2 Eoin 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Gráḋ a mbeaṫaiḋ, agus fíorġloine a tteagusg, iomċoṁeud. 1 An, seanóir ċum na bainntíġearna toġṫa agus ċum a cloinne, dá ḃfuil mo ġráḋ go fírinneaċ; agus ní hé mo ġráḋsa aṁáin, aċd gráḋ na nuile mar an gcéudna noċ fuáir eólas ar an ḃfírinne; 2 Ar son na fírinne ċoṁnuiġeas ionnuinn, agus ḃías maille rinn go síorruiḋe. 3 Grása trocaire, agus síoṫċáin, maille riḃ, ó Ḋía Aṫar, agus ón Dtíġearna Iósa Críosd, Mac a Naṫar, maille ré fírinne agus ré gráḋ. 4 Do ḃí gáirdeaċas mór oram do ḃríġ go ḃfuáir me cuid dod ċloinnse ag siúḃal do réir na fírinne, aṁuil fúaramar áiṫne ó Naṫair. 5 Agus a nois íarruim daṫċuinġe ort, a ḃainntíġearna, (ní mar do ḃeinn ag sgríoḃaḋ áiṫne nuáiḋe ċugad, aċd na háiṫne do ḃí aguinn ó ṫosuiġ,) eaḋon a ċéile do ġráḋuġaḋ ḋúinn. 6 Agus a sé so an gráḋ, eaḋon sinn do ṡiúḃal do réir a aiṫeantasan. A sé so a náiṫne, Do réir, mar do ċúalaḃair ó ṫosuiġ, ċum ḃeiṫ ḋíḃ ag siúḃal innte. 7 Oír is iomḋa mealltóir ṫáinic a steaċ sa dóṁan, naċ adṁuiġeann Iósa Críosd do ṫeaċd a gcoluinn. Gíḋ bé atá mar sin as mealltóir agus ainticríosd é. 8 Tuguiḋ aire riḃ féin, naċ léigfeam amúġa na neiṫer do ṡáoṫruiġeamar, aċd go maḋ héidir linn lánlúaċ sáoṫair do ġlacaḋ. 9 Giḋ bé neaċ ṡáruiġeas, agus naċ coṁnuiġeann a dteagusg Ċríosd, ní ḃfuil Día aige. An tí ċóṁnuiġeas a dteagusg Ċríosd, atá an Taṫair agus an Mac aige. 10 Dá dtiġiḋ éinneaċ ċuguiḃ, agus naċ dtaḃair ris an teagusga, ná gaḃuiḋ ċuguiḃ a steaċ é, agus na beannuiġe ḋó: 11 Oír an tí ḃeannuiġeas dó atá sé pártaċ ré na ḋroċġníoṁarṫuiḃ. 12 Bíoḋ go raiḃ mórán do neiṫiḃ agum ré a sgríoḃaḋ ċuguiḃ, níor ḃáil leam sgríoḃad ré papéur agus ré duḃ: aċd atá súil agum ré ṫeaċd ċuguiḃ, agus ré laḃairt riḃ béul ar ḃéul, ċum ar ngáirdeaċais do ḃeiṫ iomlan. 13 Cuirid clan do ḋeirḃṡeaṫar toġṫa beaṫa agus sláinte ċugad. Amén. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society