Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

2 Chum Timóteuis 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV Oifig ḃúaċaille na heagluise, 7 agus caiṫréim ḋeireannaċ Ṗóil, tar éis búaḋuġaḋ.

1 Uime sin cuirim dúalaċ ort a ḃfíaḋnuise Dé, agus an Tíġearna Iósa Críosd, noċ ḃéuras breaṫ ar ḃéoḋuiḃ agus ar ṁarḃuiḃ agá ṫeaċd deallruiġṫeaċ agus an ríoġaċd;

2 Déuna an bríaṫar do ṡeanmóir; bí dúṫraċdaċ a nám, agus a nanám; spreag, smaċduiġe, agus teaguisg maille ris a nuile ċeannsaċd agus ḟoirceadal.

3 Oir tiucfuiḋ aimsir naċ mbiáiḋ fulang aca ar ṫeagusg ḟallái; aċd ar mbeiṫ dá gclúasuiḃ lionta do ṫoċas cruinneóċuid síad ḋóiḃ féin do réir a nainmían iomad teagusgóir;

4 Agus fillfid síad a gclúasa ón ḃfírinne, agus geillfid do sgéultuiḃ fáḃuill.

5 Giḋeaḋ déunsa faire sna huile neíṫiḃ, fulaing anṡóġ, déin obair ṡoíḃisgeil, taḃair fá deara do ṁiniosdrálaċd do ḃeiṫ dearḃṫa.

6 Oír atáimse a noise féín dom íoḋbairt, agus is fógas daṁ aimsir mimṫeaċda.

7 Do ċóṁraic mé cóṁrac maiṫ, ráinic mé ceann mo ċoiṁleanga, do ċoiṁéid me an creaideaṁ:

8 O so amaċ atá coróin ḟíréuntaċda ar na taisge fám ċoṁair, noċ ḃéuras an Tíġearna, an breiṫeaṁ cóṁṫrom ḋáṁ sa ló úd: agus ní ḋáṁsa aṁáin, aċd mar an gcéudna do na huile ḋáoine ġráḋuiġeas a ṫeaċd.

9 Déun deiṫneas ré ṫeaċd ċugam go haiṫġearr:

10 Oír do ṫréiġ Démas mé, ar dtáḃairt ġráḋa don tsáoġalsa a láṫair, agus do imṫiġ sé go Tessalonica; Crescens go Galátia, Titus go Dalmátia.

11 Atá Lucás na áonar um ḟoċair. Ar mbreiṫ ḋuit ar Ṁárcuis, taḃair leaċd é: óir as ro ṡocraċ ḋáṁsa é ċum miniosdrálaċda.

12 Agus do ċuir mé Tiċicus uáim go Heṗesus.

13 An tan ṫiucfas tú, taḃair leaċd an brat noċ do ḟág mé a Dtróas ag Carpus, agus na leáḃair, go háiriġe na meamruim.

14 As mór dolc do rinne Alecsandar an céard copair oram: go dtuguiḋ an Tíġearna ḋó réir a ġníoṁarṫaḋ.

15 Agus bíse mar an gcéudna ar do ċoiṁéud air; óir is mór do ċuir sé a naḋuiġ ar mbríaṫairne.

16 Ann mo ċéud ċosaintse níor raiḃ áonduine agam, aċd do ṫréigeadar uile mé: nar agrar orrṫa é.

17 Giḋeaḋ do ṡeas an Tíġearna láiṁ rium, agus do neartuiġ sé mé; ionnus go mbíaḋ seanmóir an tsoisgeil dearḃṫa ṫríomsa, agus do gcluinfedis na Cineaḋaċa uile í: agus do sáoraḋ mé ó ḃéul an leoṁain.

18 Agus sáorfa an Tíġearna mé ó gaċ uíle ḋroċobair, agus coṁéudfuiḋ mé ċum a ríoġaċda neaṁḋa féin: glóir ḋósan go saóġal na sáoġal. Amén.

19 Beir beannaċd ċum Ṗrisca agus Acuila, agus ċum luċ tiġe Onesíṗoruis.

20 Do ċóṁnuiḋ Erastus a Gcoríntus. Agus dfág mé Troṗimus a Milétum go héugcruáiḋ.

21 Déun deiṫneas ré ṫeaċ roiṁ an ngéiṁreaḋ. Cuiriḋ Eúbulus, agus Púdens, agus Línus, agus Cláudia, agus na dearḃráirṫre uile a mbeannaċ ċugad.

22 Go raiḃ an Tíġearna Iósa Críosd maille réd sbioruid. Grása maille riḃ. Amén.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan