Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Peadar 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III Uṁlaċd na mban da ḃfearaiḃ. 7 Agus iomċar íulṁar na ḃfear da mnáiḃ.

1 Bioḋ na mná, mar an gcéudna, úṁarl dá ḃfearuiḃ fein; ionnas, go ḃféudfuiḋe an dream naċ dtaḃair úṁlaċd don ḃréiṫir, do ṫarruing a ḃféugṁuis na bréiṫre tré ċoinḃearsáid na mban;

2 An tan ċífid síad ḃur gcoinḃearsáid ġeanmnuiḋ maille re faitċeas.

3 Nar go foiriomlaċ ḃías a maise a ngruáig ċasda, ná a gcur óir na dtimċioll, ná a gcur ċulúiġeaċ orrṫa;

4 Aċd go maḋ hé a maise duine foluiġeaċ an ċróiḋe, a neaṁṫruáilleaḋ, spioruide ceannsa ciúin, noċ is morluáiċ a ḃfíaḋnuise Dé.

5 Oír is mar so nióḋ a nallód na mná náoṁṫa, do ċuireaḋ a muniġin a Ndia, íad féin do ḋeaġṁaisiuġaḋ, ar mbeiṫ ḋóiḃ úṁal dá ḃfearuiḃ:

6 Aṁuil tug Sára úṁlaċd Dáḃraham, ag gairm Tíġearna ḋe: dárab inġeana siḃse, an feaḋ do ní siḃ maiṫ, agus naċ ccrioṫnuiġṫear siḃ ré faitċios ar biṫ.

7 A ḟíora, mar an gcéudna, déunuiḋ cóṁnuiġe a ḃfoċair ḃur mban mar is cuḃaiḋ do ḋaóiniḃ iúlṁara, ag taḃairt onóra don ṁnaói, aṁuil don tsoiṫeaċ as laige, aṁail fós atá siḃ ḃar gcóṁóiġriḃ ġrás na beaṫa; deagla ṫoirmisg do ċur ar ḃur nurnuiġiḃ.

8 Fá ḋeóiġ, bíġiḋ uile déininntinn, ag coṁḟulang ré ċéile, bíoḋ gráḋ bráṫarġa eadruiḃ, bíġiḋ trócaireaċ, sóċaidriḋ:

9 Ná déunuiġ olc a naġuiḋ uilc, ná anċaint a naġuiḋ anċainte: aċd go contrárġa ḋó sin, tuguiḋ ḃur mbeannaċd; ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ gur ċuige so do goireaḋ siḃ, ionnas go ḃfuiġeaḋ siḃ féin beannaċd mar oiġreaċd.

10 Oír giḋ bé agá ḃfuil dúil ann a ḃeaṫa, agus ré ar mían laéṫe maiṫe dfaicsin, congṁaḋ sé a ṫeanguiḋ na toċd ó olc, agus a ḃéul ó ṁeaḃáil a laḃairt:

11 Seaċnaḋ an tolc, agus déunaḋ an ṁaiṫ; iárraḋ an tsíoṫċáin, agus leanaḋ ḋi.

12 Oír atáid súile an Tíġearna ar na fíreunuiḃ, agus a ċlúasa osguilte ḋa nurnuiġe: aċd atá gnúis an Tíġearna a naġuiḋ na druinge do ní na huile.

13 Agus cía ḋéunas olc oruiḃ, má leanann siḃ don ṁaiṫ?

14 Giḋeaḋ fós má ḟuilngṫiḋ ar son na firéuntaċda, atá siḃ beannuiġe: agus ná bíoḋ eagla mar a neaglasan oruiḃ, agus ná bíġiḋ buáiḋearṫa;

15 Aċd náoṁuíġ an Tíġearna Día ann ḃur gcróiḋṫiḃ: Agus bíġiḋ ullaṁ do ġnáṫ lé freagra ṫaḃairt uáiḃ do gaċ aóinneaċ ṡireas oruiḃ réusun na muiniġne atá aguiḃ maille ré ceannsaċd agus ré faitċeas:

16 Ar mbeiṫ do ċoinnsías maiṫ aguiḃ: ionnas, an tan laḃruiḋ go holc oruiḃ, mar luċd míġníoṁ, go mbíaḋ náire orrṫa ag faġáil loċda ar ḃur ndeaġċoinḃearsáid a Gcríosd.

17 Oír is fear ḋíḃ, mas aṁluiḋ as toil lé Día é, fulang ag déunaṁ maiṫeasa, ná ag déunaṁ uile.

18 Oír do ḟulaing Críosd fós éunuáir aṁáin ar son na bpeacaḋ, an firéun ar son na neiṁḟiréun, ionnus go dtiuḃraḋ sinne ċum Dé, do ḃásuiġeaḋ é a dtáoḃ na colla, aċd do béoḋaiġeaḋ é ris an Spioruid:

19 Tré a ndeaċuiġ sé fós do ṡeanmóir do na spioraduiḃ a bpríosún;

20 Noċ do ḃí easúmal a nallód, an tan do ḟan foiġid ḟada Dé a láeṫiḃ Náoi, an feaḋ do ḃí a náire ḋá hullṁúġaḋ, ionnar cáoṁnaḋ beagán, eaḋon, oċd bpearsanna tré uisge.

21 A ní fós ré dtig an baisdeaḋ ré sáoṫar sinne a nois ag freagra na heísiomplara sin (ní hé cur uáinn ṡalċair na colla, aċd fiarfuiḋe ḋeaġċoinsiáis a dtáoḃ Dé,) tré eiséirġe Iósa Criosd.

22 Noċ atá ar deis Dé, tar éis dul ar neaṁ; dá ḃfuilid na haingil agus na cúṁaċda agus na suḃáilciḋe fá úṁlaċd ḋó

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan