Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Peadar 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V An minisdir do ríġlaḋ an ṗobail le neart ḃreiṫre Dé, agus ni re foirrneirt láiṁe mar ṫíġearnoḋaiḃ sáoġalta.

1 Iarruim daṫċuinge ar na seanóiriḃ ḃur measg, ar mbeiṫ ḋaṁ féin fós um ṡeanóir, agus um ḟíaḋnuise ar na neiṫiḃ do ḟulaing Críosd, agus um ṗártuiġe a dtáoḃ na glóire atá ré haġuiḋ a ḟoillsiġe.

2 Beaṫuiġiḋ tréud Dé do fágḃaḋ táoḃ riḃ, ar mbeiṫ ḋá ċúram oruiḃ, ní tré éigean, aċd go toilteanaċ; ní ar son éudála neaṁġloine, aċd maille ré hinntinn ullaiṁ;

3 Ní mar do ḃíaḋ siḃ ḃur Dtíġearnaiḋiḃ ós cionn eagluise Dé aċd mar ḋruing atá na neisiompláire don tréud.

4 Agus an tan ḟoillséoċar an Tárdáoḋaire, do ġeuḃa siḃ coróin ṁarṫannaċ ġlóire.

5 Mar an gcéudna, a ḋaóine óga, tuguiḋ úṁlaḋ do na sinnsearuiḃ. Agus bíġiḋ uile úṁal dá ċéile, déunuiḋ siḃ féin deaġṁaiseaċ don táoḃ a stiġ ó úṁlaċd inntinne: óir cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ agus do ḃeir grása do núṁal.

6 Uime sin úṁluiġe siḃ féin faói laiṁ ċúṁaċduiġ Dé, ċum ḃur nárduiġe ḋó a nam iomċuḃaiḋ:

7 Téilgiḋ ḃur nuile ċúram airsion; óir is cúramaċ é ḃur dtimċioll.

8 Bíġiḋ measarrġa, déunuiḋ faire; óir atá ḃur naṁuid an díaḃal, mar leoṁan ḃéicfeaċ, ag gaḃáil fá gcuáirt dá ḟéuċain cía ṡluiġfeaḋ sé:

9 Cuiriḋse na aguiḋ ar mbeiṫ ḋíḃ láidir a gcreideaṁ, ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ go gcoiṁlíontar na buáiḋearṫa céudna sa gcuid eile dá ḃur ndearḃraiṫriḃ atá sa tsáoġal.

10 Agus Día na nuile ġrás, noċ do ġoir sinn ċum a ġlóire síorruiḋe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáiḋearṫa dfulang ḋíḃ, go ndéuna sé féin siḃ íomlán, go neartuiġe, go láidriġe, agus go ndaingniġe sé siḃ.

11 Glóir agus cúṁaċd ḋósan go sáoġal na sáoġal. Amén.

12 Ré Silḃánus, dearḃráṫair díleas, do réir ḃaraṁla, do sgríoḃ mé go haiṫġearr ċuguiḃ, ag teagusg, agus ag déunaṁ fíaḋnuise gur ab é so fíorġrás Dé ann a ḃfuil sib hag seasaṁ.

13 Cuiriḋ a neagluis atá sa Mbaibilóin do toġaḋ má ráon riḃ, agus mo ṁac Marcus; beaṫa agus sláinte ċuguiḃ.

14 Teannuiḋ siḃ féin ré ċéile maille ré póig ċarṫannaċda. Síóṫċáin maille riḃ uile an ṁéid aguiḃ atá a Níosa Críosd. Amén.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan