1 Peadar 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IV Gur brosduġaḋ do deaġ gnioṁ, fulang Ċríosd air ar son, 7 agus críoċ an doṁain ḃeiṫ ag drud rinn. 1 Uime sin ó dfulaing Críosd air ar soinne sa gcoluinn, cuiriḋse an smuáineaḋ céudna na arm iomuiḃ: eaḋon an tí dfulaing sa gcoluinn gur sguir sé ó ṗeacaḋ; 2 Ionnus náċ ccaiṫfeaḋ sé feasda fuiġeall na haimsire atá aige sa gcoluinn réir aiṁían na ndaóineaḋ, aċd réir ṫola Dé. 3 Oír is lór ḋúinn an ṁéid do ċuáiḋ ṫoruinn dár mbeaṫa do ċaiṫeaṁ réir ṫola na Gcineaḋaċ, ar mbeiṫ ḋúinn ag siúḃal a macnas, a nainṁíanuiḃ, a meisge, a gcráos, a bpótaireaċd agus a níoḋalaḋraḋ aindliġṫeaċ: 4 An ní ann a ḃfaiġuid iongnaḋ gan siḃse ríoṫ ríu sa neiṁṁeasarrġaċd ċéudna, ag laḃairt go masluiġeaċ oruiḃ: 5 An dream ḃéuras conntas uáṫa don tí atá ullaṁ ċum breiṫeaṁnuis do ḋéunaṁ air ḃéóḋuiḃ agus air ṁarḃuiḃ. 6 Oír as ċuige so do seanmóruiġeaḋ an soisgéul do na marḃuiḃ mar an gcéudna, ċum breiṫeaṁnuis do ḋéunaṁ orrṫa réir ḋaóineaḋ sa gcoluinn, agus ċum mairṫana ḋóiḃ réir Dé sa spioruid. 7 Agus atá críoċ na nuile neiṫeann ag druid rinn: uime sin bíġiḋ measarrġa, agus déunuiġ faire a nurnuiġiḃ. 8 Agus roiṁ na huile neiṫiḃ bíoḋ gráḋ ro ḋioġraiseaċ aguiḃ ḋá ċéile: óir cuirfiḋ an gráḋ folaċ ar iomad peacaḋ. 9 Tuguiḋ aóiḋeaċd dá ċéile gan monṁar. 10 Ag déunaṁ miniosdralaċ dá ċéile, gaċ áon réir tioḋlaice fuáir sé, mar ḟeaḋmanntaċa maiṫe ġrás eugsaṁui; Dé. 11 Má laḃrann éanneaċ, láḃraḋ mar ḃríáṫra Dé; má ní éainneaċ miniosdrálaċd, déunaḋ í réir na hacfuinne ḃeir Día úaḋ: ionnus go ḃfuiġe Díá glóir sna huile neiṫiḃ tré Iósa Críosd; agá ḃfuil glóir agus cuṁaċda go sáoġal na sáoġal. Amén. 12 A ċaired, ná bíoḋ iongnaḋ aguiḃ sa dteasduġaḋ tinntiġe do niṫear oruiḃ ċum ḃur ndearḃṫa, aṁnil do ṫeigéuṁaḋ ní éigin coiṁṫiġeaċ ḋiḃ: 13 Aċd go maḋ haóiḃinn liḃ, siḃ féin fo ḃeiṫ pártaċ ré buáiḋearṫuiḃ Ċríosd; ionnus, go mbiáiḋ gáirdeaċas agus meanma ṁór oruiḃ mar an gcéudna, an tan ḟoillséoċar a ġlóirsion. 14 Má ṁasluiġṫear siḃ ar son anma Ċríosd, atáṫaói beannaiġe; óir do ní Sbiorad na glóire agus Dé coṁnuiġe orúiḃ: noċ do ġeiḃ masla ḋá dtáoḃsan, agus glóir dá ḃur dtáoḃsa. 15 Aċd ċeana ná fuilngeaḋ éunduine aguiḃ mar ḟear dúnṁarḃṫa, nó mar ḃíṫeaṁnaċ, nó mar fear mí ġníoṁ, nó mar neaċ ṡaiṫeas é féin a neiṫiḃ naċ beanann ris. 16 Aċd má ḟuilngeann sé mar ċríosduiġe, ná gaḃaḋ náire é; aċd tugaḋ glóir do Ḋíá ḋá ṫáoḃ. 17 Oír ṫáinic aimsir an ḃreiṫeaṁnuis do tosuġaḋ ó ṫiġ Dé: agus más uáinne ṫosuiġṫear é, créd ḃus críoċ don druing atá easúṁal do ṡoisgéul Dé? 18 Agus más air éigin ṡáorṫar an firéun, ca háit a dtaisbéunfa an duine neiṁḋíaġa agus an peacaċ é féin? 19 Uime sin an dream ḟuilngeas réir ṫola Dé táoḃaidís a nanmanna ris mar Ċrúṫaiġṫeóir díleas, a ndéunaṁ na maiṫeasa. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society