Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Peadar 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II A naitreaḃ do ṫógḃail ar Iósa, an ṗríoṁ ċloċ uilinn.

1 Uime sin ar gcur na huile aingiḋeaċda, agus meaḃla, agus ḟalláis, agus ṫnúṫa, agus an uile iṫiomráiḋ uáiḃ,

2 Mar naóiḋeanuiḃ núaiḋḃearṫa, bíoḋ fonn aguiḃ a mbainne ḟíorġlan na bréiṫre, ċum ḃeiṫ ḋíḃ ag fás ris:

3 Má ḃlaiseaḃair créd é míllse an Tíġearna.

4 An tí ċum a ḃfuil siḃ ar dteaċd, noċ is cloċ béo, do ḋíultaḋ go deiḃin ó ḋaóiniḃ, aċd atá toġṫa mórluáiḋ, ag Día,

5 Agus bíġiḋse mar ḃéoċloċaiḃ, tógṫa súas ḃur dtiġ spioradálta, ḃur sagartaċd náoṁṫa, ċum íoḋbarṫaḋ spioradálta dforáil, ar a mbiáiḋ gean ag Día tré Iósa Críosd.

6 Uime sin atá sgríoḃṫa sa sgriobtuir, Féuċ, cuirim a Síon prioṁċloċ an ċuáinne, toġṫa, mórluáiḋ: agus an tí ċreideas innte ní ḃfuiġe sé náire.

7 Ar a naḋḃarsin atá sí na honóir ḋíḃse agá ḃfuil creideaṁ: aċd don druing atá easúṁal, don ċloiċ úd do ḋíultadar na saóir, do rinneaḋ cloċ ċin an ċuáinne,

8 Agus cloċ oilḃéime, agus carruic ṫuisliḋ, don druing ḃíos casúṁal, do ġeiḃ oilḃéim fán mbréiṫir: ċum ar hórduiġeaḋ fós íad.

9 Aċd is cinéul toġṫa siḃse, sagartaċd ríoġa, cineaḋ náoṁṫa, pubal ar leiṫ; ionnus go ḃfoillséoċaḋ siḃ suḃáilciḋe an tí do ġoir siḃ as dorċadus ċum a ṡolais iongantuiġ féín.

10 Noċ a nallód naċ raiḃ ḃur bpobal, aċd a nois as pobal do Ḋía siḃ: a ḋream naċ ḃfuáir trócaire, atá siḃ a nois ar ḃfaġáil trócaire.

11 A ċaired gráḋaċ, íarruim daṫċuinge oruiḃ mar ḋéoruiḋiḃ agus oilirṫiḃ, siḃ féin do ṡeaċna ar ainṁíanuiḃ na colla, noċ ḃíos ag cáṫuġaḋ a naġuiḋ a nanma.

12 Bíoḋ deaġċoinḃearsáid aguiḃ a measg na Gcineaḋaċ: ionnas a náit a niṫiomráiḋ do níd oruiḃ mar luċd miġníoṁ, go maḋ héidir ríu as ma déaġoibriḃ, do ċífid síad, glóir do ṫaḃairt do Ḋía sa lá na ḃfeuċfuiḋ orrṫa.

13 Uime sin bíġiḋ úṁal dá gaċ uile ordaiġṫe ḋaóna, ar son an Tíġearna: ní hé aṁáin don rí, mar an tí agá ḃfuil áirdċeannas;

14 Aċd do na húaċdaránuiḃ mar an gcéudna, mar an luċd curṫa úaḋ ċum díoġaltuis ar luċd na míġníoṁ, agus ċum molta luċd na ndeiġġníoṁ.

15 Oír is mar sin ag déunaṁ maiṫeasa ḋíḃ, as toil lé Día srían do ċur ré hainḃfios na ndaóineaḋ éigcéilliḋe:

16 Mar ḋaóine sáora, agus ní mar an druing agá ḃfuil an tsaóirse na brat foluiḋṫe a nuilc, aċd mar ṡearḃḟoġantuiġiḋ Dé.

17 Tuguiḋ onóir do na huile ḋaóiniḃ. Gráḋuiġe na dearḃráiṫre. Bíoḋ eagla Dé oruiḃ. Tuguiḋ onóir don rí.

18 A ṡearḃḟoġantuiġiḋ, bíġiḋ úṁal dá ḃur máiġisdriḃ maille ris a nuile ḟaitċeas; ní hé aṁáin do na máiġisdriḃ maiṫe déaġċróiḋeaċa, aċd fós do na droċ ṁáiġisdriḃ.

19 Oír is ní so is fíu buiḋeaċas, dá niomċruiḋ neaċ doilġeas ar son coinnsiáis ċum Dé, ag fulang na héugcóra.

20 Oír créd é mar áḋḃar molta, dá niomċra siḃ go fóiġideaċ, gaḃáil do ḋórnuiḃ oruiḃ ar ndéunaṁ peacuiġ ḋíḃ? aċd, dá ḃfuilnge siḃ go foiġideaċ, agus sib hag déunaṁ maiṫeasa, as ní sin dá ḃfuil Día buiḋeaċ.

21 Oír is ċuige so fós do goireaḋ siḃ: óir do ḟúluing Críosd mar an gcéudna air ar soinne, ag fáḃáil sómpla aguinn, ionnus go leanfaḋ siḃ a lorg:

22 An tin aċ dearnuiḋ peacaḋ, agus ag naċ fríṫ meaḃail na ḃéul:

23 An tí, naċ dearnuiḋ anċaint, a naġuiḋ na hanċainte do rinneaḋ air; naċ dearnuiḋ bagair, ag fulang ḋo; aċd tug é féin a láiṁ an tí do ní breiṫeaṁnus go ceart:

24 An tí diomċair ar bpeacuiġne ann a ċorp féin air an gcrann, ionnus air mbeiṫ ḋúinne marḃ do na peacuiġiḃ, go mairfemís do nfíréuntaċd: an tí agár leiġeasaḋ siḃse ré na ċréuċduiḃ.

25 Oír do ḃáḃair mar ċáorċuiḃ seaċráin; aċd a nois do filleaḋ siḃ go Háoḋaire agus go Heasbóg ḃur nanmann.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan