Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Amos 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I. Buille á Ḋía ar ṁorán riġeaċdaiḃ.

1 Briaṫra Amos, do ḃí a measc áoḋaireaḋ Ṫecoa, noċ do ċonnairc sé a ttáoḃ Israel a laéṫiḃ Ussiah ríġ Iúdah, agus a laéṫiḃ Ieroboam ṁic Ioas ríġ Israel, ḋá ḃlíaḋuin rioṁe an ccríoṫ talṁan.

2 Agus a dúḃairt sé, Núallfuiḋ an TIĠEARNA ó Ṡion, agus foillseoċaiḋ sé a ġúṫ ó Ierusalem; agus guilfid áitreaḃa na náoḋaireaḋ, agus críonfuiḋ mullaċ Ċarmel.

3 ¶ Is marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Ḋamascus, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad; do ḃríġ gur ḃuáileadar Gileád lé súistiġiḃ íaruinn:

4 Aċt cuirfiḋ mé teine go tiġ Hasael, noċ ḋóiṫfios palais Ḃenhadad.

5 Brisfiḋ mé mar an ccéadna barra Ḋamascus, agus géarrfa mé amaċ an táitreaḃṫaċ ó réiteaċ Aḃen, agus an té ċongṁas an tslat ríoġa ó ṫiġ Eden: agus raċfuid daóine na Síria a ndaóirsine go Cir, a deir an TIĠEARNA.

6 ¶ Mar so a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Gása, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola me íad: do ḃríġ go rugadarleó a láiṁ na braiġde go hiomlán, dá seaċadaḋ do Edom:

7 Aċt cuirfe misi teine air ḃalla Gása, noċ ḋóiċfios a páláis:

8 Agus géarrfa mé amaċ an táitreaḃṫaċ ó Asdod, agus an té ċongṁas an tslat ríoġa ó Ascelon, agus iompoċa mé mo láṁ a naġaiḋ Ecron, agus imeoċuiḋ fuiġilleaċ na Ḃṗilistineaċ seaċad, a deir an Tiġearna DIA.

9 ¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Tírus, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad: do ḃríġ gur ṡeaċadar súas na braiġde uile do Edom, agus nar ċuiṁniġiodar an cunnraḋ dearḃráiṫreaṁuil.

10 Aċt cuirfiḋ mé teine ar ḃalla Tirus, noċ loisgfios a páláis.

11 ¶ Marso a deir an TIĠNARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Edom, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad: do ḃríġ gur ainlean sé a ḋearḃraṫair leis an ccloiḋeaṁ, agus gur ṫeilg úaḋ gaċ uile ṫrúaiġe, agus gur réub a ḟearg go síorruiḋe, agus gur ċonnaiṁ a ḟearg go síorruiġe:

12 Aċt cuirfiḋ mé teine air Ṫéman, noċ loisgfios páláis Ḃosrah.

13 ¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáraiġṫe ċloinne Ammon, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad: do ḃríġ gur scoiltiodar súas mná torrċa Ġíleád, ċor go ḃfairseongaidís a ttéora féin:

14 Aċt lasfa mé teine a mballa Rabbah, agus loisgfiḋ sí a páláis sin, le gáir a ló an ċaṫa, maille re stoirm a ló na gaóiṫe guáirdeáin.

15 Agus raċfuiḋ a ríġ a mbraiġdionas, é féin agus a ṗrionnsaḋa a néinḟeaċt, a deir an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan