Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Peadar 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I Naċ núaṫeagasc, aċd sean tairrġire, slainte tré Ċriosd. 13 Uime sin, naċ fulair ar naṫċuma do reir ḃeaṫa Iosa, neaċ do ġoir sinn.

1 Peadar, absdal Iósa Críosd, ċum na gcoigcríoċ atá sgarṫa ó ċéile ar feaḋ Ṗontus, Ġalátia, Ċappadócia, na Hásia, agus na Bitínia,

2 Ar na dtóġa do réir réiṁḟios Dé Aṫar, ċum náoṁṫaċda na Sbioruide, tré úṁlaċd agus croṫaḋ fola Iósa Críosd: Grása, agus síoṫċáin, go ró líonṁar maille riḃ.

3 Glóir agus molaḋ do Ḋía, eaḋon Daṫair ar Dtíġearna Iósa Críosd, noċ do aiṫġin sinn do réir a ṁórṫrócaire ċum béoṁuiniġne tré eiséirġe Iósa Críosd ó ṁarḃuiḃ.

4 Ċum oiġreaċda neaṁṫruailliġ, gan ċáiḋe, naċ dtéid a seirge, ċoiṁéudtar ar neaṁ fá ḃur gcoṁairse.

5 Ċúṁduiġṫear ré neart Dé tré ċreideaṁ ċum slánuiġe atá ullaṁ ré a ḟoillsiuġaḋ sa naimsir ḋeiġeanuiḋ.

6 An ní ann a ḃfuil siḃse ag déunaṁ gáirdeaċais, bíoḋ go ḃfuil siḃ a nois ré sealad, má atá na riaċdanus, fá ṫuirse a gcaṫuiġṫiḃ éugsaṁla:

7 Ionnus go ḃfuiġṫiġ dearḃaḋ ḃur gcreidiṁ, is rouáisle na ór ṫéid air neiṁní, bíoḋ go ndearḃṫar é lé teine, na ṁolaḋ agus na onóir agus na ġlóir an tan ḟoillseóċas Iósa Críosd é féin:

8 An tí ḋá dtuġaḃair gráḋ, bíoḋ naċ ḃfacaḃair é; ann a ḃfuil siḃ a nois ag creideaṁ, gé naċ léir ḋiḃ é, agus as a ndéuntaói gairdeaċas ré lúaṫġáire ḋóḟaisnéis ġlórṁar:

9 Ag glacaḋ ċríċe ḃur gcreidiṁ, sláinte na nanmann.

10 An slánuġaḋ ar a ndearnadar na fáiḋe lórgaireaċd agus cúartuġaḋ, noċ do rinne fáiḋeadóireaċd ar an ngrás do ṫiucfaḋ ċuguiḃse:

11 Ag cúartuġaḋ, créd í a nuáir nó a náimsir do ḟoillséoċaḋ Spiorad Ċríosd noċ do ḃí ionntaḋ, ag déunaṁ réiṁfíaḋnuise air na neiṫiḃ do ḃí a ndán do Ċriósd ḟulang, agus an ġlóir róṁor do leanfaḋ ḋíoḃ.

12 Dár foillsiġeaḋ, naċ dóiḃ féin aċd dúinne do ḋéunaidís miniosdrálaċd na neiṫeann, atá a nois ar na ḃfoillsiuġaḋ ḋíḃse leis an druing lér seanmóruiġeaḋ an soisgéul díḃ trés an Spiorad náoṁ do cuireaḋ ó neaṁ a núas; na neiṫe is mían ris na haingliḃ ḟaicsin.

13 Uime sin ar gcreasruġaḋ leasruiġ ḃur ninntinne ḋiḃ, maille ré measarrġaċd, bíoḋ dóċas diongṁálta aguiḃ as an ngrás atá ar na ṫaḃairt ċuguiḃ a dtaisbéunaḋ Iósa Críosd;

14 Mar ċloinn na húṁlaċda, gan ḃeiṫ ḋíḃ dá ḃur naṫċuma féin ris na hainmíanuiḃ do ġnáṫuiġ siḃ roiṁe ann ḃur nainḃfios:

15 Aċd do réir mar atá an tí do ġoir siḃ náoṁṫa, bíġiḋse mar an gcéudna náoṁṫa sa nuile ċoinḃearsáid;

16 Do ḃriġ go ḃfuil sgríoḃṫa, Biġiḋse náoṁṫa; óir atáimse náoṁṫa.

17 Agus dá ngoiriḋ siḃ Aṫair don tí do ní breiṫeaṁnus do réir gníoṁa gaċ aóin gan féuċain do ṗearsuinn seaċ a ċéile, caiṫiḋ aimsir ḃur noilirṫe maille ré faitċeas:

18 Ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ naċ lé neiṫiḃ truáilliġe, ré hairgead ná hór do fúasglaḋ síḃ ó ḃur gcoinḃearsaid ḋíoṁaóin dár leanaḃair do réir luirg na sinnsear;

19 Aċd ré fuil ṁórluáiḋ Ċríosd, aṁuil uáin gan ċáiḋe gan loċd:

20 Noċ do hórduiġeaḋ roiṁ ċrúṫuġaḋ an doṁain, aċd do foillsiġeaḋ sna haimsearuiḃ deiġeanaċa ar ḃur sonsa,

21 Noċ ṫrídsean ċreideas a Ndía, do ṫóg súas é ó ṁarḃuiḃ, agus tug gloir ḋó; ionnus go mbeiṫ ḃur gcreideaṁ agus ḃur muiniġin a Ndía.

22 O rinneaḃair ḃur nanmanna glan a núṁlaċd na fírinne trés an Spiorad ċum gráḋa bráiṫreaṁuil gan ḟallás, bíoḋ gráḋ díoġraiseaċ aguiḃ ḋá ċéile ó ċróiḋe ġlan:

23 Ar mbeiṫ ḋiḃ ar ḃur naiṫġinéaṁuin, ó ṡíol naċ truáilliġe, aċd neaṁṫruáilliġe, tré ḃreiṫir Dé, ṁaireas agus ċóṁnuiġeas go síorruiḋe.

24 Oír atá a nuile ḟeóil mar an ḃféur, agus a nuile ġlóir ḋáonna mar ḃláṫ a nféir. Searguiḋ a féur, agus tuitiġ a ḃláṫ ṡe:

25 Aċd fanuiġ bríaṫar an Tíġearna go síorruiḋe. Agus á sí so an ḃríaṫar do soisgéuluġaḋ ḋíḃse.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan