Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

3 Eoin 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Gaius na scáṫan ar an aolḋeaċd. 9 Agus Diotreṗes na sbeuclar ar na doctuiriḃ ailġiosaċ, ardċeannaċ.

1 An, seanóir ċum Gáiuis ġráḋuiġ, dá ḃfuil mó ġráḋ go fírinneaċ.

2 A ḋearḃráṫair gráḋuiġ, do bfearr leam ar tús go ḃfaġṫá séun agus sláinte, aṁuil atá séun ar ṫanam.

3 Oír do ġaḃ gáirdeaċas mór mé, an tan ṫangadar na dearḃráiṫre agus do rinneadar fíaḋnuise don ḟírinne atá ionnadsa, do réir mar ṡiúḃlas tú sa ḃfírinne.

4 Ní ḃfuil gáirdeaċas agum as mó ná so eaḋon go gcluinim go ḃfuilid mo ċlann, ag suiḃal sa ḃfírinne.

5 A ḋearḃráṫair ġraḋuiġ, is deiġċreideaṁeaċ do ní tú gaċ a ndéun tú do na dearḃráuṫriḃ, agus do ḋéoraiḋiḃ;

6 Noċ do rinne fíaḋnuise dod ġráḋ a láṫair na heagluise: is maiṫ do ḋéunas tú, má ḃeir tú fá ṡliġe íad mar is fíu Día:

7 Oír is ar son a anmasan do ċúadar amaċ, gan ní ar biṫ do ġlacaḋ ḋóiḃ ó na Cinneaḋaċuiḃ.

8 Uime sin atá dfíaċuiḃ oruinne a leiṫid sin do ġaḃáil ċuguinn, ionnus go mbéimis ar gcóṁluċd caḃarṫa do ḟírinne.

9 Do sgríoḃ mé ċum na heagluise: aċd Diotréṗes, rér mían áirdċeannas do ḃeiṫ aige ós a gcionn, ní ġaḃann sé ċuige sinn.

10 Ar a naḋḃarsa, más teaċd ḋaṁ, cuirfead a gcéill a ġníoṁarṫa do ní sé, ag cur ċallóide orruinn ré bríaṫruiḃ urċóideaċa: agus ní lór leis sin, aċd ní ġaḃann sé féin na dearḃráiṫre ċuige, agus cuiriḋ toirmeasg ar an druing lér ṁían, agus cuiríḋ sé amaċ as a neagluis íad.

11 A ḋearḃráṫair ġráḋuiġ, na lean don nolc, aċd don ṁaiṫ. An tí do ní an ṁaiṫ is ó Ḋía atá sé: aċd an tí do ní an tolc ni ḟacuiḋ sé Día.

12 Atá deaġṫeisd ar Demétrius ag na dearḃráiṫriḃ uile, agus ag an ḃfírinne féin: agus do níomuiḋne fós, fíaḋnuise ris; agus atá a ḟíos aguiḃse gur fírinneaċ an ḟíaḋnuise do níomuid.

13 Do ḃí mórán agum ré a sgríoḃaḋ, aċd ní hail leam a sgríoḃaḋ ċugad ré dúḃ agus ré peann:

14 Oír atá súil agum ré ṫus dfaicsin go haiṫġearr, agus laiḃeóram béul ar ḃéul. Síoṫċáin maille riot. Cuirid na cáirde a mbeannaċd ċugad. Beir beannaċd ċum na gcarad tré na nainm.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan