde cosṁuil le háirde cedair, agus do ḃí laidir aṁuil na dairġiḃ; giḋeaḋ do scrios mé a ṫoraḋ a núas, agus a ḟréaṁa fáoi.

10 Ṫug mé siḃsi fós súas as críċ na Hégipte, agus do ṫréoruiġ mé siḃ ceaṫraċad blíaḋan ṫríd an ḃfásaċ, do ṡealḃuġaḋ dúiṫċe an Amorítiġ.

11 Agus do ṫóg mé súas cuid dá ḃur macaiḃ na ḃfáiġiḃ, agus dá ḃur ndaóiniḃ óga mar Nasarítiḃ. Naċ marso eaḋon atáid, a ċlann Israel? a deir an TIĠEARNA.

12 Aċt ṫugaḃair fíon do na Nasarítiḃ re a ól; agus do áiṫniġeaḃair do na ráiġiḃ, ag ráḋ, Ná déanuiḋ fáiġeadóireaċd.

13 Féuċuiḋ, atáimse ar mo ḃrúġaḋ fúiḃ, aṁuil brúiġtear cairt ḃíos lán do ṗunnánuiḃ.

14 Uimesin meiṫfiḋ an teiṫeaḋ ón lúaṫ, agus ní neartoċuiḋ an neartmbar a láidreaċd, ní mó ṡáorfas an cuṁaċdaċ é féin:

15 Ní mó ṡeasfas an té ġlacus an boġa; agus an té ḃíos lúaṫ a ccoisiġeaċd ní ṫáirṫeoċuiḋ é féin: ní mó ṡáorfas an té do ní an teaċ do ṁarcuiġeaċd é féin.

16 Agus an té is beóġa a measg na ccuṁaċdaċ teiṫfiḋ sé as tarnoċd san ló sin, a deir an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan