Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

2 Chum Timóteuis 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III Na haimseara báoġlaċ ré teaċd. 16 Fós úġdar agus eifeaċd na sgriobtúr.

1 Agus bíoḋ a ḟios so agad, go dtiucfuid aimseara báoġlaċa sna laeṫiḃ déiġeanaċa.

2 Oír béid dáoine róċeanaṁuil orrṫa féin, sanntaċ, aiḋḃéil, díomsaċ, íṫiomráiteaċ, easúṁal dá naiṫriḃ agus dá máiṫriḃ, dómbuiḋeaċ, neaṁnáoṁṫa,

3 Gan ġráḋ nadúrṫa, luċd droċċoinġill, luċd éiliġe bréugaċa, neíṁmeassarḋa, borb, gan ġráḋ don ṁaiṫ,

4 Luċ braṫa, mearrgánta, áirdinntinneaċ, luċd ġráḋaiġeas sáiṁe ní sa ṁó na Día;

5 Leigeas orrṫa féin ḃeiṫ díaġa, aċd do ḋíult do ċúṁaċd na díaġaċda: agus seaċainse a saṁuil sin.

6 Oir is don druingse an luċd ḃíos ag teultóġ a steaċ a dtiġṫiḃ, agus ḃeireas ríu a mbruid mná simpliḋe líonta do ṗeacaḋ, noċ do ṫreóruiġṫear ré hainṁíanuiḃ éugsaṁla,

7 Ag fóġluim do ṡíor, agus go bráṫ gan teaċ ḋóiḃ ċum eólais na fírinne.

8 Agus do réir mar do ċuir Iannes agus Iambres a naġuiḋ Ṁaóisi, as mar an gcéudna ċuirid an dreamsa a naġuiḋ na firinne: luċ inntinne truáilliġe, mearuiġe a dtáoḃ am ċreidiṁ.

9 Giḋeaḋ ní ḃéuruid buáiḋ ní sa ṁó: óir biáiḋ a gcúṫaċ follas do na huile ḋáoiniḃ, aṁuil do ḃí a gcúṫaċ súd mar an gcéudna.

10 Aċd do lean tusa mo ṫeagusga, réim mo ḃeaṫa, mo rún, mo ċreideaṁ, mo ċeannsaċd, mo ġráḋ, agus mfoiġid,

11 An ġérleanṁuin, an ṗáis, a dfulaing mé a Nantióċia, a Nicónium, agus a Lisdra; créd é méid na gérleanṁana diomċuir mé: aċd do ṡáor an Tiġearna mé úaṫa uile.

12 Agus fós, an ṁéid ler mían a mbeaṫa ċaiṫeaṁ go díaġa a Niósa Críosd fuileónguin síad gerleanṁuin.

13 Aċd na droċḋáoine agus na mealltóiriġe raċuid air a naġuiḋ sa nolc, ag meallaḋ, agur ar na meallaḋ ḋóiḃ.

14 Aċd coṁnuiġse sna neiṫiḃ do ḟóġluim tú agus do fágḃaḋ táoḃ riot, ar mbeiṫ a ḟeasa agad cía ór ḟoġluim tú íad;

15 Agus ó ḃí tú ad leanaḃ go raiḃ eólas na sgrioptúr náoṁṫa agad, lér féidir do ḋéunaṁ éagnuiḋe ċum slánaiġṫe trés an gcreideaṁ noċ atá a Niósa Críosd.

16 Is ó Sbioruid Dé ṫáinic an sgriobtúir uile, agus is tarḃaċ é ċum teaguisg, ċum spreagṫa, ċum ceartuiġṫe, ċum foirceaduil na fíréuntaċda:

17 Ionnus go mbíaḋ óglaċ Dé diongṁalta, agus ullṁuiġe go hiomlán ċum na huile ḋéaġoiḃre.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan