2 Peadar 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II Tairrġir ioma líonṁaireaċd, nádur cleasraḋ, agus smaċd na bfáiġe fallsa. 1 Agus do ḃádar mar an gcéudna fáiḋe fallsa a measg an ṗobuil, aṁuil ḃías fós luċd teaguisg fallsa eadruiḃse, noċ ḃéurus a steaċ ós íseal eireceaċd ḋamnuiġṫe, agus ṡéunfás an Tíġearna do ċeannuiġ íad, ag tarruing sgreasda obuinn orrṫa féin. 2 Agus leanfuid móran a dteaguisg damnuiġṫe; ré maísleóċar sliġe na fírinne. 3 Agus tré ṡaínt béid dá ḃur nimċeannuiġeaċd maille ré bríaṫruiḃ blasda; dream ḋár cinneaḋ fada ó ṡin damnuġaḋ náċ dtéid a ṡíneaḋm agus ní ġaḃann codlaḋ an sgrios ṫiucfus orrṫa. 4 Oír munar ċoigil Día na haingil do ṗeacuiḋ, aċd ar na dteilgean síos go hifrionn dó, go dtug íad do ṡlaḃraiḋiḃ an dorċaduis ċum a gcongṁála ris an mbreiṫeaṁnus; 5 Agus monar ċoigil sé an seandoṁan, aċd gur ṡáor sé Náoi an toċdṁaḋ pearsa, seanmóntuiġe na fíréuntaċda, ar dtaḃairt na díleann dó ar a ndoṁan na ndáoineaḋ neiṁḋíaġa; 6 Agus ag déunaṁ luáiṫriḋ do ċaiṫreaċuiḃ Ṡoduim agus Ġomorra do ḋamnuiġ sé íad maille ré na sgrios, ar na ndéunaṁ na neisiompláir don druing do ċaiṫfeaḋ a mbeaṫa go neiṁḋíaġa; 7 Agus do ṡáor sé Lot an firéun, do tuirsiġeaḋ ré coinḃearsáid neaṁġloin na ndáoineaḋ neiṁḋíaġa: 8 (Oír ar mbeiṫ don ḟiréun úd na ċoṁnuiḋe eatorra, fuáir a anam firéunta a ṗíánaḋ ó lá go lá ré na ngníoṁarṫuiḃ neiṁḋlisdionaċa, dá ḃfaicsin agus dá gcluinnsin dó;) 9 As éol don Tíġearna na dáoine díaġa ṡáoraḋ ó ċaṫuġaḋ, agus na dáoine neiṁḟiréunta ċoiṁéud go lá an ḃreiṫeaṁnuis a bpíannuid: 10 Agus go mórṁór an dream leanus ainṁíana na colla a neaṁġloine, agus do ḃeir neiṁċion ar úaċdaránaċd. Ar mbeiṫ ḋóiḃ andána, lán asda féin, ní ḃíonn faitċeas orṫa fá anċaint do ḋéunaṁ ar an luċd atá a gcúṁaċduiḃ árda. 11 An tan naċ beirid na haingil féin, atá ós a gcionnsan a neart agus a gcúṁaċduiḃ, breaṫ ṁasluiġeaċ na naġuiḋ a ḃfíaḋnuise an Tíġearna. 12 Aċd ḃíd an dreamsa, mar ainṁinntiḃ brúideaṁla, noċ do crúṫuiġeaḋ ċum a ngaḃála agus a sgriosda, ag laḃairt go masluiġeaċ air na neiṫiḃ naċ aiṫniḋ ḋóiḃ; sgriosfuiġṫear íad an a dtruáilleaḋ féin; 13 Agus do ġéuḃuid síad túarasdal na héugcora, mar an druing ṁeasas gur sáiṁe sóġ gaċ láoi. Buill ċáiḋeaċda ṡalċa, ḃíos lán dfonn ann a mealltóireaċd féin an tan ḃíd ḃur ḃfoċair ar ḟéusduiḋiḃ; 14 Agá ḃfuilid súile lán daḋaltrannas, agus naċ ḃfeudann sgur do ṗeacaḋ; ag meallaḋ na nanmann neiṁṡeasṁaċ: agá ḃfuilid cróiḋṫe do ḃeir íad féin do ġnáṫ do ṡaint; clann na mallaċd: 15 Noċ do ṡeaċuin an tsliġe ḋíreaċ, agus do ċuáiḋ ar seaċrán, ag leanṁuin luirg Ḃálaaim ṁic Bósoir, noċ tug gráḋ do ṫúarusdal na héugcóra; 16 Aċd fuáir sé aċṁusán ar son a ṗeacuiġ: do laḃair an beaṫaċ balḃ do ġlór ḋáonna agus do ṫoirmisg sé an ṁíċiall do ḃí ar an ḃfáiḋ. 17 As tobair gan uisge íad so, neóill dá dtiomáin ré sdoirm ġáoiṫe; agá ḃfuil an dorċadas fíorḋorċa ḋá ṫaisge fá a gcoṁair go síorruiḋe. 18 Oír ar mbeiṫ ḋóiḃ ag laḃairt ḃríaṫar uáiḃreaċ gan éifeaċd, mealluid síad ré hainṁíanuiḃ macnusaċa na colla, an dream do ḋealuiġ beagán ré luċd an tseaċráin do leanṁuin. 19 Ag geallaṁuin sáoirsi ḋóiḃ, agus gan ionntaḋ féin aċd seirḃísiġ don truáilleaḋ: óir giḋ bé ní ḃeireas buáiḋ ar neaċ, do ní an ní céudna fós seirḃíseaċ ḋe. 20 Oír tar éis dealuiġe ḋóiḃ ré neaṁġloine an tsáoġailse tré eólas an Tiġearna agus an Tslanaiġṫeóra Iósa Críosd, dá gcraipliġṫear íad a rís innte, ar na sáruġaḋ, as measa a gcríoċ ḋeíġeanaċ ná a dtosaċ. 21 Oír do ḃfearr ḋóiḃ gan eólas do ḃeiṫ aca ar ṡlíġe na firéuntaċda, ná tar éis eólais dfaġail, impoġ ḋóiḃ ó náiṫne náoṁṫa tugaḋ ḋóiḃ. 22 Giḋeaḋ do éiriḋ ḋóiḃ do réir an tseanḟocail ḟírinniġ, Do ḟill an madraḋ tar a ais ċum aiṫsgeaṫruiġe; agus an ṁuc do ḃí ar na niġe ċum a húnfurtaiġ sa laiṫiġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society