Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

2 Chum Timóteuis 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II Cúram, 6 foiġide 22 geanmnuiḋeaċd, 24 agus cceannsaċd na minisdreaḋ.

1 Uime sin, a ṁic, bíse láidir sa ngrás atá a Níosa Críosd.

2 Agus na neiṫe do ċuáluiḋ tú uáimse a láṫair ṁoráin dfíaġnuiḃ, táoḃ na neiṫe céudna ré dáoiniḃ dísle, noċ ḃías foirtill ar ḋáoiniḃ eile do ṫeagusg mar an gcéunda.

3 Uime sin fulaingse anṡóġ, mar ṡaiġdíur maiṫ Iósa Críosd.

4 Ní ċreapluiġear éinneaċ dá leanann an cogaḋ ré gnoṫuiġṫiḃ na beaṫasa; ionnus go ndéanaḋ toil an tí do ṫoḃ é na ṡaiġdiúr.

5 Agus fós má ní áoinneaċ sbáirn fo ṁaiġisdreaċdaiḃ, ní curṫar coróin air, muna ndearna sé sbáirn go dlisdionaċ.

6 As eígean do treaḃṫaċ sáoṫar do ḋéunaṁ suil do ġeiḃ sé na tórṫa.

7 Smuáin ar na neiṫiḃ a deirim; agus go dtuguiḋ ar Tíġearna tuigsi ḋuit sna huile neiṫiḃ.

8 Cuíṁniġ gur eiséirġe Iósa Críosd ó ṁarḃuiḃ, do ṡíol Daiḃi do réir mo ṡoisgéilse:

9 Ar son a ḃfuilim ag fúlang uilc, go géiḃeannuiḃ, mar ḟear droċgníoṁa; giḋeaḋ ní ḃfuil bríaṫar Dé ceanguilte.

10 Uime sin iomċruim na huile neiṫer ar son na druinge atá ar na dtoġa, ċuni an tslánaiġṫe atá a Niósa Críosd do ġnóḋuġaḋ ḋóiḃsion mar an gcéudna maille ré glóir sbíorruiḋe.

11 As ráḋ fírinneaċ so: Oír más bás dúinn ná ḟoċair, búḋ marṫuinn dúinn mar an gcéudna na ḟoċair:

12 Má nimíd fúlang bíam a rioġaċd mar an gcéudna maille ris: dá séunam é, séunfa seision sinne mar an gceudna:

13 Má náċ ccreidmídne fanaiḋ seision díleas: ní féidir leis é féin do ṡéuna.

14 Cuir na neiṫesi a gcuiṁne ḋóiḃ agus aiṫin díoḃ a ḃfíaḋnuisi an Tíġearna gan ḃeiṫ ag cíapáil a dtimċioll focal gan tairḃe air biṫ, aċd búaiḋreaḋ don druing éisdeas.

15 Déun díṫċioll ar ṫú féin do ṫáisbéunaḋ ionṁolta do Ḋía, a tfior oibre náċ rig a leas aḋnaire do ḃeiṫ aire, ag gearraḋ ḃreiṫre na fírinne go cóṁṫrom.

16 Toirmisg ciapáil ḃríaṫar neaṁḋíaġa gan éifeaċd: óir tiucfuiḋ ar a naġuiḋ ċum tuilliḋ neiṁḋiaġaċda.

17 Agus biáiḋ a mbríaṫar ag cnáoi mar ċancar: agár díoḃ Himenéus agus Ṗilétus;

18 Noċ a dtáoḃ na fírinne do ċuáiḋ ar seaċrán ón gcóṁarṫa, ag ráḋ go ndeaċuiḋ a neiséirġe ṫoruinn ċeana; agus sgriosas creideaṁ ḋruinge áiriġe.

19 Giḋeaḋ fanuiḋ fonndameint ḋaingean Dé ar bun, aga ḃfuil an séulasa, eaḋon Go ḃfuil fios a ṁuinntire féin ag an Dtíġearna. Agus, Gaċ áon ġoireas ar ainm Ċríosd seaċnaḋ sé a néugcóir.

20 Gíḋeaḋ a dtíġ mór bíd, ní hé aṁáin soiṫiġe óir agus airgid, aċd fós soiṫiġe croinn agus críaḋ; cuid díoḃ ċum onóra, agus cuid eile ċum neaṁonóra.

21 Uime sin dá nglana neaċ ar biṫ é féin úaṫa so, biáiḋ sé na ṡoiṫeaċ ċum onóra, ar na ḋéunaṁ náoṁṫam oireaṁnaċ don Tíġearna, ullaṁ ċum gaċ uile ḋeaġoibre.

22 Seaċuin mar an gcéudna ainmíana na hóige: agus lean dfíréuntaċd, do ċreideaṁ, do ġráḋ, do ṡíoṫċáin, maille ris an druing ġoireas air an Dtíġearna ó ċroiḋe ġlan.

23 Agus seaċain ceasda éigcéilliḋe neaṁḟoġlomṫa, ar mbeiṫ a ḟeasa agad go mbrósduiġid síad ceannaruic.

24 Oír ní coir do ṡearḃfoġantuiḋe an Tíġearna ḃeiṫ ceannarraiceaċ; aċd ḃeiṫ ceannsa ris na huile ḋáoiniḃ, réiḋ ċum teaguisg, ag iomċar ré droċḋáoniḃ,

25 Ag teagusg na druinge ḃíos conntrarrḋa ḋá inntinn maille ré ceannsaċd; dféuċain an dtiuḃraḋ Día aiṫriġe ḋóiḃ uáir ar biṫ ċum na fírinne dadṁáil;

26 Agus teaċd ar a nais, ó ḋul an díaḃail, agá ḃfuilid gaḃṫa mar is áill leis féin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan