Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

2 Peadar 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III Ge mór sgige na daoine bolgaċ uime sin, tiocfuiḋ Criosd ina ló fein do ḃreiṫ ḃreiṫeaṁnuis orrṫa.

1 Ag so a nois an dara heipisdil, sgríoḃuim ċuguiḃ a ċaired; ré ḃfuilim ag togḃáil suás ḃur ninntine ḟíorġloin dá ḃur gcur a gcuiṁne:

2 Ionnus go mbíaḋ cuiṁne aguiḃ air na bríaṫruiḃ do laḃradar na fáiḋe náoṁṫa roiṁe so, agus air a náiṫne tugamairne absdail an Tíġearna agus an Tslánaiġṫeóra uáinn:

3 Ar mbeiṫ ḟios so aguiḃ ar tús, go dtiucfuid sna laéṫiḃ deiġeanaċ luċd sgige, leanfus dá nainmíanuiḃ féin,

4 Agus a déuruid, Ca háit a ḃfuil geallaṁuin a ṫeaċda? óir ón tráṫ fá ndeaċadar na haiṫreaċa ḋéug, fanuid na huile neiṫe a néunsdaid ó ṫus an ċrúṫuiġe.

5 Oír atáid na ainḃfios so déuntoisg go raiḃ neaṁ ann fada ó ṡin tré ḃréiṫir Dé, agus an talaṁ ṡeasas go deingean as a nuisge agus ann sa nuisge:

6 Uime sin an doṁan a nuáirsin, do sgriosaḋ é, ar dteaċd don díle ṫairis:

7 Aċd neaṁ agus talaṁ, a nois atáid da dtaisge ris an mbréiṫir gcéudna, dá gcoiṁéud fá ċoṁair teineaḋ go lá damnuiġe agus sgriosda na ndáoineaḋ neiṁḋíaġa.

8 Agus, a ċaired, ná bioḋ an táoin níse na ainḃfios oruiḃ, go ḃfuil éunlá aṁáin ag an Dtíġearna mar ṁíle bliaḋan, agus mile blíaḋain mar eunlá aṁáin.

9 Ní cuireann an Tíġearna muill ar a ġeallaṁuin, (mar ṁeasuid dream áiriġe muill;) aċd atá sé foiġideaċ rinne, do ḃríġ naċ mían ris einneaċ ḋul amúġa, aċd na huile ḋáoine ṫeaċd ċum aiṫriġe.

10 Giḋeaḋ tiucfuiḋ lá an Tíġearna marġaduiġe sa noiḋċe; ann a raċuiḋ neaṁ ṫoruinn maille ré tormán, agus ann a mbéid na dúile ag leaġaḋ ré teas, agus ann a loisgfiġṫear an talaṁ agus na hoibreaċa atá air.

11 Uime sin ós éigin na neiṫese uile do sgáoileaḋ ó ċéile, créd an ríoċd ann ar ċóir ḋáoiḃse ḃeiṫ da ḃur síroimċar féin go náoṁṫa agus go díaġa,

12 Maille ré ḃeiṫ ḋíḃ ag fuireaċ agus ag déunaṁ deiṫnis ré lá Dé ṫeaċd, ann a sgáoilfiġṫear neaṁ ó ċeile, ar mbeiṫ ḋó tré ṫeiniḋ, agus ann a mbéid na duile ag leaġaḋ ré teas?

13 Aċd atá súil aguinne, do réir a ġeallaṁnasan, ré neaṁuiḃ núaḋa agus ré talaṁ núaḋ, ann a gcoṁnuiġeann an ḟiréuntaċd.

14 Uime sin, a ċaired, ó atá súil ris na neiṫiḃse aguiḃ, bíġiḋ dúṫraċdaċ ċum ḃur ḃfáġala ḋósan gan ċáiḋe, gan ċiontuiḃ, a sioṫċáin.

15 Agus measuiḋ foíġid ḟada ar Dtíġearna mar ṡlánuġaḋ; aṁuil do sgríoḃ fós ar ndearḃráṫair gráḋaċ Pól ċuguiḃ do réir na heagna tugaḋ ḋó;

16 Aṁuil fós ann a éipisdliḃ uile, ag laḃairt ionntaḋ ar na neiṫiḃse; an a ḃfuilid neiṫe áiriḋe atá doṫuigsiġe, noċ iompoiġid an dream neaṁḟoġlomṫa neimṡeasṁaċ ón gcéill ḋíriġ, aṁuil do níd an ċuid eile do na sgrioptúruiḃ mar an gcéudna, ċum a ndamnuiġṫe féin.

17 Ar a náḋḃarsin, a ċaired, ó atá fios aguiḃ roiṁ láiṁ, tuguiḋ aire riḃ, deagla ar mbeiṫ meallta ré seaċrán na druinge neiṁḋíaġa sin, go dtuitfeaḋ siḃ ó ḃur ndiongṁaltaċd féin.

18 Aċd bíġiḋ ag fás a ngrás, agus a neólas ar Dtíġearna agus ar Slanaiġṫeóra Iósa Críosd. Glóir ḋósan a nois agus go síorruiḋe. Amén.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan